Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Apr 1990

Vol. 397 No. 9

Written Answers. - County Donegal Industries.

Eamon Gilmore

Question:

67 Mr. Gilmore asked the Taoiseach the present position regarding the finding of replacement industries for (a) GPE factory, Annagry (b) Finnglas factory, Fintown and (c) the factory at Cashel, Gortahork, County Donegal.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur mar seo a leanas atá cúrsaí maidir leis na monarchana ar leith a luaitear sa cheist: Anagaire: Tá dhá thogra á bplé don fhoirgneamh seo ach tá sé ró-luath go fóill a rá cén toradh a bheidh ar na comhráití; Baile na Finne: Tá tionscnamh innealtóireachta ar bhonn trialach ar siúl sa mhonarcha seo le súil go mbeifear in ann togra tráchtála a bhunú ann amach anseo; Caiseal, Gort an Choirce: Ceadaíodh togra dhéantús naícharranna don fhoirgneamh seo anuraidh agus tuigtear go bhfuil i gceist ag na príomhaithe dul ar aghaidh leis an tionscnamh áirithe sin go luath.

Eamon Gilmore

Question:

68 Mr. Gilmore asked the Taoiseach if Údarás na Gaeltachta have any plans to provide advance factories at (1) Doochary/Lettermacaward (2) Louthanure and (3) Arranmore Island, County Donegal.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil aon phleananna sonracha acu faoi láthair ar aon nós chun réamhmhonarchana a chur ar fáil sna ceantair i gceist.

Top
Share