Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Nov 1991

Vol. 413 No. 6

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Fostaíocht i gContae Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

3 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach can iad na hiarrachtaí atá ar siúl faoi láthair le fostaíocht a chur ar fáil i gceantar Ghleann Cholm Cille i nDún na nGall.

Is eol domsa agus is eol d'Údarás na Gaeltachta go bhfuil dianghá le deiseanna fostaíochta breise a chur ar fáil i nGaeltacht iardheisceart Dhún na nGall i gcoitinne ina gcludaítear ceantar Ghleann Cholm Cille. Chuige sin, le cur leis na hiarrachtaí leanúnacha a bhí ar siúl cheana chun tionscnaimh fhiúntacha a aimsiú don cheantar — ó thionsclóirí ón taobh amuigh agus ó dhaoine áitiúla — bhunaigh an tÚdarás grúpa oibre níos luaithe i mbliana agus tá ionadaí ó cheantar Ghleann Cholm Cille ar an mbuíon sin. Chomh maith leis sin, bíonn oifigeach ar leith de chuid an Údaráis ag plé leis an gceantar d'fhonn é a fhorbairt.

Tuigim ón Údarás go bhfuil plé ar siúl faoi roinnt tograí beaga do Ghleann Cholm Cille faoi láthair ach go bhfuil sé ró-luath a rá cén toradh a bheidh ar na comhráite sin. Tuigim ón Údarás freisin go bhfuiltear ag súil leis go n-athbhunófar gnó adhmadóireachta sa cheantar go han-luath le sprioc fostaíochta de sheacht nduine nuair a bheidh an gnó faoi lánseol. Tá moltaí á réiteach ag an Údarás freisin maidir le caighdeán an spás monarchan atá ar fáil sa cheantar a fheabhsú agus chun spás breise a chur ar fáil ann.

Tá an tÚdarás dóchasach go mbeidh toradh fónta go luath ar na hiarrachtaí éagsúla atá idir lámha acu chun fostaíocht bhreise a chruthú i gceantar Ghleann Cholm Cille.

Tuigim ó fhreagra an Aire nár cruthaíodh aon phoist i nGleann Cholm Cille le bliain anuas, ainneoin go bhfuil an ceantar buailte go holc ag an imirce, agus tá suirbhé tar éis a bheith déanta ar an cheantar a léiríonn go bhfuil 40 duine tar éis an ceantar a fhágáil ó mhí Lúnasa seo caite. An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl dom, uimhir a haon, an bhfuil iarratas ó Údarás na Gaeltachta maidir le réamh-mhonarcha a thógáil i gceantar Ghleann Cholm Cille, agus, uimhir a dó, an bhfuil cead na Roinne faighte ag an Údarás dul ar aghaidh leis an réamh-mhonarcha i 1992?

Dála an Teachta, tá a fhios agam cé chomh holc agus atá fadhb na dífhostaíochta agus na himirce sa cheantar sin. Tá an ceart aige, níor cruthaíodh jab ar bith i mbliana, ach tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh gach iarracht. Mar a dúirt mé, tá grúpa ansin agus tá ionadaí ó Ghleann Cholm Cille ar an ghrúpa sin. Ní dóigh liom gur féidir leis an Údarás a rá go bhfuil ganntanas airgid ag cur as dóibh. Maidir leis an cheist faoin réamh-mhonarcha, tuigim go bhfuil plean acu réamh-mhonarcha a thógáil ansin ach, taobh amuigh de sin, níl mioneolas agam maidir le 1992. Tabharfaidh mé freagra don Teachta chomh luath agus is féidir tar éis dom dul i gcomhairle arís le hÚdarás na Gaeltachta.

Deir an tAire Stáit go bhfuil tionscnamh adhmadóireachta ceadaithe don áit ansin. An bhféadfadh sé a rá cén uair a ceadaíodh é, agus cad é an mhoill atá ann le daoine a chur ag obair ann. Bhí mé ansin ag an deireadh seachtaine agus níl éinne ag obair ann i láthair na huaire. Cén uair atá sé ag súil go mbeidh daoine ag dul ag obair sa tionscnamh seo más rud é go bhfuil sé ceadaithe?

Is é an t-eolas atá agamsa faoin togra seo, gnó adhmadóireachta sa cheantar, ná go mbunófar é go han-luath. Chomh maith leis sin tá siad ag plé tograí eile sa cheantar sin agus b'fhéidir go mbeidh 20 post breise i gceist. Is é an chéad cheann, áfach, atá á láimhseáil acu ná an gnó adhmadóireachta agus thart ar sheacht bpost atá i gceist. Ach amach anseo, beimid go léir ag cur brú orthu na poist sin a chruthú chomh luath agus is féidir.

Tá rudaí le tarlú go han-luath ansin? Mar a dúirt mé, tá 40 duine tar éis an ceantar a fhágáil le cúpla mí anuas. Tá na daoine ag éirí mífhoighneach. An bhféadfadh an tAire Stáit a chur ina luí ar an Údarás go bhfuil géarghá le beart a dhéanamh anseo láithreach nó ní bheidh aon duine óg fágtha sa cheantar ar chor ar bith.

Caithfidh mé aontú le mo chomhleacaí as an dailcheantar go bhfuil an fhadhb sin ann agus geallaim dó go ndéanfaidh mé mo sheacht ndícheall le jabanna a chruthú sa cheantar sin.

Question No. 4 postponed.

We are now embarking on questions nominated for priority to which a rigid time limit of 15 minutes applies.

Top
Share