Is léir go bhfuil ag éirí leis na céimeanna ar glacadh leo le cúpla bliain anuas chun cúrsaí airgeadais a chur faoi smacht agus chun feabhas a chur ar staid eacnamaíochta na tíre. Táim sásta go mbeidh sé soiléir d'aon duine a scrúdóidh an cháinaisnéis seo go bhfuil comharthaí dóchais láidir le feiceáil inti do na blíanta amach romhainn. Ní shárófar fadhbanna na tíre mura dtuigfidh an pobal go soiléir an ghéarchéim atá romhainn agus mura mbeidh a gcomhoibriú ar fáil lena réiteach — agus is deimhin liom go raibh an chomhoibriú sin ar fáil go fial le cúpla bliain anuas. Táim cinnte go leanfar leis sin agus, cé go bhfuil roghanna deacra romhainn fós, go mbeidh forbairt agus dul chun cinn i ndán dár muintir uile ach tarraingt le cheile go fonnmhar in aon iarracht amháin ar mhaithe lena chéile. Cé go bhfuil cúrsaí airgeadais feabhsaithe go mór, bheadh sé tubaisteach dá n-éireodh muid bogásach anois. Tá tuilleadh dul chun cinn riachtanach agus ceapadh an cháinaisnéis seo ar dhóigh a chinnteoidh go gcabhrófar leis an dul chun cinn seo agus go dtreiseofar é.
Níl dabht ar bith ach go bhfuil an dífhostaíocht ar cheann de na fadhbanna is mó atá le sárú againn sa tír i gcoiteann agus, ar ndóigh, sna ceantair Ghaeltachta a bhfuil freagracht ormsa ina leith. Ní mór a chinntiú, mar sin, go mbeidh tionchar ar an bhfadhb sin ag aon phleananna forbartha a chuirfear i gcrích. Díreofar ar an t-airgead atá ar fáil a chaitheamh ar bhealaí fiúntacha d'fhonn torthaí réalaíocha a bhaint amach agus poist sheasmhacha a chruthú in ionad an t-airgead sin a bheith á chur amú ar thograí nach mbeadh inmharthana. Tá mé bródúil go bhfuil áit lárnach ag Údarás na Gaeltachta san straitéis seo agus déanfaidh mé tagairt níos leithne don ról atá acu ar ball beag.
Tá sé tábhachtach go mbeadh cothrom na Féinne le fáil ag gach saoránach ó aon cháinaisnéis a mholann Rialtas agus tá mé sásta go bhfuil an riachtanas sin á chomhlíonadh ag an gcáinaisnéis seo. Mar shampla, tá an ráta cáin ioncaim le laghdú arís is mbliana — ó 32 go 30 faoin gcéad — rud a chabhróidh le gach duine atá ag íoc cánach. Tá an barr-ráta den cháin ioncaim á laghdú freisin ó 56 go dtí 53 faoin gcéad. Maidir le cáin bhreisluacha, tá an gnáthráta á laghdú ó 25 faoin gcéad go dtí 23 faoin gcéad, beart a chabhróidh le praghsanna a ísliú ar raon leathan d'earraí sna siopaí.
Ag an am céanna, tá soláthar déanta sa cháinaisnéis le haghaidh méaduithe suntasacha sna rátaí leasa shóisialaigh agus tá méaduithe níos airde le tabhairt dóibh siúd atá dífhostaithe ar feadh tréimhse fada. Nuair a smaoinítear ar na harduithe a tugadh le cúpla bliain anuas, agus nuair a ghlactar leis go bhfuil an ráta boilscithe níos ísle ná an bunráta méadaithe, is léir go mbeidh na daoine sin atá ag brath go mór ar an gcóras leasa shóisialaigh i bhfad níos fearr as i mbliana.
Is cúis áthais ar leith domsa go bhfuil ré na n-iasachtaí mar leigheas ar an ngátar airgid a bhí ag brú ar an tír seo le fada thart agus go bhfuil cúrsaí airgeadais an Stáit á gcur ar shlí a réitithe. De thoradh na cáinaisnéise seo, meastar go mbeidh laghdú £305 milliún ar an méid a bheidh ar an Rialtas a fháil ar iasacht i mbliana i gcomparáid leis an suim don bhliain seo caite. Agus, ar ndóigh, b'iontach an rud é go raibh an tsuim a fuarthas ar iasacht anuraidh níos lú ná leath den mhéid a measadh dó i gcáinaisnéis na bliana sin. Fós féin, is costas trom é ar an Stát an t-ús ar na hiasachtaí go léir — ús de dhá billiún punt nó mar sin atá i gceist i mbliana. Is ionann é sin agus beagnach an méid iomlán a íocann lucht cánach PAYE. Caithfidh an Rialtas ualach na n-iasachtaí a laghdú tuilleadh agus tá céimeanna suntasacha glactha sa cháinaisnéis seo i ndáil leis sin.
