Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Oct 1991

Vol. 411 No. 4

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Aran Islands Pier Development.

Pádraic McCormack

Question:

13 Mr. McCormack asked the Taoiseach when work will commence on the development of piers on the Inis Oírr and Inis Meáin Aran Islands in County Galway.

Michael D. Higgins

Question:

83 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas na geallúintí i leith fheabhsú céibheanna in Inis Oírr agus Inis Meáin a chomhlíonadh.

Tógfaidh mé Ceisteanna 13 agus 83 le chéile.

Nuair a d'fhógair an Rialtas go rabhthas chun cúnamh a chur ar fáil le haghaidh seirbhís farantóireachta nua chuig na hOileáin Árann, aithníodh go gcaithfí oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar na muiroibreacha ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr chun freastal iomlán a dhéanamh ar an tseirbhís sin. Bunaíodh Coiste Idir-Rannúil chun ceist na muiroibreacha a mheas agus ba léir, tar éis réamh-fhiosruithe a dhéanamh, go mba ghá comhairleoirí a fhostú chun tuarascáil gus moltaí cuimsitheacha a sholáthar maidir leis na hoibreacha riachtanacha.

Chun na moltaí sin a ullmhú ba ghá do na comhairleoirí roinnt mhaith oibre thástála a dhéanamh ar na láithreacha — obair nach bhféadfaí a dhéanamh ach le linn dea-aimsire. Faoin am sin — is é sin mí Iúil na bliana seo — ba léir nach mbeadh dóthain ama acu chun a gcuid oibre ar na láithreacha a chríochnú roimh an gheimhridh seo agus, fiú dá dtosnódh siad i mbliana, go mbeadh orthu éirí as an obair agus teacht ar ais arís in earrach 1992 chun í a chríochnú. Dá bhrí sin socraíodh gan tosú ar obair na gcomhairleoirí go dtí earrach na bliana 1992. Nuair a bheidh a gcuid oibre críochnaithe ar na láithreacha beidh orthu tuilleadh taighde a dhéanamh sula mbeidh ar a gcumas pleananna agus moltaí a réiteach. Go dtí go bhfaighfear na moltaí sin ní bheidh ar ár gcumas cinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi na hoibreacha atá de dhíth.

Comhairlítear dom nach bhféadfaí tabhairt faoin obair thógála ar na hoileáin ach le linn dea-aimsire, abair idir Aibreán agus Meán Fómhair bliain ar bith, agus go meastar go dtógfaidh sé dhá bhliain, ag obair ó Aibreán go Meán Fómhair, chun an obair uile a dhéanamh.

Ba mhaith liom go dtuigfí nach bhfuil moill curtha ar chur i gcrích na n-oibreacha de bharr ceapadh na gcomhairleoirí a bheith curtha siar go dtí an bhliain seo chugainn. Fiú dá gceapfaí i mbliana iad bheadh cuid den tástáil fós le déanamh i 1992 agus ní bheadh pleananna agus ar uile ar fáil uathu in am chun tús a chur leis an obair thógála in 1992. 1993 an t-am is luaithe go bhféadfaí ar na hoibreacha féin, cuma an gceapfaí na comhairleoirí i lár na bliana seo nó ag tús na bliana seo chugainn.

Ní miste a rá, freisin, gur cuireadh in iúl do chomhaltaí an Choiste Idir-Rannúil, le linn dóibh bheith ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr, go gcabhródh sé go mór leis an tseirbhís farantóireachta sa ghearr-thréimhse dá mbeadh airgead ar fáil chun roinnt oibreacha idir-ama a dhéanamh ar an dá oileán gus tá áthas orm a rá gur cheadaigh mé £79,000 chun na críche sin níos luaithe i mbliana chun a chumasú do na comharchumainn ar an dá oileán na hoibreacha i gceist a dhéanamh.

I thank the Minister of State for his very long reply but I am disappointed that the Taoiseach did not take my question, that he has left the Chamber despite the fact that the question was directed to the Taoiseach. I am aware of the Taoiseach's love for islands and of his desire to have better services on islands, like electric generators and things like that, but I regret that the Taoiseach did not wait in the Chamber to answer this very serious question about the provision of piers on Inis Meáin and Inis Oírr. While I thank the Minister of State for his long reply it does not bring this reality any nearer. Is the Minister of State aware that this year the Government announced that £2.5 million was to be spent on the provision of piers in Inis Oírr and Inis Meáin? The Taoiseach's friend, the Minister for Energy, took great pleasure in announcing that throughout Galway. Why are we now being told that it will be 1993 before this essential service for the fishermen, and indeed to service a ferry service to the Aran Islands, will be provided? As the Minister of State is no doubt aware, O'Brien Shipping have got the contract for the provision of ferry services from Galway to the Aran Islands and they are building a £3 million ferry for that purpose, and now no piers are being provided to meet that.

The Deputy has made his point.

Seeing that the Taoiseach could not answer, could the Minister of State say when the piers will be provided? I do not want to hear about surveys which have not yet commenced. When will we get the piers in Inis Meáin and Inis Oírr as announced before the local elections as if they would be built this year?

Caithfidh an Teachta bheith réadúil faoin cheist seo. Ní mór dó a thuiscint go bhfuil gá le suirbhéanna.

Níl mé sásta ar chor ar bith leis an bhfreagra sin.

An cheist deireanach, a Theachta.

Why have the surveys not started? When will the work start?

Brathann sé ar thoradh na suirbhéanna agus an taighde atá le déanamh. Bheadh sé an-eascaí a rá nárbh fhéidir pingin rua a chaitheamh ar an obair seo go dtí go mbeadh na torthaí sin againn, ach anuraidh — agus teaspáineann seo dáiríreacht — chuireamar £79,000 ar fáil chun tús a chur leis an obair riachtanach seo.

Question No. 14 to the Minister for Justice.

(Interruptions.)

Please Deputy McCormack, allow Question Time to proceed in an orderly fashion. Deputy McCormack, desist. We are now embarking upon questions nominated for priority for which 15 minutes only is provided for under Standing Orders of this House.

Top
Share