Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Mar 1989

Vol. 388 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Kerry Hotel Sale.

3.

asked the Taoiseach if he will make a statement regarding the proposed sale of an hotel (details supplied) in County Kerry.

4.

asked the Taoiseach if he will give an outline of the procedures adopted in the proposed sale of an hotel (details supplied) in County Kerry by Údarás na Gaeltachta; the number of persons who made offers for this hotel; and the reason the sale has not been completed.

Tógfaidh mé Ceisteanna 3 agus 4 le chéile.

Is le Sonas Teo, fochuideachnta faoi lánúinéireacht Údarás na Gaeltachta, Óstán Dún an Óir agus na tithe saoire atá ag gabháil leis.

Ag féachaint do staid airgeadais na cuideachta sin, chinn an tÚdarás ar 4 Samhain 1988 go lorgófaí tairiscintí go poiblí don mhaoin, i.e., an t-óstán féin agus na tithe saoire. Fuarthas 16 tairisc-intí ó 12 dreamanna ar leith. Socraíodh go dtabharfaí cuireadh do na daoine a chuir tairiscintí isteach agus a bhí sásta suim áirithe airgid ar a laghad a íoc (suim a luadh leo) in airgead tirim i leith an óstáin agus na tithe saoire mar aonad, bualadh le Bord an Údaráis chun na pleananna a bhí acu don mhaoin a léiriú.

Maidir leis na daoine a thiocfadh i láthair Bhord an Údaráis, cinneadh nach bpléifí a dtairiscintí ná praghas don mhaoin leo ach go ndéarfaí leo, sa chás gur theastaigh ó aon duine díobh tairiscint leasaithe a dhéanamh, go bhféadfadh sé é sin a dhéanamh tríd é a chur i gclúdach séalaithe faoi rún agus é a thabhairt d'oifigeach de chuid an Údaráis roimh chríoch chruinnithe an bhoird ar an lá sin.

Glacadh leis an tairiscint a b'airde a fuarthas agus cuireadh conradh díolacháin amach chuig an iarrthóir i gceist. Trí litir dar dáta 24 Feabhra 1989 óna dhlíodóir, tharraing sé siar gan aon chúis a lua.

Chinn an tÚdarás ansin go ndéanfaí teagmháil leis an ochtar dreamanna a raibh iarratas "beo" uathu fós féachaint an mbeadh siad sásta glacadh le coinníollacha an chonartha dhíolacháin a bhí réitithe agus tairiscint eile a dhéanamh. Cuireadh litir da réir chuig an ochtar ar 1 Márta agus ní mór freagra a chur ar fáil roimh 20 Márta.

Tá mé an-bhuíoch den Aire as ucht an eolais a thug sé don Teach. An bhféadfadh sé geallúint a thabhairt dom go mbeidh an t-óstán oscailte i mbliana? Is dócha go bhfuil a fhios ag an Aire gur leagodh síos timpeall 30 coinníollacha speisialta i leith an óstáin seo agus nach raibh an fear a bhí ag iarraidh é a cheannach in ann é sin a dhéanamh toisc na coinníollacha sin. Níor luaigh an tAire na coinníollacha sin in aon chor sa Teach.

Bhí súil againn go bhfeadfaí an conradh agus gach rud a bheith réitithe i gcaoi go mbeadh an t-óstán ar oscailt i gcaitheamh an tsamhraidh, mar tá sé tábhachtach ó thaobh saoire sa cheantar sin agus ó thaobh fostaíochta chomh maith go mbeadh sé ar oscailt. Ach ní gnáth díolachán atá anseo. Tá coinníollacha ar leith ag baint leis, is é sin le rá, go mbeadh Gaeilge ag na daoine a bheadh fostaithe, go mbeadh Gaeilge á labhairt san óstán agus mar sin de. Ar an gcaoi sin, ní gnáth díolachán é. Tá an tÚdarás agus muid féin ag iarraidh go ndéanfaí cinneadh nua agus go mbeadh an t-óstán ar oscailt i gcaitheamh an tsamhraidh, más féidir.

An bhfuil an tAire ábalta geallúint a thabhairt go mbeidh an t-óstán ar oscailt i mbliana?

Ní bheinn in ann geallúint cinnte a thabhairt ach bheimis ag súil leis sin. Tá na daoine seo ag bualadh leis an Údarás ar an 20ú lá den mhí seo agus beidh cinneadh á dhéanamh ansin faoin díolachán. Bheimis ag súil go mbeadh duine tofa a bheadh in ann dul i mbun gnó agus go bhféadfaí an t-óstán a oscailt i gcomhair an tséasúir seo.

An bhfuil cead pleanála ceart ag an óstán ón chomhairle chontae?

Tuigim go raibh deacrachtaí den chineál sin ann, agus caithfear gach rud mar sin a cheartú sul más féidir dul ar aghaidh leis an díolachán.

Ní bheidh aon duine in ann an t-óstán a cheannach go dtí go mbeidh an cead pleanála i gceart.

Ar aghaidh le ceisteanna eile. Before coming to the priority questions, there is an error on today's Order Paper. No distinction has been made between priority questions and ordinary questions. Priority questions to the Minister for the Marine are from Nos. 5 to 8, inclusive, and the ordinary oral questions commence at No. 9 and continue to No. 27.

Top
Share