Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Feb 1991

Vol. 404 No. 7

Written Answers. - Coiste Airí na nOileán.

Dinny McGinley

Question:

103 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Comhshaoil an bhfuil Coiste Airí na nOileán ag gníomhú go fóill; cén bhallraíocht atá ar an gcoiste; cé mhéid cruinnithe a bhí ann i rith 1990; agus cén dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na n-oileán.

Cuirfidh mé liosta de bhallraíocht an choiste ar fáil leis an Tuairisc Oifigiúil.

Bhí cúig chruinniú ag an gcoiste i rith 1990 agus tá an obair ar siúl go fóill.

Feidhmíonn an Coiste trí na Ranna Stáit eagsúla chun tionscnaimh fhiúntacha a chur chun cinn. Táim sásta go bhfuil obair thorthúil á déanamh dá bharr.

Ballraíocht

An tUasal Pádraig Ó Floinn, T.D., Aire Comshaoil.

An tUasal Micheál Ó Núnáin, T.D., Aire Stáit ag Roinn na Mara.

An tUasal Riobárd Ó Maoildhia, T.D., Aire Fuinnimh.

An tUasal Seosamh Breathnach, T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia.

Máire Geoghegan-Quinn, T.D., Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

An tUasal Pádraig Cope Ó Gallchóir, T.D., Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta.

An t-Uasal Donncha Ó Liatháin, T.D., Aire Stáit ag an Roinn Turasóireacht agus Iompair.

An t-Uasal Proinsias Ó Fathaigh, T.D., Aire Stáit ag an Roinn Oideachais.

An t-Uasal Breandán Ó Dálaigh T.D., Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais go dtí 5 Feabhra, 1991, agus anois, Aire Cosanta.
An t-Uasal Uinseann Ó Brádaigh, T.D., Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, ag an Roinn Cosanta agus ag an Roinn Airgeadais.
Top
Share