Níl an t-eolas a iarrtar sa Cheist ar fáil. Cuirtear ceist sa Daonáireamh maidir le cumas labhartha na Gaeilge agus tá figiúirí comparáideacha ar fáil do na blianta 1961, 1971, 1981 agus 1986. Cuirfear sonraí timpeall sa Tuairisc Oifigiúil faoi líon na gcainteoirí Gaeilge ós cionn 3 bliana d'aois de réir torthaí na nDaonáireamh sin.
Tugann suirbhéanna éagsúla a rinneadh roinnt blianta ó shin le fios go labhraíonn duine amháin ar a laghad i 5 faoin gcéad de theaghlaigh an Stáit an Ghaeilge go minic nó go rialta agus go labhraíonn duine amháin ar a laghad i 25 faoin gcéad eile de na teaghlaigh an teanga go hannamh nó ar uairibh.
Líon na gcainteoirí Gaeilge a bhí ós cionn 3 bliana d'aois de réir na nDaonáireamh a tógadh sna blianta atá luaite
Bliain
|
1961
|
1971
|
1981
|
1986
|
Líon
|
716,420
|
789,429
|
1,018,413
|
1,042,701
|