Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Feb 1991

Vol. 405 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Teilifís Ghaeilge.

Michael D. Higgins

Question:

4 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach ar fritheadh aon mholtaí nó tuairimí maidir le bunú seirbhís teilifíse trí Ghaeilge ó Chathaoirleach Bhord na Gaeilge agus/nó ó Phríomh-Fheidhmeannach Bhord Soláthair an Leictreachais; má fritheadh, an raibh na moltaí nó na tuairimí curtha ar fáil ar bhonn pearsanta nó ar iarratas agus cérbh iad na moltaí agus na tuairimí a cuireadh ar fáil.

Bhí an bheirt a luadh i measc líon daoine ar iarr an Taoiseach tuairimí orthu thar tréimhse maidir leis an gcruth a d'fhéadfadh bheith ar Theilifís Ghaeilge. Tá na tuairimí sin, chomh maith le tuairimí eile, á scrúdú agus, nuair a bheidh cinneadh déanta, fógrófar é.

An féidir liom fiafraí den Aire Stáit, os rud é go bhfuil glactha aige leis gur nocht na daoine atá luaite sa cheist tuairimí, maidir leis an méid a dúirt sé, an rabhadar ag plé cheist teilifís Ghaeilge nó teilifís na Gaeltachta?

Tuairimí ginearálta maidir le seirbhís teilifíse trí Ghaeilge.

Cathain a dhéanfar cinneadh, ar an gcéad dul síos, i bhfábhar theilifís Ghaeltachta nó theilifís Ghaeilge? Nó an bhfuil athrú bunúsach i bpolasaí na Roinne agus an Rialtais i leith sheirbhís Ghaeltachta a chur ar fáil? An bhfuil sé ag rá anois gur bhain an méid tuairimí a cuireadh faoina bhráid le teilifís trí Ghaeilge amháin? Chomh maith leis sin, an mbeadh sé sásta a lua, cé mhéad daoine a chuir tuairimí faoi bhráid na Roinne, an Aire nó an Taoisigh.

Maidir leis an athrú bunúsach, níl athrúar bith ansin. Maidir le cén uair, d'fhreagair mé an cheist sin an tseachtain seo caite agus dúirt mé, chomh luath agus is féidir. Tháinig cuid mhaith tuairimí isteach ó dhaoine éagsúla agus ó dhreamanna éagsúla. Níl mé ábalta figiúr cruinn a thabhairt.

Mar a dúirt an tAire Stáit, tá tuairisc curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, agus tuairimí curtha ar fáil ag a lán eile, Meitheal Oibre, Feachtas Theilifís na Gaeltachta agus eagrais eile. An féidir leis an Aire Stáit a chur in iúl don Teach an bhfuil aon eagraíocht ann a chuir tuairim ar fáil a deir nár chóir go mbeadh an tseirbhís seo lonnaithe sa Ghaeltacht, nó an abrann siad go léir gur chóir dó a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht, agus uimhir a dó, an bhfuil aon tuairim ag a Roinn féin maidir leis an cheist?

Ní dóigh liom gur gá dom an cheist dheireanach a fhreagairt. Dúirt mé nach bhfuil athrú bunúsach ar bith ann agus tá a fhios ag an Teachta go maith go bhfuil an Roinn agus an Rialtas i bhfábhar na seirbhíse seo. Maidir le tuairimí a tháinig isteach, caithfidh mé a rá nár sceith mé eolas ar bith faoi thuairim ar bith a tháinig isteach go dtí seo agus níl mé ag brath sin a dhéanamh anois.

Michael D. Higgins

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach ar chas sé nó oifigigh Roinn na Gaeltachta le hionadaithe RTÉ fós le bunú Theilifís na Gaeltachta a phlé; má chas, cén uair agus cén toradh a bhí ar an gcruinniú.

