Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Oct 1991

Vol. 411 No. 4

Written Answers. - Scoil Lán-Ghaelach do Thamhlacht (Baile Átha Cliath).

Pat Rabbitte

Question:

230 D'fhiafraigh Mr. Rabbitte den Aire Oideachais an gcuirfidh sí meánscoil lán-Ghaelach fáil do pháistí atá ag críochnú a gcuid bunscolaíochta i scoileanna lán-Ghaelach i dTamhlacht, Baile Átha Cliath 24.

Tá iarratas déanta ag Coiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath ar scoil iarbhunoideachais lán-Ghaelach a bhunú i dTamhlacht. Tá an t-iarratas sin á scrúdú i láthair na huaire.

Top
Share