Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 18 Apr 1989

Vol. 388 No. 8

Written Answers. - Deontas Deisiúcháin Tí.

46. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth go bhfuil moill ar íocaíocht deontas deisiúcháin tí £2,300 chuig duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.

Níl an deontas sin iníoctha fós toisc nach bhfuil sé cruthaithe don Roinn go bhfuil an teach i gceist ligthe ar cíos go lánaimseartha — coinníoll nach foláir a shásamh sular féidir deontas a íoc le hiarratasóir i gcás dara teach.

Top
Share