Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Feb 1991

Vol. 404 No. 9

Adjournment Debate. - Dífhostaíocht i nGaeltacht Dhún na nGall.

Baineann an cheist seo le géarchéim dhífhostaíochta i nGaeltacht iardheisceart Dhún na nGall, is é sin ó Chill Charthaigh, an Charraig agus Ghleann Cholm Cille agus ní shílim go bhfuil ceantar eile Gaeltachta sa tír a fuair an oiread sin buillí, ó thaobh dífhostaíochta agus imirce de, le cúpla bliain anuas agus a fuair Cill Charthaigh.

Déanaim tagairt speisialta don mhonarcha i gCill Charthaigh a dúnadh ar na mallaibh, Éadach Chonamara, monarcha a dtug mé cuairt air don chéad uair i 1980, agus sa cheantar sin ag Éadach Chonamara agus Snáth Chill Charthaigh bhí 200 duine fostaithe, ach inniu, is truamhéileach an cás é: níl fostaithe sa dá mhonarcha sin ach 46 dhuine, is é sin go bhfuil 160 duine tar éis a gcuid post a chailliúint san am sin agus 53 ansin seachtain nó coicís ó shin nuair a dúnadh Éadach Chonamara. Ag an am a bhfuil mé ag tagairt dó, 1980, bhí 100 duine eile ag obair i monarcha Ballymoon agus níl ansin i láthair na huaire ach thart faoi scór. Mar sin de, tá, ar a laghad, 250 post caillte ag Cill Chárthaigh le tamall anuas.

Ag monarcha Éadach Chonamara, a ndearna mé tagairt dó, tá tionscal an bhréidín, tionscal éadach olla bunaithe ansin ó 1928, mar tá traidisiún agus scileanna agus eolas ag na daoine ar obair éadach olla, agus bhí sníomh ansin i bhfad, fiú amháin, sular cuireadh an mhonarcha ar bun agus, leoga, is é ceann de na chéad mhonarchana a cuireadh ar bun sna ceantair Ghaeltachta sna ficheadaí fá choinne fostaíocht a chur ar fáil ansin. Bhí Teachta Dála ansin romham féin agus roimh an Aire Stáit a thug aire ar leith don cheantar sin, Mícheál Óg Mac Pháidín, agus chuidigh sé le forbairt an tionscail sin agus le cur chun cinn an tionscail sin, ach inniu, mar a dúirt mé, níl ach 46 fostaithe ansin. Bhí an tionscal ansin roimh Údarás na Gaeltachta agus bhí mé féin ansin seachtain ó shin, ag cruinniú eile coicís ó shin agus bhí míshásamh mór ar mhuintir an cheantair mar ní raibh a fhios acu cad a tharlóidh dóibh sna blianta atá romhainn mar nach bhfuil fostaíocht ar bith fágtha ansin dóibh.

Ní raibh said ag cur an lochta ar Údarás na Gaeltachta mar thuig an tÚdarás go raibh deacrachtaí ag an monarcha seo agus chuir siad pacáiste tarrthála le chéile a cuireadh ar aghaidh chuig Roinn na Gaeltachta agus an Rialtas mí na Samhna seo caite agus rinne siad an rud céanna, pacáiste curtha ar aghaidh fá choinne Shnáth Chill Charthaigh fosta agus is cosúil nár tugadh aird ar mholadh an Údaráis, níor tugadh freagra air agus nuair nár tugadh, is é an chríoch a bhí leis an scéal ná gur dúnadh an mhonarcha. Is é an eagla atá ormsa agus an eagla atá ar mhuintir Chill Charthaigh go bhfuiltear chun an dearmad céanna a dhéanamh de mholtaí Údarás na Gaeltachta maidir le Snáth Chill Charthaigh.

Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire Stáit as an dáilcheantar liom féin agus an dáilcheantar ina bhfuil an tionscal seo, aird ar leith a thabhairt ar an cheantar seo, a chinntiú go gcuirfear fostaíocht ar fáil do na daoine seo sna ceantair fhíor-Ghaeltachta seo. Tá moladh déanta agam féin go mbeadh ionad sciúrsála snátha ansin a dhéanfadh freastal ar an tír ar fad. Ceantar fíorstairiúil é: tá foireann pheile acu, an fhoireann pheile, b'fhéidir, is fearr i dTír Chonaill le cúig bliana anuas agus tá craobh an chontae bainte acu, Comórtas Peile na Gaeltachta. Tá said ag obair sa mhonarcha agus mura gcuirtear obair ar fáil dóibh ní bheidh aon rud i ndán dóibh ach an imirce. Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire cad atá ar intinn aige a dhéanamh agus, uimhir a dó, an mbeidh sé ábalta tarrtháil a thabhairt do Shnáth Chill Charthaigh?

