Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Nov 1990

Vol. 403 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Facilities on Mayo Island.

Enda Kenny

Question:

3 Mr. Kenny asked the Taoiseach the reason a decision has not yet been made on the provision of a cable car to Inisbiggle Island, Achill, County Mayo; if his attention has been drawn to the fact that such a decision has been awaited for over two years; and if he will make a statement on the matter.

Is togra an-chostasach a bheadh i gceist anseo agus is oth liom a rá nach bhfuil ar chumas mo Roinne cúnamh a chur ar fáil dó san am i láthair ar aon nós.

Ba mhaith liom a rá chomh maith go bhfuil a fhios agam na fadhbanna atá acu. Tá sé sin pléite agam le Teachtaí Dála sa cheantar agus leis an Teachta a chuir síos an cheist é féin, ach is trua liom a rá nach bhfuil sé ar mo chumas i láthair na huaire an cineál sin airgid a chur ar fáil. Táimid ag caint faoi £750,000.

Is maith an rud go bhfuil freagra tugtha ag an Aire an t-am seo. An bhfuil sé ar intinn aige a thuilleadh cabhrach a thabhairt do mhuintir an oileáin sin taisteal isteach is amach os rud é nach gcuirfear an carr seo ar fáil?

Chuir Údarás na Gaeltachta £4,000 ar fáil i mí Eanáir 1986 chun comhairle a fháil maidir leis an fhadhb seo agus is é carr-chábla an córas is saoire, mar bheadh córas ar bith eile i bhfad níos daoire. Tá mé sásta am ar bith é seo a phlé. Is dócha gurb é seo an t-aon oileán amháin sa Ghaeltacht amach ó chósta na tíre seo nár thug mé cuairt air, ach beidh mé sásta cuairt a thabhairt air chomh luath agus is féidir chun an cheist seo a phlé le muintir an oileáin.

An mbeidh an tAire Stáit sásta bualadh le muintir an oileáin arís chun na fadhbanna eile a phlé os rud é go bhfuil córas taistil ag teastáil uathu nó, mar a dúirt sé féin, gur seo an t-aon oileán amháin amach ó chósta na hÉireann nach bhfuil an córas seo ar fáil acu.

Bhí mé sásta é sin a dhéanamh i gcónaí agus is suntasach an rud é go bhfuair mé litir ó mo chara anseo, an tAire Comhshaoil, maidir le bualadh leo. Beidh mé sásta cinnte é sin a dhéanamh agus cuirfidh mé in iúl don Teachta nuair a bheas an dáta socraithe.

Thug tú geallúint chinnte dóibh dhá bhliain ó shin.

Top
Share