Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis an gCeann Comhairle agus leis an Leas-Cheann Comhairle as ucht an seans a thug siad dom cás Ghairmscoil Cholmcille ar an gCnoc, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a thógáil suas ar an Adjournment. Rinne mé ceithre nó cuig iarracht an t-ábhar seo a thógáil suas, agus is é an fáth ar lean mé leis ná an phráinn atá ag baint leis an scéal. Roimhe sin chuir mé trí cheist sa Dáil ar an Aire Oideachais faoi chás na scoile le dhá bhliain anuas, agus tá súil agam nach mbeidh sé ag teastáil ceist eile a chur síos taobh istigh den tseachtain seo chugainn.
De réir na bhfiosruithe is déanaí atá déanta agam ó fuair mé na céadta litreacha ó thuismitheoirí na bpáistí atá ag freastal ar Ghairmscoil Cholmcille in Indreabhán agus na múinteoirí den chéad scoth atá ag teagasc ann, is é an chaoi ina bhfuil an scéal faoi láthair ná go bhfuil olean beag don scoil réitithe ag ailtire na Roinne agus go nglactar leis go mba cheart tús áite a thabhairt do Ghairmscoil Cholmcille taobh istigh de na scéimeanna atá ullmhaithe do Chontae na Gaillimhe. Ní féidir leis an Roinn Oideachais a rá liom go soiléir an mbeidh airgead ceadaithe don scoil an bhliain seo nó an bhliain seo chugainn. Anois, tá a fhios ag an Roinn Oideachais cé chomh práinneach is atá sé go ndéanfaí an obair fheabhsúcháin, seomraí breise agus áiseanna breise a chur ar fáil, toisc go bhfuil tuarascáil faighte acu ó na cigirí a thug cuairt ar an scoil agus a aontaíonn leis na tuismitheoirí agus leis an mbord bainistíochta go bhfuil na feabhsúcháin ag teastáil go géar.
Is é an chaoi ina bhfuil cúrsaí faoi láthair ná go bhfuil sa scoil, scoil a tógadh i 1955 do chaoga a cúig dalta, 210 ndalta ar an rolla. Ag an am ar tógadh an scoil bhí cúig rang teagaisc bhuana bunaithe, is é sin, permanent classrooms. Faoi láthair tá cúrsaí go dona do na páistí agus do na múinteoirí, mar níl sa scoil ach trí leithreas chun freastal ar 100 cailín agus seachtar múinteoirí ban, agus trí leithreas chun freastal ar 100 buachaill agus ochtar múinteoirí fear. Baintear úsáid as an leithreas mar sheomra na gcótaí chomh maith, agus níl aon seomra gléasta do bhuachaillí ná do chailíní. As na seomraí ranga féin tá dhá cheann acu réamhdhéanta atá fós in úsaid, os cionn fiche bliain de aois. Cé gur caitheadh £4,000 ar dheisiúchán práinneach, mar go raibh baol ann go dtitfeadh siad as a chéile ar fad, tá dhá sheomra ar iasacht faoi leith ó Údarás na Gaeltachta, rud a ndearna mé tagairt dó dhá sheachtain ó shin sa Teach seo nuair a bhíomar ag plé cúrsaí Údarás na Gaeltachta. Níl na seomraí seo feiliúnach mar sheomraí ranga. Níl aerú sna seomraí is mó acu agus níl a dhóthain de sholas lae sna seomraí. Tá siad mífheiliúnach do theagasc nó do aon rud.
Thar aon rud eile tá contúirt mhór i gceist do na páistí. Caithfidh siad dul trasna phríomhbhóthar na Gaillimhe i gCois Fharraige seacht n-uaire nó níos mó in aghaidh an lae chun freastal ar ranganna taobh istigh de na seomraí sin. Tuigeann an tAire Stáit go rímhaith an stair atá ag baint leis an mbóthar céanna. Chaill páistí a mbeatha ar an mbóthar sin. Tá sin ar eolas. Tuigeann an tAire an chontúirt atá i gceist. Chun tagairt a dhéanamh do na háiseanna atá ar fáil sna seomraí praiticiúla, is é sin, ina múintear na hábhair phraiticúla, tá siad as dáta. Fiú amháin, tá mé ag déanamh tagartha go dtí seo do na háiseanna bunúsacha atá tuillte mar cheart ag tuismitheoirí agus muintir na Gaeltachta, na bunriachtanais, dáiríre, chun teagasc a dhéanamh.
