Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jan 1989

Vol. 386 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

7.

asked the Taoiseach if he has any proposals to expand the powers of Údarás na Gaeltachta.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála uaidh faoin ábhar seo ar 2 Márta 1988 (colúin 1418 agus 1419 de na Díospóireachtaí Parlaiminte don lá sin).

I mí Márta 1988 iarradh ar an Aire an raibh aon mholtaí os a chomhair ag an bpointe sin. Baineann an cheist seo leis na moltaí féin. An bhfuil moltaí á gcur ar aghaidh ag a Roinn féin chun buntéarmaí Acht do Údarás na Gaeltachta a leasú? Séard atá i gceist agam, mar shampla, má tá tú chun airgead ón Eoraip a chaitheamh agus mar sin de, taobh istigh de scéimeanna nua, bheadh gá le hathrú san Acht. Mar sin, an bhfuil moltaí ag an Roinn aon athrú a dhéanamh ar an bhun-Acht 1979? Baineann an cheist leis sin.

Tá deis ag an Údarás cumhachtaí breise a iarraidh ar an Rialtas am ar bith a dtograíonn siad an cead sin a iarraidh. I láthair na huaire níl sé i gceist go gcuirfí na cumhachtaí breise sin ar aghaidh.

I should like, in the other language, to say that I did not ask the Minister whether he had heard from Údarás na Gaeltachta on whether they are requesting a change in the Act. That is the question I put last March. My question asks very specifically, if the Minister of State, or the Taoiseach who has responsibility for the Department of the Gaeltacht, has proposals to change the 1979 Act to make it more effective for regional or sub-regional development, particularly in the context of Europe. That question is in print before the Minister. Does he have proposals?

Mar a dúirt mé sa bhfreagra, tá deis ag an Údarás cumhachtaí breise a iarraidh agus a fháil. Tá siadsan i mbun forbartha don Ghaeltacht, agus má theastaíonn uathu na cumhachtaí breise sin a fháil caithfidh siad cás a chur os comhair an Rialtais ag iarraidh céard iad na cumhachtaí breise a theastaíonn uathu. Níl aon chás mar sin curtha os comhair an Rialtais.

I will be brief in my final supplementary because I want to resolve this one point.

Táim ag dul ar aghaidh le ceist 8 ón Teachta McGinley.

This is an important point for me and for the House. The 1979 Act clearly makes it possible, as the Minister of State said, for Údarás na Gaeltachta to request extension or changes in powers. Is the Minister of State telling me that it is impossible under the 1979 Act for the Taoiseach, as Minister for the Gaeltacht, to bring forward his proposals to change the terms of that Act? Has he any such proposals, yes or no?

Tá cásanna ann ar tugadh cumhachtaí breise don Údarás ó tháinig siad i gcumhacht, agus bhain sé sin le deontais agus rudaí mar sin. Os rud é go mbaineann sé leis an Údarás féin, iadsan atá i mbun forbartha tionsclaíochta agus mar sin de sa Ghaeltacht, má iarrann siad na cumhachtaí breise agus má chuireann siad an cás os comhair an Rialtais, déanfar scrúdú air.

Top
Share