Is cúis bhróin dom mar Theachta Dála don cheantar agus mar Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil leachtaitheoir ceaptha d'Éadach Chonamara Teo. ó 28 Eanáir — cuideachta Ghaeltachta a bhí ag feidhmiú sa tionscal bréidín i gCill Charthaigh le fada agus a bhí an-tábhachtach d'eacnamaíocht Ghaeltacht iardheisceart Dhún na nGall.

Níl i gceist agam dul isteach go mion sna cúiseanna gur theip ar an ngnó seo ach le roinnt blianta anuas tá laghdú ar an éileamh ar bhréidín ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain de bharr athruithe i bhfaisean, rud a chuir isteach go tubaisteach ar Éadach Chonamara Teo. ó thaobh orduithe de. Ba mhaith liom a threisiú gur thug Údarás na Gaeltachta lántacaíocht don fhochuideachta seo dá chuid thar na blianta. Mar eolas don Teach tá beagnach £1.5 mhilliún curtha ar fáil ag an Stát tríd an Údarás don chuideachta seo. Is tubaisteach an rud é go bhfuil líon mór post caillte ach is oth liom a rá nach raibh neart air sin. Tuigim ón Údarás go mbeadh suim ollmhór airgid nach bhféadfaí a mholadh ag teastáil le go leanfadh an chuideachta ag trádáil, fiú leis an infheistíoch mhór sin.

Luaigh an Teachta McGinley an pacáiste a cuireadh chuig mo Roinnse. Is fíor go raibh iarratas ón Údarás an chead chun ráthaíocht bhreise a thabhairt i leith áiseanna rótharraingt bhainc méadaithe d'Éadach Chonamara Teo. faoi bhráid mo Roinne. Nuair a b'éigean cruinniú creidneoirí a thionóladh, fágadh breithniú an iarratais sin ar leataobh le haontú an Údaráis. Nuair a ceapadh leachtaitheoir ní raibh feidhm a thuilleadh leis an iarratas le haghaidh ráthaíochta méadaithe. Ar eagla aon mhíthuisceana ba mhaith liom a rá go soiléir nach sábhálfaí an gnó dá mbeadh cead ar fáil le haghaidh na ráthaíochta méadaithe sin amhail mar atá á mhaíomh ag daoine áirithe agus ag an Teachta anseo anocht, cé go bhfuil a fhios aige ina chroí istigh nach féidir é sin a shabháil leis an £150,000 sin. Tá a fhios aige go maith nach féidir, agus a fhios sin ag go leor daoine eile atá ag rá gur chuir an Roinn deireadh leis an chomhlacht. Ní dóigh liom gur féidir le Teachta ar bith sa Teach a rá go bhfuil níos mó suime aige sa dáilcheantar sin ná mar atá agam féin nó ag an Teachta Coughlan, a thagann chun m'oifige gach lá chun brú a chur orm maidir leis na comhlachtaí seo. Maidir le Snáth Chill Charthaigh, tá sé sin á scrúdú agam faoi láthair.

Maidir le ceist na dífhostaíochta i nGaeltacht iardheisceart Dhún na nGall, tá an tÚdarás tar éis an ceantar sin a aithint mar cheantar ina bhfuil iarracht as an ngnách le déanamh i 1991-92 chun fostaíocht bhreise a spreagadh ann. Tá coiste ar leith bunaithe laistigh den Údarás chun feidhm phraiticiúil a thabhairt don iarracht sin. Tá ceist Dála faoi sin faighte agam ón Teachta tráthnóna inniu le freagairt Dé Máirt seo chugainn agus is féidir glacadh leis nach mbeadh aon rud eile le rá agam faoin ábhar dá bhfreagrófaí an cheist sin. Tá a fhios againn go bhfuil deontas ceadaithe do chomhlacht phróiseála éisc sa cheantar sin agus tá súil agam go mbeidh siad sásta dul isteach ansin chomh luath agus is féidir, agus geallaim go bhfaighidh siad cibé cuidiú atá riachtanach ó Údarás na Gaeltachta.

Cheana féin ó thús 1991 thug tionsclóirí ón taobh amuigh cuairt ar an gceantar mar chuid dá bhfiosrúcháin maidir le tograí a bhunú. Tá sé róluath a rá ag an bpointe seo cén toradh a bheidh ar na cuairteanna sin. Chomh maith leis sin bíonn an tÚdarás báúil i gcónaí d'iarratais ar chúnamh ó mhiontionsclóirí ón gceantar. Tá roinnt tograí den chineál sin á bplé ag an Údarás don cheantar ach b'fhearr liom gan a thuilleadh a rá fúthu faoi láthair ar aon nós.

Top
Share