Faoi mar is eol don Teachta, bhí ionadaithe ó RTÉ ar an Mheitheal Oibre a scrúdaigh an cheist seo roinnt blianta ó shin. Bhí ionadaithe ó mo Roinnse ar an Mheitheal Oibre sin freisin.

Níorbh gá cruinniú a shocrú le RTÉ chun na moltaí sa tuarascáil a réitigh Údarás na Gaeltachta faoin gceist a phlé ós rud é go bhfuair mo Roinnse a dtuairimí faoin ábhar sin trí chomhairle a ghlacadh leis an Roinn Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide.

An féidir liom a fhiafraí den Aire Stáit — agus caithfidh mé seo a dhéanamh an-soiléir — an bhfuil sé ag rá anois go bhfuil na cruinnithe go léir thart; más rud é go bhfuil sé sin fíor, cathain a bheidh cruinniú aige féin leis an Taoiseach chun cinneadh a dhéanamh; cathain, de réir an ghealltanais a tugadh sna Gaeltachtaí éagsúla, a bheidh seirbhís teilifíse na Gaeltachta ann; agus, le bheith an-díreach ar fad, an mbeidh ceannáras na seirbhíse lonnaithe sa Ghaeltacht?

Bíonn cruinnithe agam go rialta leis an Taoiseach maidir leis an cheist seo, agus fiú bhí cruinniú agam leis inné chuige sin, ach go dtí go ndéanfar cinneadh ní féidir liom a rá cén áit a mbeidh an tseirbhís seo lonnaithe.

Pointe tábhachtach nuair a chur mé ceist a 5 ná, go minic nuair a thógtar ceist ar an dul seo sa Dáil, deir an tAire Stáit arís agus arís eile go gcaithfidh sé dul i gcomhairle le dreamanna éagsúla, agus tá mé ag fiafraí de go díreach anois an bhfuil na cruinnithe go léir thart, agus cathain a dhéanfar cinneadh, agus an bhfuil cinneadh déanta ó thaobh an ghné polasaí de? An mbeidh teilifís Ghaeltachta againn nó an mbeidh seirbhís trí Ghaeilge ann? Cé acu?

Ní féidir freagra a thabhairt air sin go dtí go ndéanfar cinneadh. Tá roghanna éagsúla ann agus luaigh an Teachta féin dhá cheann de na roghanna sin. Ar ndóigh, ní féidir liom an cheist a fhreagairt go dtí go mbíonn cinneadh déanta ag an Rialtas. I ndeireadh na dála is ceist don Rialtas í seo. Beidh na moltaí agus na roghanna éagsúla go léir curtha faoi bhráid an Rialtais, agus déanfaidh an Rialtas an cinneadh.

An bhfuil an tAire Stáit ag rá — chun críoch a chur le plé na ceiste seo inniu — aon chinneadh atá i gceist, ní bheidh sé ag teastáil dul i gcomhairle le RTÉ, nó aon chruinniú a bheith idir é féin agus an Roinn agus RTÉ?

Tá a fhios ag an Teachta Higgins go bhfuil cúram RTÉ ar mo chomhleacaí anseo, an tAire Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide, agus nach gá dom aon teagmháil dhíreach a dhéanamh. Níl sé faoi chúram Roinn na Gaeltachta ach na Roinne Cumarsáide. Má tá teagmháil le déanamh idir muid féin agus RTÉ, caithfear sin a dhéanamh tríd an Roinn Cumarsáide. Ach glacaim leis go bhfuil gach rud beagnach thart anois agus tá súil agam nach mbeidh orainn fanacht rófhada le go ndéanfar cinneadh.

Tá na tuairimí agus na tuairiscí curtha ar fáil agus á meas ag an Aire Stáit agus an Rialtas. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá an bhfuil aon réamhobair nó aon ullmhúchán eile déanta leis na húdaráis atá i gceist fá choinne seirbhís a chur ar bun, nó an bhfuil sé ag fanacht le cinneadh sula ndéanfar aon réamhobair eile?

Is é an freagra, tá.

Top
Share