Tá fadhb amháin a bhfuil a réiteach ag brath ar gach uile dhuine sa tír agus is é sin fadhb an truaillithe. Tá a lán airgid á chur ar fáil sa cháinaisnéis seo mar chabhair chun an Plean Náisiúnta Comhshaoil a fheidhmiú ach saothar in aisce a bheidh ann mura nglacann gach aon saoránach an fhreagracht atá air féachaint chuige nach ndéanfar truailliú de bharr aon ghníomh dá chuid. Tá dualgas ar gach uile dhuine bheith faichileach sna gnóthaí seo lena chinntiú go dtiocfaidh torthaí fiúntacha as an airgead mór atá á chur ar fáil faoin gcáinaisnéis don phlean náisiúnta seo.
Maidir leis na freagrachtaí sonracha atá orm féin go pearsanta, tá breis agus £19.5 milliún á chur ar fáil ag an Rialtas i mbliana lena chaitheamh chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur chun cinn. Is airgead vótáilte breis agus £16 mhilliún de sin agus tá sonraí faoin gcaitheachas measta tugtha sna Meastacháin i gcóir na Seirbhisí Poiblí. B'fhearr liomsa, ar ndóigh, go mbeadh níos mó ar fáil ach, ag an am céanna, tá méadú de 27 faoin gcéad déanta sna Meastacháin i mbliana i gcomparáid le soláthar na bliana seo caite, rud a léiríonn go soiléir seasamh an Rialtais seo i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Maidir le Údarás na Gaeltachta — an gléas forbartha tionscail atá ag an Rialtas don Ghaeltacht — is cúis sásaimh domsa go raibh méadú substaintiúil arís ag deireadh na bliana seo caite, don ochtú bliain as a chéile, i líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón eagraíocht. Ar 31 Nollaig 1989, bhí breis is 54,000 duine fostaithe go lánaimseartha i dtionscnaimh éagsúla sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis agus is ionann é sin agus glanmhéadú de 30 faoin gcéad ó 1982 ar aghaidh. Tuigim ón Údarás gur cruthaíodh 1,098 bpost nua breise lánaimseartha ar an dtalamh sa Ghaeltacht i rith 1989. Bhí sprioc de 600 post nua breise leagtha síos don Údarás sa Phlean Téarnaimh Náisiúnta le haghaidh 1989 agus is ábhar dóchais dúinn uile gur sáraíodh an figiúr sin de bheagnach 500 post. Tá fostaíocht sheasúrach ríthábhachtach don Ghaeltacht agus mhéadaigh líon na bpost páirtaimseartha-séasúrach go dtí os cionn 2,000 anuraidh.
Tá tacaíocht nach beag tugtha don Údarás ag an Rialtas seo le cur ar chumas na heagraíochta cúnamh a thabhairt do thionsclóirí chun tionscnaimh a lonnú sa Ghaeltacht d'fhonn deiseanna fostaíochta a chur ar fáil don phobal ansin. Aithníonn an Rialtas go maith na deacrachtaí bunúsacha a bhíonn ag an Údarás agus é ag iarraidh saol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn agus caighdeán maireachtála muintir na Gaeltachta a ardú oiread agus is féidir. Mar fhianaise ar dháiríreacht an Rialtais maidir le cabhrú leis an Údarás san obair sin, tá méadú suntasach déanta ar an gcúnamh atá á chur fáil don Údarás i mbliana.
Beidh níos mó ná £13 mhilliún ar fáil ón Stát don eagraíocht i 1990 i gcomparáid le breis is £10 milliún anuraidh. Is airgead vótáilte a chuirtear ar fáil trí Vóta Roinn na Gaeltachta £9.65 milliún den soláthar iomlán, i.e., suim £2.25 milliún mar dheontas-i-gcabhair do chaiteachas reatha agus suim £7.4 milliún mar dheontas-i-gcabhair do chaiteachas caipitil. Úsáidtear an soláthar caipitil sin chun deontais a íoc mar chabhair chun tionscail nó scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht. Is méadú de 54 faoin gcéad an tsuim atá á cur ar fáil i mbliana chun deontais a íoc i gcomparáid leis an tsuim a cuireadh ar fáil anuraidh. Anuas ar sin, tá beagnach £3.5 milliún údaraithe don Údarás mar airleacain ón bPríomh-Chiste chun monarchana a thógáil nó a athchóiriú, infheistíocht a dhéanamh i scaireanna, i bhfochuideachtaí, agus i gcomhchuideachtaí, agus chun maoin a cheannach. Leis an airgead méadaithe sin, táim cinnte go mbeidh ar chumas an Údaráis brú ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl aige ar mhaithe le gach gné de shaol pobal na Gaeltachta a fhorbairt.
