Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 5 Nov 1991

Vol. 412 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Calafort agus Aerstráice ar Oileán Thoraigh.

Dinny McGinley

Question:

2 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach cad é and dul chun cinn atá déanta le dhá bhliain anuas maidir le calafort agus aerstráice a thógáil ar Oileán Thoraigh.

Maidir leis na muiroibreacha, is eol don Teachta gur cheadaigh mo Roinnse deontas £66,000 ar 12 Nollaig 1989 chun a chumasú do Roinn na Mara suirbhéanna éagsúla agus staidéar mion-samhail a dhéanamh ar an oileán chun fháil amach cad iad na hoibreacha mara is fearr a d'fhreastalódh ar riachtanais mhuintir an oileáin.

Tá na suirbhéanna déanta ach is gá díriú anois ar an staidéar mion-samhail a dhéanamh. Tá curtha in iúl do mo Roinnse le déanaí ag Roinn na Mara go bhfuil méadú tagtha ar an gcostas measta don staidéar. Tá lúcháir orm a rá go bhfuil deontas breise £10,000 ceadaithe agam anois agus go bhfuil iarrtha agam ar Roinn na Mara tabhairt faoin staidéar gan mhoill.

Maidir le aerstráice agus aersheirbhís don oileán, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an cheist áirithe sin á bhreithniú acu go fóill agus go bhfuiltear dóchasach go gcuirfear togra faoin gcás faoi bhráid bhord an Údaráis roimh dheireadh an bliana.

An aontódh an tAire go bhfuil sé beagnach trí bliana anois ó láinseáladh an plean forbartha do Oileán Thoraigh, agus gur ceann de na príomh chuspóirí a bhí sa phlean ná calafort ceart a dhéanamh don oileán, agus gur beag dul chun cinn atá déanta ó shin? Tá géarchéim chumarsáide ar Oileán Thoraigh. An bhféadfadh an tAire a rá tar éis trí bliana cén uair a bheifear ullamh chun tus a chur leis an obair an-tábhachtach seo?

Mar atá a fhios ag an Teachta, ní féidir linn dul ar aghaidh go dtí go mbeidh an wave-model study déanta. Chuireamar £66,000 ar fáil agus tá an stáidéar híodragrafach agus topografach déanta anois. Dúirt Roinn na Mara linn go raibh níos mó airgid de dhíth chun an wave-model study a dhéanamh. Tá an t-airgead breise sin, £10,000, curtha ar fáil, agus is dócha go dtógfaidh sé suas le sé mhí chun an staidéar a chríochnú. Níl mé féin sásta nach bhfuil an staidéar seo againn roimh ré, ach bhí deacrachtaí ar an oileán maidir leis an aimsir agus le leibhéal na taoide. Aontaím leis an Teachta cé chomh tábhachtach is atá sé tús a chur leis an bhforbairt seo agus geallaim dó nach gcuirfidh mise ná Aire na Gaeltachta ná an Rialtas moill air seo. Aontaím go bhfuilimid ag fanacht cúpla bliain anois ach tháinig mise isteach sa Roinn i lár 1989 agus thart faoi mí Samhain na bliana sin chuireamar an t-airgead sin ar fáil. Tá moill curtha ach caithfidh mé bheith féaráilte do Roinn na Gaeltachta, mar mhol an Roinn i 1983 go gcuirfí airgead ar fáil chun na suirbhéanna seo a dhéanamh. Ag an am sin ní raibh de dhíth ach £25,000 agus ní raibh an tAire Airgeadais ag an am sin, atá sa Teach inniu, an Teachta Dukes, sásta an méid sin a chaitheamh. Is cinnte go bhfuil moill curtha air seo ach is mór an trua, nuair a bhí sé níos saoire an obair seo a chur i gcrích, nár tugadh cead.

Sin leithscéal an-bhacach ón Aire Stáit, ag cur lochta ar dhaoine eile. Bhí an tAire Stáit ar an oileán nuair a láinseáladh an plean. An aontodh sé, nuair a bhíomar go léir ar an oileán, agus an Teachta Dukes len ár gcois, gur thuig muintir an oileáin an lá sin trí bliana ó shin go mbeadh dul chun cinn mór déanta, taobh istigh de thréimhse bheag, go bhfuil an méid ama sin imithe agus nach bhfuil aon chalafort i dToraigh agus nach féidir leis an Aire Stáit dada a rá ach "níor dhein sibhse aon rud i 1983." Tá leithscéal níos fearr ná sin ó mhuintir Thoraigh agus uaimse fosta.

Tá mise ag tabhairt na fíricí don Teach.

(Cur isteach.)

Má tá freagra de dhíth ar an Teachta, caithfidh sé bheith foighdeach. B'fhéidir nach bhfuil an Teachta sásta leis na fíricí.

Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit ag caint faoi——

An tAire Stáit gan cur isteach.

Shíl mise go mbeadh deis cainte ag gach uile Theachta agus muna bhfuil freagra de dhíth——

(Cur isteach.)

A Cheann Comhairle, níl sé ag iarraidh éisteacht.

Táimid ag dul ar aghaidh go ceist a 3.

Tá muintir Thoraigh cliste agus beidh a fhios acu go bhfuil an Teachta McGinley ag iarraidh dallamullóg a chur orthu. Bhí sé féin agus an Teachta Dukes anseo le haghaidh beagnach cúig bliana agus ní raibh siad sásta £25,000 a chur ar fáil do mhuintir Thoraigh. Chuireamar an t-airgead ar fáil agus leanfaimid ar aghaidh leis an fhorbairt sin.

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom cad é an bhaint atá idir wave-motion study agus staid na TV le aerstráice ar an oileán?

Ní dúirt mé rud ar bith faoin baint sin. Thug mé freagra ar an gceist a cuireadh. Is dócha nach raibh an Teachta ag éisteacht.

A Cheann Comhairle——

Tá mé ag dul ar aghaidh le ciest a 3.

I have had a question down since 4 December to the Minister for Communications.

Deputy McCormack, please do no disrupt Question Time in this fashion. It is completely out of order.

I am asking why I did not get an explanation until a moment ago, when I was informed that my question had been disallowed. Why did it take since 4 December until today to inform me that my question had been disallowed?

Deputy McCormack, that is most unruly; please resume your seat.

I received an explanation a minute ago.

I am not concerned about that, Deputy.

I am very concerned for the people of Dominick Street whose post office was closed. Now the Minister has no responsibility in the matter despite the fact that he is not in order in taking the safe out of the post office——

Deputy McCormack, resume your seat forthwith.

I will bow to the Chair's wishes but I am not satisfied at receiving this explanation on my desk just now.

Deputy McCormack, I shall have to ask you to leave the House if you persist in this disorderly fashion.

(Interruptions.)

There will be no need for the Chair to ask me to leave.

I had just come, in accordance with the order of the House, to deal with questions nominated for priority, and the Deputy intervened in an unruly manner.

I will wait until other questions.

I am obliged to say as usual, Minister and Members, that we have come to deal with questions nominated for priority and, in accordance with Standing Orders of this House 15 minutes only is provided for this purpose.

I accept that. I will wait until other questions.

Deputy McCormack, do not push your luck.

Top
Share