Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Dec 1991

Vol. 414 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

4 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach cad é an dul chun cinn atá déanta, le bliain anuas, le fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht Láir i nDún na nGall ag tagairt go speisialta do cheantar Bhaile na Finne go dtí ceantar an Bhrocaigh.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil plé ar siúl le dhá dhream ar leith maidir le tionscail a lonnú i monarcha de chuid na heagraíochta i mBaile na Finne atá folamh. Táthar ag súil le cinneadh a dhéanamh laistigh de roinnt míonna i gcás togra amháin. Is togra imlíneach atá faighte sa dara cás.

Tá gach is féidir á dhéanamh ag an Údarás chun deiseanna fostaíochta breise a chruthú sa cheantar. Anuas ar imeachtaí an Údaráis féin, tá Coiste Oibre Bhaile na Finne ag feidhmiú mar eagraíocht fhorbartha áitiúil le roinnt blianta anuas agus bíonn an tÚdarás i gcomhairle leis an gcoiste sin d'fhonn forbairt an cheantair i gcoitinne a chur chun cinn. Bhuail Coiste Réigiúin Thír Chonaill den Údarás leis an gcoiste oibre le déanaí agus bhí plé eatarthu maidir le deiseanna fostaíochta a chur ar fáil sa cheantar agus maidir leis an mbealach a b'fhearr chun dul chinn a dhéanamh.

Aithníonn an tÚdarás riachtanais cheantar an Bhrocaigh go speisialta agus leanfar leis na hiarrachtaí — i gcomhair leis an chomhairle paróiste — chun tionscal oiriúnach a aimsiú dó. Tá breithniú á dhéanamh ag an Údarás ar an ngá do spás tionsclaíoch sa cheantar sin.

Ar ndóigh, cuirfear fáilte roimh iarratais ó mhuintir na Gaeltachta Láir féin ar chuidiú chun tograí fiúntacha a bhunú sa cheantar.

An aontódh an tAire Stáit go bhfuil neamart mór déanta sa cheantar seo le blianta anuas ag an Údarás agus ag gach dream eile, mar nach bhfuil aon phoist, gurbh fhiú trácht orthu, bunaithe sa cheantar láidir folláin Ghaeltachta sin i láthair na huaire? Níl aon phost sa Bhrocaigh, mar a dúirt an tAire Stáit, Ní shílim gur cuireadh aon phoist ar bun ansin le blianta anuas. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá an bhfuil sé ar intinn ag an Údarás réamh-mhonarcha a chur ar bun ansin agus poist a chruthú an bhliain seo chugainn, mar is soiléir nach bhfuil sé chun é a dhéanamh i mbliana.

Caithfidh muid bheith praiticiúil faoi seo. Ní dóigh liom gur féidir monarcha a thógáil idir seo agus deireadh na bliana. Ach tá monarcha ansin — b'fhéidir nach réamh-mhonarcha é — agus tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh a ndíchill chun tionsclóirí a mheal-ladh go dtí an mhonarcha sin. Níl mise sásta, os rud é go bhfuil an mhonarcha sin ina suí folamh le blianta beaga anuas, agus tá gach iarracht á déanamh acu. Mar a dúirt mé, tá cainteanna ag dul ar aghaidh i láthair na huaire maidir le tograí don cheantar sin. Tá thart faoi 47 ag obair sa cheantar sin le comhlachtaí a fuair cuidiú ó Údarás na Gaeltachta.

Ní féidir a rá go bhfuil an ceantar féin iargúlta, agus níl mé a rá go ndúirt an Teachta é sin. Cuireann sé iontas orm féin, nuair a fheicim ar thíreolas an chontae sin, go bhfuil sé níos cóngaraí do Bhaile Átha Cliath, níos cóngaraí don Tuaisceart, do Latharna. Is é an deacracht, b'fhéidir, gurb é an t-infrastruchtúr ginearálta a chuireann isteach air. Mar sin féin, tá daoine sásta dul níos faide siar sa chontae le jabanna a chruthú. Admháim go bhfuil fadhbanna ann. Tá fadhb na himirce agus fadhb na dífhostaíochta ann. Tá monarcha ansin agus caithfear í a líonadh ar dtús, ach tá an tUdarás ag breathnú ar an taobh eile den Ghaeltacht Lár, ceantar an Bhrocaigh maidir le suíomh agus le réamh-mhonarcha.

Dúirt mé gur ceantar fíor-Ghaeltachta é agus ceantar go bhfuil neamart déanta ann. Tá súil agam go n-aontóidh an tAire Stáit go bhfuil géarghá ann agus go gcaithfidh an tÚdarás tosaíocht níos mó a thabhairt don cheantar seo. Níl sé sin déanta san am atá thart ach tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit ábalta a insint dúinn anseo inniu go ndéanfaidh sé é san am atá romhainn. Tá géarchéim eacnamaíochta ansin mar go bhfuil na daoine ag brath ar an fheirmeoireacht agus tá deacrachtaí móra ag baint leis an fheirmeoireacht anois. Tá géarghá le fostaíocht thion-sclaíochta a chur ar bun chun na daoine a choinneáil sa cheantar, má tá siad le bheith beo.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil géarghá ann maidir le jabanna. Déanfaidh mise mo sheacht ndícheall chun a chinntiú go dtabharfar tús áite don cheantar sin an bhliain seo chugainn.

Ceist a cúig.

On a point of order, I wish to raise a matter that I hope will be easily resolved. I have been informed by your office that some of my questions which refer to Maastricht cannot be allowed because they anticipate tomorrow's statements. May I take it therefore that the matters referred to in such questions will be dealt with substantively in the Minister's statement tomorrow.

I have no idea as to what the Minister may say.

I accept your ruling but I wish to make the point that the often repeated remarks of the Minister for Foreign Affairs that Question Time on Foreign Affairs offers an alternative to a foreign affairs committee have once again proved to be incorrect.

I wish to tell the Deputy that what the Chair conveyed to him is normal practice and procedure. Before the Minister responds to Question No. 5 I would say that the questions we are embarking upon are priority questions for which 15 minutes only is permitted under Standing Orders.

Top
Share