Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Oct 1989

Vol. 392 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt Ché ar Oileán Thoraí.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén dul chun cinn atá déanta maidir le cé a fhorbairt ar Oileán Thoraí.

Faoi mar is eol don Teachta, tá moltaí éagsúla déanta maidir leis an mbealach is fearr chun freastal ar riachtanais an oileáin. Comhairlítear dom nach miste, sular féidir aon dul chun cinn a dhéanamh, suirbhéanna áirithe a chur i gcrích agus na torthaí a mheas tar éis samhail a dhéanamh ag úsáid an eolais a thagann chun solais ó na suirbhéanna.

Tá ceist na suirbhéanna a bheadh ag teastáil agus an costas a bhainfeadh leo agus leis an taighde shamhla á meas faoi láthair.

Is dócha gur cuimhin leis an Aire Stáit é féin agus mé féin, ceannaire Fhine Gael agus daoine eile a bheith ar Oileán Thoraí ag tús na bliana, mí Márta, nuair a láinseáileadh plean forbartha don oileán agus an scéal a tugadh do mhuintir Thoraí an lá sin ná go mbeadh calafort acu gan mórán moille. Sin seacht mí anois, agus an bhfuil aon dul chun cinn cinnte déanta, an bhfuil iarratas curtha faoi bhráid na Roinne suirbhé hydrographic a dhéanamh agus cathain a thabharfar cead dul ar aghaidh leis an suirbhé sin, mar táimid ag dul isteach——

Tá na ceisteanna ró-fhada.

Táimid ag dul isteach sa gheimhreadh agus mura ndéantar anois é beidh an bhliain seo chugainn orainn agus beidh bliain eile amú.

Shocraigh mé go rachadh oifigigh ó Roinn na Mara agus ó Roinn na Gaeltachta go dtí Toraí agus tá moltaí faighte agam anois agus is í an chéad chéim ná tús a chur leis na suirbhéanna seo. Ní morán maitheasa tús a chur le hydrographic suirbhé amháin; caithfear topographic suirbhé a dhéanamh chomh maith. Tá tuairimí éagsúla agam maidir le costais nach bhfuil ag réitiú le chéile: tuairim amháin a deireann go bhfuil costas $1 mhilliún ann, tuairim eile go bhfuil costas £3 mhilliún ann. Tá na suirbhéanna seo tábhachtach, agus bhí sé socraithe agam cuairt a thabhairt ar Toraí seachtain ó shin ach ní raibh mé ábalta é a dhéanamh. Beidh mé ag dul isteach ansin go luath agus os rud é go bhfuil an cheist á meas faoi láthair tá súil agam go mbeimid in ann cinneadh a dhéanamh gan moill agus go bhféadfaimid tabhairt faoi na suirbhéanna agus faoin taighde in a dhiaidh sin.

An gcuirfear tús leis an suirbhé i mbliana nó an gcuirfear siar é don bhliain seo chugainn? Mura gcuirfear tús leis an suirbhé taobh istigh de cúpla seachtain beidh an geimhreadh ann agus tuigfidh an tAire nach féidir é a dhéanamh arís go dtí an t-earrach seo chugainn. Tá muintir an oileáin ag fanacht le scéala gach lá an bhfuil an suirbhé ag tosnú an tseachtain seo nó an tseachtain seo chugainn. Tá an t-iarratas istigh le ceithre mhí agus tá siad ag súil le cinneadh cinnte anois ó tharla go dtuigeann an tAire na deacrachtaí.

Is eol dom na riachtanais atá ann agus bhí na riachtanais sin ann idir 1982 agus 1987. An ceann is tábhachtaí, an scéim tithíochta, táimid ag cur tús leis sin. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá forbairt an ché ansin. Ní féidir liomsa a rá inniu cén uair a chuirfear tús leis seo. Níl mise ag dul ag glacadh chinnidh ar son cinneadh a ghlacadh. Caithfidh mé a bheith réadúil faoi seo. Tá na moltaí á scrúdú agam. Beidh mé ag tabhairt cuairte go luath ar Oileán Thoraí agus na hoileáin eile amuigh ó chósta Dhún na nGall cosúil leis an chuairt a thug mé ar na ceantair Ghaeltachta go léir taobh istigh de mhí nó mar sin. Tá a fhios agam chomh práinneach is atá sé seo agus beidh mé ag glacadh chinnidh réasúnta luath.

Ó tharla gur thug an tAire geallúint nach mbeadh aon mhoill agus go dtuigimid go léir chomh tábhachtach is atá sé, sílim gur cóir an cinneadh a dhéanamh láithreach.

An bhfuil moltaí dearfa curtha ar aghaidh ag an Aire Stáit go dtí an t-oileánach is cáiliúla atá againn sa Teach seo, an Taoiseach féin ón am a fhreastal sé ar Chomhdháil na nOileán?

Gabh mo leithscéal.

An bhfuil moltaí dearfa curtha ar aghaidh ag an Aire Stáit i dtaobh Toraí agus na hoileáin eile ón am a chas sé le Comhdháil na nOileán in iarthar na Gaillimhe?

Bhí ceist síos inné i dtaobh Comhdháil na nOileán agus ní bhfuair mé deis freagra a thabhairt. Is dócha go bhfuair an Teachta freagra scríofa, agus amach anseo is dócha go mbeidh deis aige an cheist sin a chur síos. Cé nach bhfuil an cheist síos, tá an freagra agam anois; is dócha go mbeidh go leor ceisteanna le freagairt inniu ach beidh mé sásta an cheist a phlé leis an Teachta am ar bith. Ceapaim gur thaispeáin mé cé chomh dáiríre is atá mé faoi mhuintir na Gaeltachta agus faoi mhuintir na n-oileán os rud é go ndeachaigh mé chuig an cruinniú sin. Bhían Teachta féin ann agus taispeánann sé sin an tsuim atá aige sa chomhdháil chomh maith.

Top
Share