Tá an suíomh ina bhfuil an scoil tógtha an-bheag. Tá géarghá le leathnú ar an spás le go mbeadh seans chun caitheamh aimsire a chur ar aghaidh do na daltaí. Is cosúil go bhfuil suim ar leith ag an Aire Stáit i gcaitheamh aimsire agus i spórt. Is é an méid atá ar fáil don 200 scoláirí seo ag freastal ar scoil dara leibhéal lánGhaelach sa Ghaeltacht ná cúirt chispheile amháin. Chomh maith leis sin níl aon halla spóirt acu nó níl aon seomra tionóil, rud atá ar fáil sa chuid is mó de na scoileanna ar an leibhéal céanna. Níl aon seomra bia ag na scoláirí, agus, mar a dúirt mé, tá an scoil féin tógtha ar acra amháin talún agus an foirgneamh ag tógáil suas 75 faoin gcéad den spás sin. Níl aon seomra ar fáil do na múinteoirí sa scoil, rud ar dhírigh an TUI aire an Aire Oideachais air le fada. Tá breis agus £100,000 á chaitheamh faoi láthair ar fhearaistí don fhoirgneamh nua, cé nach dtuigtear cathain a bheidh na foirgnimh nua ar fáil. Is ait an rud é go bhfuil an t-airgead seo ar fáil, toisc, ag an am céanna, nach bhfuil an scéim bhunúsach don scoil ar fáil.
Tá tábhacht ag baint leis an scoil seo thar an ngnáth. Mar a dúirt mé, is í an scoil seo an seans atá ag na múinteoirí agus ag na tuismitheoirí, go háirithe muintir na háite, muintir áite inar tógadh agus inar mhair daoine mar Mháirtín Ó Cadhain, a bpáistí a chur go dtí scoil lán-Ghaelach. Má ligtear don scoil seo na háiseanna a ligean síos beidh brú ar na tuismitheoirí a bpáistí a aistriú go scoil dara leibhéal eile. B'fhéidir an scoil, mar shampla, sa Spidéal. Ní bheidh éinne cinnte go mbeidh oideachas trí Ghaeilge ar fáil mar atá sé ar fáil faoi láthair i Scoil Cholmcille ar an gCnoc in Indreabhán.
Níl mise ach ag déanamh achainí amháin ar an Aire Stáit, agus is é sin, tá mé ag iarraidh air a rá leis na tuismitheoirí seo agus leis na múinteoirí go ligfear don scoil dul ar aghaidh go dtí an staid inar féidir na doiciméidhí ar fad atá críochnaithe anois dul go dtí an conraitheoir. Is é sin, an scoil a ligean don "contract stage", agus b'fhéidir dáta a thabhairt ar cathain a bheidh na foirgnimh nua ar fáil don bhliain seo nó an bhliain seo chugainn.
Tá sé de nós ag Airí agus Airí Stáit, ar ndóigh, rud mar seo a rá: "Ó, bhí seans ag an Rialtas a bhí ann rud éigin a dhéanamh. Tá muidne ag déanamh i bhfad níos mó," agus mar sin de. Bíonn argóint i gcónaí idir an Aire Stáit agus mé féin faoi chúrsaí mar sin. Ag an bpointe seo ba mhaith liom rud amháin a dhéanamh ríshoiléir, agus is é seo: bhí cruinniú poiblí i gColáiste Lurgan in Indreabhán. Bhí mé féin ann ag éisteacht leis na tuismitheoirí. Is éard atá ag teastáil uathu ná a mbunchearta i gcúrsaí oideachais. Tá siad dílis don teanga. Tá siad dílis don áit. Tá siad dílis don dúchas atá ag baint leis an áit. Teastaíonn uathu go mbeadh na cearta céanna ar fáil acusan is atá ar fáil in aon chuid eile den tír, agus mura ndéantar rud fiúntach beidh an scoil seo agus an córas oideachais faoin gcúrsa gairmscolaíochta i mbaol. An rud atá ag teastáil anois ná dóchas a thabhairt do na tuismitheoirí agus freagra a thabhairt do na ceisteanna atá fágtha.
