Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 11 Dec 1990

Vol. 403 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oileáin ar Chósta i Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta tionscal a bhunú ar oileán Árainn Mhór le fostaíocht a chur ar fáil do na daoine dífhostaithe atá fágtha ar an oileán.

Aithníonn Údarás na Gaeltachta go bhfuil fadhbanna ar leith ann maidir le tionscail a bhunú ar na hoileáin amach ón gcósta. I gcás Árainn Mhóir, tá gach is féidir á dhéanamh ag an Údarás chun deiseanna fostaíochta breise a aimsiú do mhuintir an oileáin sin agus leanfar leis na hiarrachtaí sin go dícheallach.

An aontóidh an tAire Stáit go bhfuil géarchéim dífhostaíochta ar oileán Arainn Mhór i láthair na huaire agus go bhféadfaí a rá nach bhfuil oiread agus post amháin tionsclaíochta ar an oiléan sin, cé go bhfuil pobal idir 600 agus 700 ann agus go bhfuil an imirce ag marú an oileáin? An bhféadfadh sé a rá an mbeidh an tÚdarás ag brath aon rud a dhéanamh an bhliain seo chugainn maidir le réamh-mhonarchana a chur ar an oileán, agus b'fhéidir go leanfadh tionscail na réamh-mhonarchana ansin?

Aontaím cinnte go bhfuil fadhb dífhostaíochta ar an oileán. Tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh a ndíchill jabanna a chruthú ansin, agus, na ndóigh, beidh áthas ar an Teach a chloisteáil go bhfuil airgead curtha ar fáil againn don Údarás, i bhfad níos mó don bhliain seo chugainn ná mar a cuireadh bliain ar bith go dtí seo, chun jabanna a chruthú. Ach níl sé éasca jabanna a chur ar fáil, mar a dúirt mé cheana, ar na hoileáin amach ón gcósta. Is dócha go gcaithfimid béim a chur ar na bunábhair nó ar na hacmhainní nádúrtha atá ansin.

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá an bhfuil aon toradh ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Údarás na Gaeltachta le cúpla bliain poist a chruthú ar Árainn Mhór; cá mhéad post atá cruthaithe acu ar an oileán sin; agus an bhfuil suíomh le haghaidh réamh-mhonarchana ag an Údarás ar oileán Árainn Mhór.

Tá an tÚdarás ar a ndícheall. Beidh clár tógála an Údaráis ar fáil agam roimh dheireadh na bliana nó ag tús na hathbhliana agus go dtí go mbíonn sé sin agam níl mé in ann a rá an mbeidh plean acu réamh-mhonarchana a thógáil ansin. Tá mé féin go mór i bhfábhar dul chun cinn ar an oileán, ach tá sé iontach deacair, agus tá a fhios ag an Teachta go maith nach bhfuil an oiread sin jabanna ansin, agus na jabanna atá ann tá siad ann de bharr chuidiú airgid a fuair an comharchumann ansin ó Roinn na Gaeltachta.

Question:

6 D'fhiafraigh Mr. Mac Fhionnlaoich den Taoiseach cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le plean forbartha oileán Thoraigh.

Maidir le ceist na saoráidí calaíochta ar an oileán, tuigim nach bhfuil an suirbhé ar dhoimhneacht an uisce a luaigh mé san fhreagra a thug mé ar Cheist Dála ar 31 Deireadh Fómhair (Uimh. 58) críochnaithe fós. Tá deontas lánchostais de £66,000 ceadaithe ag mo Roinnse do na suirbhéanna éagsúla agus do staidéar mionsamhail. Tá iarratas ar dheontas mar chabhair chun stór a thógáil a mheas ag mo Roinnse i láthair na huaire agus déanfar cinneadh ina leith a luaithe is féidir.

Ó thaobh Údarás na Gaeltachta de, tá an cheist maidir le aerstráice a thógáil ar an oileán á breithniú acu i gcónaí.

Is dócha gur cuimhin leis an Aire Stáit an bheirt againn, in éineacht le daoine eile, bheith ar an oileán beagnach dhá bhliain ó shin nuair a láinseáladh an plean forbartha d'Oileán Thoraigh. Bhí ceithre mhír sa phlean, mar seo leanas: calafort, aerstráice, brú, nó hostel, agus seirbhís fharantóireachta. An aontóidh an tAire Stáit gur beag dul chun cinn atá déanta le dhá bhliain anuas ar aon cheann acu seo; nach bhfuil aon dul chun cinn le feiceáil? Chomh maith leis sin, an bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl an bhfuil moladh aige ó Údarás na Gaeltachta maidir le haerstráice a chur ar fáil ar an oileán, agus cén uair a bheidh sé ag déanamh cinnidh maidir leis an mholadh sin?

Ar an gcéad dul síos, ní féidir liom glacadh leis nach bhfuil rud ar bith ag tarlú ar Oileán Thoraigh. B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Teachta nár tharla rud ar bith idir 1982 agus 1987, ach tar éis 1987 chuir an Rialtas beagnach £4 mhilliún ar fáil chun dul i mbun scéim thithíochta ar an oileán. Ina dhiaidh sin, fuair mise cead ó Aire na Gaeltachta, ón Taoiseach, £66,000 a chur ar fáil maidir leis an suirbhé sin. Tá a fhios ag an Teachta, agus ag an Teachta Dukes chomh maith, gur iomaí uair a chuaigh Aire na Gaeltachta ag an am sin chun na Roinne Airgeadais chun airgead a fháil le suirbhé a dhéanamh agus ní raibh siad ábalta cead ar bith a fháil ag an am sin. Tá rudaí ag dul ar aghaidh maidir leis an chalafort — tá sé sin ag brath ar hydrographic agus topographic surveys, staidéar atá ag dul ar aghaidh faoi láthair, agus, ar ndóigh, beidh ceist an bháid fharantóireachta ag brath air sin.

Tá a fhios agam go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag iarraidh dul ar aghaidh le haerstráice ansin agus níl mise ag iarraidh bac a chur air sin. Tá siadsan ag dul ar aghaidh anois le staidéar teicniúil agus staidéar eacnamúil ar chostas £5,000 agus chomh luath agus a bheidh an toradh sin agam ní chuirfidh mé bac ar bith ar fhorbairt ar Oileán Thoraigh.

An aontódh an tAire Stáit go bhfuil práinn áirithe leis an phlean seo agus nach féidir cur suas le moill ó bhliain go bliain, nuair a chuimhníonn an tAire Stáit go bhfuil an t-oileán atá in aice le Toraigh, Inis Bó Finne, gan éinne ann i láthair na huaire, agus má bhíonn moill rófhada ann go bhféadfadh an rud céanna tarlú d'Oileán Thoriagh?

Mar atá a fhios ag an Teachta, is fíric é seo, go bhfuil an Rialtas seo agus an Rialtas a bhí ann idir 1987 agus 1989 ag déanamh gach iarrachta chun cuidiú le muintir Thoraigh, agus leanfaimid ar aghaidh leis sin. Ach caithfimid fanacht ar thorthaí an tsuirbhé seo. Ar ndóigh, ní raibh sonraí ordanáis ar bith le fáil. Tá ceist dhoimhneacht an uisce ansin agus go leor ceisteanna mar é ann, agus ní féidir linn dul ar aghaidh go dtí go mbíonn torthaí an tsuirbhé againn. Mar a dúirt mé cheana, ní chuirfidh mise ná an Rialtas bac ar bith ar fhorbairt Oileán Thoraigh.

Top
Share