Is éineacht le tacaíocht a thabhairt chun tionscail dhéantúsaíochta, fheirmeoireacht éisc-saothrú na mara, forbairt achmainní nádúrtha, etc., sa Ghaeltacht a chur chun cinn, tá béim ar leith á cur ag an Údarás ar thionscnaimh straitéiseacha. Tá straitéis fhad-thréimhseach acu chun tionscal teileachumarsáide agus faisnéise a bhunú sa Ghaeltacht agus, mar chuid den phlean, tá dhá chuideachta nua — Telegael Teo agus G-Com Teo — bunaithe. Is cuideachta í Telegael Teo atá ag cur réimse cuimsitheach de shaoráidí táirgthe agus iartháirgthe chlár teilifíse ar fáil, ar bhonn trádála, do léiritheoirí neamhspleácha agus do RTÉ féin. Bunaíodh G-Com Teo mar chomhlacht forbartha teicneolaíochta teileachumarsáide agus faisnéise. Is é an aidhm atá leis na tionscnaimh straitéiseacha seo ná a chinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ar chomhchéim iomaíochta le ceantair eile sa tír i réimsí infheistíochta nua-theicneolaíochta a mhealladh chun na Gaeltachta.
Tá grinnscrúdú á dhéanamh ag an Údarás ar riachtanais eacnamaíochta sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta sna nóchaidí agus ar an ról a bheidh ag an Údarás chun na riachtanais sin a shásamh. Tá an eagraíocht ag ullmhú le haghaidh dúshlán na haoise seo agus do na deiseanna a bheidh ann do thionscail Ghaeltachta nuair a bheidh Margadh Comhaontaithe na hEorpa i réim in 1992 Cinnte beidh buntáistí fiúntacha ar leith le fáil ag an nGaeltacht ón margadh sin, ach na tionscail éagsúla inti a bheith ullamh agus eagraithe chun na deiseanna gnó a bheidh ann a thapú. Beidh an tÚdarás ag cabhrú leis na tionscail sin chun tairbhe a bhaint as na deiseanna a bheidh ar fáil. Díreofar ar thograí comhaontaithe ceadúnais mhargaíochta agus dhéantúsaíochta agus aistriú teicneolaíochta, d'fhonn deiseanna i margadh na hEorpa a thapú. Chomh maith leis sin, bainfear feidhm as gníomhaíocht dhíreach nuair is gá.
Is í an Ghaeltacht foinse ár dteanga agus ár n-oidhreachta agus glactar leis go coitianta nach mbeidh an rath ar an nGaeilge mura mbeidh ceantair bhríomhara ann agus an Ghaeilge á labhairt iontu mar ghnáth-urlabhra an phobail. Ní mór mar sin a chinntiú go mbíonn na saoráidí cuí sna ceantair Ghaeltachta ionas go mbeidh ar chumas na ndaoine caighdeán maireachtála sásúil a bheith acu inti. Ceapadh scéimeanna feabhsúcháin Roinn na Gaeltachta, mar sin, chun bun-struchtúr na Gaeltachta a fhorbairt d'fhonn caighdeán maireachtála sásúil a chinntiú don phobal. Tá scéimeanna éagsúla ann a chuidíonn le gach saoráid atá ag teastáil — bóithre, uisce agus séarachais, saoráidí calaíochta, chomh maith le saorádí spóirt agus caithimh aimsire ar nós hallaí pobail, páirceanna imeartha, agus mar sin de. Is cúis áthais dom go bhfuil an soláthar airgid do scéimeanna feabhsúcháin mo Roinne-se méadaithe ó £1.492 milliún i 1989 go £1.755 milliún i mbliana — méadú de bheagnach 18 faoin gcéad.
Is bealach an-mhaith chun ceantar a fhorbairt ná lámh a bheith ag an bpobal áitiúil i bpleanáil agus i gcur i gcrích na forbairte: sin mar a tharlaíonn le comharchumann gníomhach áitiúil. Tá an cúnamh a bheidh ar fáil do scéim mo Roinn-se faoina dtugtar cúnamh do chomharchumainn Ghaeltachta méadaithe i mbliana go breis agus £0.5 milliúin — méadú 21 faoin gcéad i gcomparáid le soláthar na bliana 1989. Is léiriú é seo ar an tábhacht a bhaineann leis na comharchumainn Ghaeltachta i dtuairim an Rialtais.
