Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Nov 1990

Vol. 403 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Taoiseach's Visits to Roinn na Gaeltachta.

Jim Higgins

Question:

4 Mr. J. Higgins asked the Taoiseach (a) the number of visits he has paid to Roinn na Gaeltachta and (b) the number of official visits he has paid to the Gaeltacht regions in the period 1987 to 1989, and 1990 to date.

Maidir le (a), dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar cheist den chineál céanna uaidh ar 20 Meitheamh 1990 (Colúin 377 agus 378 de na Díospóireachtaí Parlaiminte den lá sin).

Maidir le (b), bím sa Ghaeltacht chomh minic agus is féidir liom. Ar ndóigh, tá cónaí ar an Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta inti agus tugann sé cuairteanna go han-mhinic ar cheantair eile Ghaeltachta chun bualadh le pobail na gceantar sin.

Ba mhaith liom a rá ar dtús go n-admhaím go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh sárobair ar fad ach, ag an am céanna, tá an Taoiseach ina Aire Gaeltachta le breis agus trí bliana agus níor leag sé fiú cos laistigh de Roinn na Gaeltachta agus níor thug sé aon turas oifigiúil ar na ceantair Ghaeltachta. Dá bhrí sin, nach n-aontódh sé go gcruthaíonn sé seo nach bhfuil móran suime aige i gcúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta, agus go mba cheart dó éirí as an oifig sin agus an jab a thabhairt mar lán-Aireacht do dhuine éigin a bhfuil fíorshuim aige ann, mar shampla an tAire Comhshaoil, an Teachta Flynn, fear fiúntach atá in aice leis, nó an tAire Stáit féin, an Teachta Gallagher?

Ceist, le do thoil, ní óráid.

Is as Contae Mhaigh Eo domsa freisin, bíodh a fhios agat.

Tuigim é sin.

Agus a lán daoine eile.

Thug mé roinnt cuairtanna ar an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh.

Top
Share