Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 5 Feb 1991

Vol. 404 No. 6

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Seirbhís Teilifíse Gaeilge.

Dinny McGinley

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil sé ar intinn aige reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun seirbhís teilifíse Gaeilge a bhunú.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála ar 4 Nollaig 1990.

Go dtí go ndéanfar cinneadh faoin ábhar, ní thig liom a rá cad iad na socruithe a bheidh de dhíth faoina choinne.

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá cén uair go bhfuil sé ag súil go ndéanfar cinneadh maidir leis an cheist seo? Tá na tuarascálacha agus na moltaí go léir scrúdaithe ag na Ranna a bhfuil baint acu le teilifís Ghaeilge. An bhfuil sé in ann tuairim níos cruinne a thabhairt dúinn cén uair a bheidh socrú nó cinneadh á dhéanamh ar an Rialtas?

Beidh socrú á dhéanamh chomh luath agus is féidir. Mar a dúirt an Teachta, tá an tuarascáil againn ó Údarás na Gaeltachta agus go leor moltaí againn ó dhaoine agus dhreamanna éagsúla. Iarraim ar an Teachta glacadh le mo fhocal go bhfuil gach rud is féidir á dhéanamh chun cinneadh a ghlacadh chomh luath agus is féidir.

Tá freagra an Aire de ghlan mheabhair againn uilig anois i leith na ceiste seo, ach an féidir leis a chur in iúl dúinn cad tá ag cur moille ar chinneadh? Táimid á plé anois le beagnach dhá bhliain.

Ní ghlacaim leis go bhfuil moill á cur ar an cheist seo. Táimid ag déanamh gach iarracht cinneadh ceart a dhéanamh agus gan cinneadh a ghlacadh ar son cinneadh a ghlacadh.

Cuirim ceist go rialta ar an Taoiseach agus ar an Aire Stáit ag súil le freagra úr nó go gcuirfí in iúl dúinn améigin go bhfuil dul chun cinn dénta. Tá na tuairimí agus na moltaí curtha ar fáil le beagnach dhá bhliain. Tá gach éinne ag fanacht le cinneadh agus deirtear linn "chomh luath agus is féidir". Cad is ciall leis na focail sin — i mbliana, nó anuraidh nó an bhliain seo chugainn?

Iarraim ar an Teachta Ó mo dháilcheantar foighid a bheith aige agus go nglacfar cinneadh réasúnta luath, is é sin, chomh luath agus is féidir.

Top
Share