Ach má táthar chun an Ghaeilge a chur chun cinn, ní leor go mbeadh sí á labhairt sa Ghaeltacht amháin. Tá dualgas ar gach aon duine againn ár gcion féin a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge. Is beag duine anois nár fhoghlaim Gaeilge ar scoil agus, cé go bhféadfadh meirg a bheith tagtha ar chuid mhaith di de bharr easpa cleachtaidh, tá an cumas ionainn go léir, ach an toil a bheith ann, roinnt éigin Gaeilge a úsáid inár ngnáthshaol. Ní féidir an dualgas seo a fhágáil faoi mhuintir na Gaeltachta amháin — má dhéantar amhlaidh, cruthófar meoin an "ghetto" sul i bhfad. Tá obair mhaith déanta ag Bord na Gaeilge chun an dualgas atá leagtha air ag an Oireachtas a chomhlíonadh — úsáid na Gaeilge mar theanga bheo agus mar ghnáthmeán cumarsáide a chur chun cinn.
Ceapaim go mbeidh sé tráthúil beagán a rá faoin ard-chaighdeán díospóireachta a bhí againn inniu. Glacaim leis an deis seo chun tréaslú a dhéanamh leis na Teachtaí go léir a tháinig isteach inniu agus a thaispeán go bhfuil an oiread sin suime acu sa Ghaeilge. Is beag duine nach bhfoghlaimíonn Gaeilge ar scoil agus caithfear, mar sin, glacadh leis go bhfuil Gaeilge ag gach duine sa Teach seo.
Tá roinnt scéimeanna cultúrtha á reachtáil ag mo Roinn féin chun úsáid na Gaeilge sa phobal i gcoitinne a fhorbairt. Tugtar cúnamh do thréimhseacháin éagsúla i nGaeilge agus do nuachtán seachtainiúil Ghaeilge, cuirtear cúnamh ar fáil chun cabhrú leis an drámaíocht Ghaeilge agus cabhraítear le cuid mhaith eagras atá ag obair go tréan d'fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl leis na coistí deonacha atá ag fáil tacaíocht ón Roinn, as ucht an obair iontaigh atá á dhéanamh acu go léir. Tá a fhios agamsa agus ag saol mór amuigh nach féidir an teanga a athshlanú, a chaomhnú, le hairgead amháin. Is cuidiú é, ar ndóigh ach tá an-tábhacht ag gábhail leis na daoine atá ag obair go deonach ar fud na tíre, sna coistí sin. Is eol dom go bhfuil an cuspóir céanna ag na coistí sin go léir.
Is é an ceann is tábhachtaí agus is costaisí de na scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha a bhíonn á reachtáil ag mo Roinnse ná Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, faoina n-íoctar deontais díreach le mná tí sa Ghaeltacht a mbíonn foghlaimeoirí aitheanta ar iostas acu. Bhí ar mo chumas i mbliana an deontas sin a mhéadú go dtí £3.50 in aghaidh an lae do gach dalta — sin méadú de 40 pingin. Is méadú suntasach é sin agus tá mé cinnte go gcabhróidh sé, ní amháin leis na mná tí a dhéanann sár-obair as son na Gaeilge sa samhradh, ach do na coláistí samhraidh féin, mar cuirfidh sé ar a gcumas an táille a íocann tuismitheoirí a choinneáil ag leibhéal inghlactha. Is cuid an-tábhachtach d'eacnamaíocht na Gaeltachta na coláistí samhraidh. I 1989 d'fhreastail beagnach 17,000 foghlaimeoirí ar cúrsaí Gaeilge na Gaeltachta, gan trácht ar chuairteanna ó thuismitheoirí, cáirde agus mar sin de. Tionscal turasóireachta iontu féin iad na coláistí samhraidh gan aon dabht. Mar aitheantas speisialta ar na cúrsaí trí-mhí a eagraíonn Gael-Linn, ba chúis áthais dom bheith in ann a fhógairt go mbeadh deontas £5 in aghaidh an lae á íoc ag mo Roinnse i leith gach dalta scoile a fhreastalaíonn ar na cúrsaí seo i 1990. Tá an deontas breise seo tuillte ag na mná tí mar go mbíonn an dalta scoile ar iostas acu do thréimhse níos mó ná 80 lá de ghnáth. Ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge, níl sárú na gcúrsaí seo le fáil.
Cuirim fáilte ar leith roimh an gcáinaisnéis seo. Níl aon amhras ach gur plean réalaíoch é don bhliain seo — plean a chabhróidh le gach aicme den phobal. Tá mé cinnte go mbainfear amach na spriocanna airgeadais atá leagtha síos ann agus tá dóchas mór agam go n-éireoidh leis an Aire Airgeadais cáinaisnéis níos fearr fós fiú a chur inár láthar an bhliain seo chugainn.