Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Mar 1990

Vol. 397 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Michael Moynihan

Question:

14 Mr. Moynihan asked the Taoiseach if he will outline his plans for Údarás na Gaeltachta in 1990; if he has any plans to expand those activities; and if he will make a statement on the matter.

Beidh breis is £13 mhilliún (idir chaipiteal agus dheontas-i-gcabhair do chaiteachas reatha) ar fáil ón Stát d'Udarás na Gaeltachta i mbliana — i gcomparáid le suim de bheagán sa bhreis ar £10 milliún anuraidh — le caitheamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht. Leis an teacht isteach a fhaigheann an tÚdarás ó fhoinsí eile agus an soláthar ón Stát, beidh mé ag súil leis go ndéanfaidh an eagraíocht dul chun cinn maith eile i mbliana i gcaoi go gcuirfear leis an bhfostaíocht sa Ghaeltacht agus go neartófar an bonn tionsclaíoch inti. Tá cur síos sa dhoiciméad dar teideal An Ghaeltacht ag ullmhú i gcóir na Nóchaidí a d'eisigh an tÚdarás le déanaí ar obair na heagraíochta i 1989 agus léirítear ann chomh maith na forbairtí a mbeifear á dtógáil orthu i mbliana agus i rith na nóchaidí. Cuirfidh mé cóip den doiciméad sin ar fáil don teachta Moynihan. Tá sprioc fostaíochta de 600 post nua leagtha síos don Údarás i mbliana sa Chlár Téarnaimh Náisiúnta agus táthar ag súil leis go mbainfear an sprioc sin amach.

Níl sé beartaithe aon chumhachtaí breise a thabhairt don Údarás faoi láthair.

An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an méid jabanna atá curtha ar fáil ag an Údarás i 1989; agus an bhfuil aon phleananna nua ann chun níos mó jabanna a chur ar fáil i mbliana?

Ní shílim gur féidir le hAire ar bith a rá go bhfuil sé sásta leis an méid jabanna atá curtha ar fáil. Bheinnse níos sásta dá bhféadfaí fadhb na dífhostaíochta agus na himirce a réiteach, ach níl sé chomh héasca sin. Mar a dúirt mé, tá sprioc ag an Údarás 600 post eile a chur ar fáil taobh istigh den Ghaeltacht i mbliana. Tá £3 mhilliúin níos mó soláthraithe i mbliana ná anuraidh chun cuidiú le fostaíocht. Chuir an Stát anuraidh £4.8 mhilliún ar fáil i bhfoirm deontas; i mbliana táimid ag cur £7.4 mhilliún ar fáil. Léiríonn sé sin dáiríreacht an Rialtais faoi fhostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Top
Share