Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Feb 1990

Vol. 396 No. 3

Written Answers. - Deontais do Ionaid Phobail.

Enda Kenny

Question:

82 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Taoiseach cad iad na hionaid phobail agus na háiseanna sóisialta ó Chontae Mhaigh Eo a chuir iarratas isteach chuige le hairgead a fháil; agus cad chuige nach bhfuarthas aon airgead ó Eanáir 1989, sna cásanna sin.

Níor cuireadh ach cás amháin mar sin faoi bhráid mo Roinne-se ó thús mí Eanáir 1989. Iarratas a bhí ann ag lorg deontais chun Ionad Pobail a thógáil ar an gCorrán, Gob an Choire. Cuireadh litir chuig an gcoiste ag lorg tuilleadh eolais i mí Iúil seo caite ach ní go dtí le fíordhéanaí a fuarthas freagra. Tá sé beartaithe anois go rachaidh oifigeach áitiúil de chuid mo Roinne-se chun cainte le rúnaí an choiste a luaithe is féidir d'fhonn an cheist a phlé tuilleadh.

Top
Share