Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Feb 1991

Vol. 405 No. 3

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Seirbhís Teilifíse trí Ghaeilge.

Michael D. Higgins

Question:

18 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach ar caitheadh fós an £500,000 a cuireadh ar fáil ón gcrannchur náisiúnta do Roinn na Gaeltachta i 1987 ar mhaithe le seirbhís teilifíse trí Ghaeilge; murar caitheadh, an bhfuil sé i gceist é a chaitheamh i 1991; agus má tá, céard air a chaithfear é.

Níor caitheadh an t-airgead sin fós agus, mar is rí-léir ó na freagraí éagsúla iomadúla atá tugtha agam faoin ábhar seo cheana sa Teach níl cinneadh déanta ar chonas nó cathain a chaithfear é.

Top
Share