I emphasise that this school built for 55 pupils, and that now has an enrolment of 210 pupils, has facilities of a very basic kind that cannot be accepted as tolerable for pupils or teachers. When the students cross the road to the two leased factory buildings, putting their lives in danger several times a day, it is a reminder to us all that if even one child is injured or killed — something I hope will never happen — we would ask ourselves why it was necessary for them to do so. I would like, in resolving the issue of the new building, to know if a definite date can be given for its completion. Will it be this year or next year? When will all stages be completed? The situation is very bad.
I ask the Minister of State when he will allow this project to get to the stage where the contract documents can be sent to contract.
Tá cúpla rudaí atá tábachtach le lua, b'fhéidir, agus is é seo, ag an cruinniú poiblí bhí daoine ag iarraidh an bhféadfaí airgead a fháil Ó Chomhphobal na hEorpa nó ó fhoinsí airgid eile ar nós an chrannchuir náisiúnta, an crannchur bocht atá mar bhunús do gach caiteachas na laethanta seo. Níl aon chiall ag baint le seift den sórt seo. Tuigim go maith gur imigh sa tuismitheoirí go clinic an Aire Stáit agus gur léirigh siad an chaoi in a bhfuil cúrsaí faoi láthair. Iarraim air a bheith báúil le cás Gairmscoil Cholmcille.
Is iontach an rud é — nuair atá mé ag féachaint anois tá siad os mo chomhair — na litreacha a fuair mé ón Spidéal, ó Indreabhán, Baile an Domhnalláin, An Cloch Mhór, Ros a'Mhíl, Bearna agus go leor áiteacha eile. Léiríonn na litreacha sin agus na seolta atá ag baint leo na paróistí atá i gceist. Tá na tuismitheoirí taobh istigh de na paróistí sin ag déanamh iarracht leanúint ar aghaidh le scolaíocht a chur ar fháil trí mheán na Gaeilge dá bpáistí.
Murar féidir leis an Aire Stáit freagra a thabhairt do na tuismitheoirí sin beidh sé deacair glacadh leis go bhfuil éinne i ndáirire faoin Ghaeilge nó faoi na Gaeltachtaí féin. Tá deacrachtaí uafásacha ann ach glacann gach duine atá i ndáiríre faoi athbheochan na Gaeilge nó faoi slánú na Gaeilge nó an Ghaeltacht go gcaithfear a dhéanamh slán an rud atá tábhachtach, na bunpharóistí ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga. Sin an fáth. Ní pointe polaitíochta atá i gceist agam, beag nó mór. An rud atá ag teastáil anois ná go seasfadh an tAire suas agus go ndéarfadh sé liomsa, "Tá mo aigne déanta suas agam, táim chun ligean don scoil dul ar aghaidh". Mar a luaigh mé tá an plean feabhsúcháin réitithe agus glachta leis istigh sa Roinn féin. Glactar leis go bhfuil an clár ann.
An t-aon rud atá ag teastáil anois ná focal simplí ón Aire Stáit is an Roinn, go bhfuil sé ar intinn aige an scoil agus na scéimeanna is na pleananna a ligean ar aghaidh go dtí an chéim inar féidir le conraitheoir tosú ar an obair. Tá súil agam go ndéanfaidh sé sin, agus má deir sé sin beidh a lán daoine buíoch de, mé féin san áireamh. Tá an cás déanta agam, cás simplí, cás práinneach, agus sin an fáth go ndearna mé an méid iarrachtaí agus a rinne mé é trí Cheisteanna Dála a thógáil suas agus go bhfuil mé buíoch gur lig an Ceann Comhairle agus an Leas-Cheann Comhairle seans dom é a thógáil suas an tráthnóna seo ar an Adjournment.