Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 May 1991

Vol. 409 No. 2

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Visit of Taoiseach to Roinn na Gaeltachta.

Jim Higgins

Question:

1 Mr. J. Higgins asked the Taoiseach if he has yet had an opportunity to pay a first visit to the offices of Roinn na Gaeltachta; and if he will make a statement on the matter.

Faoi mar a dúirt mé anseo leis an Teachta ar thrí ocáid cheana, tá cúram sonrach ar an Aire Stáit, Pat the Cope Ó Gallchóir, T.D., i ndáil le Roinn na Gaeltachta agus tá a oifig aige sa Roinn sin. Bionn plé rialta agam leis agus le hoifigigh na Roinne de réir mar is gá.

Nach n-aontaíonn an Taoiseach go bhfuil dualgas air mar Aire na Gaeltachta níos mó suime a bheith aige i gcúrsaí na Gaeltachta, agus go bhfuil an dualgas sin air, os rud é go bhfuil an méid daoine atá ag labhairt Gaeilge ag dul i laghad agus go bhfuil an Ghaeilge féin anois i mbaol? Ar a laghad, nár chóir dó cuairt amháin a thabhairt ar Roinn na Gaeltachta?

Does the Taoiseach not accept that, at a time of major concern about the decline of the national language, at a time when active interest and leadership from the front is required to promote the language, it is the essence of bad manners, lack of concern and hypocrisy to appoint oneself as Minister for the Gaeltacht and not even pay one visit to that Department acknowledging the good work done by an tAire Stáit, Deputy P. Gallagher?

I do not know if this really calls for a reply. It is a specious argument. I devote a great deal of attention and care to the affairs of the Gaeltacht and to the affairs of the Irish language. I have a very active Minister of State in Deputy P. Gallagher. It is not of any significance whether I visit a particular building. I have constant communication with that Department and with the officials there and I am in touch with their affairs throughout the country.

An bhfuil aon imní ar an Taoiseach maidir leis an tuairisc faoin laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht le tamall de bhlianta anuas, ar tugadh an oiread sin poiblíochta di. An bhfuil aon chúram ar leith ar an Aire Stáit, nó fiú amháin air féin, bualadh leis na daoine sa Ghaeltacht chun a fháil amach cad is féidir a dhéanamh chun líon na ndaoine atá ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú.

Sin ceist eile.

Ní bhfuair cúrsaí na Gaeltachta riamh cúram chomh speisialta agus tá á thabhairt an lá atá inniu ann. Tá mé féin agus an tAire Stáit ag cur cúrsaí na Gaeilge ar aghaidh go han-díograiseach ar gach slí agus is féidir.

B'fhéidir go bhféadfadh an Taoiseach soiléiriú a dhéanamh ar phointe áirithe: nuair a chuaigh an Rialtas seo i mbun oifige, agus nuair a bronnadh séala oifige ar Airí, cé air ar bronnadh séala Roinn na Gaeltachta, air féin nó ar an Aire Stáit? Más air féin a bronnadh séala na hoifige sin, nach measann sé go bhfuil dualgas bunreachtúil air cuairt amháin ar a laghad a thabhairt, le linn téarma an Rialtais, ar Roinn na Gaeltachta?

Níl sa mhéid sin go léir ach seafóid agus ráiméis.

Sin masla do mhuintir na Gaeltachta.

Top
Share