Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 18 Feb 1992

Vol. 415 No. 8

Written Answers. - Departmental Vacancies.

Ruairí Quinn

Question:

160 Mr. Quinn asked the Minister for the Gaeltacht if he will outline, (a) the position at 30 January 1992 in relation to positions within his Department that (1) were vacant and (2) were vacant and subject to the embargo, (b) the grades involved in (1) and (2) and (c) the number of messenger and service grades which had been suppressed since January 1990; and if he will make a statement on the matter.

Tá an beartas ginearálta maidir le folúntais sa Státseirbhís leagtha amach san fhreagra a thug an tAire Airgeadais don Teachta ar 11 Meitheamh 1991 agus tá feidhm leis an mbeartas sin i gcónaí. Faoi láthair tá socruithe idir lámha chun na poist seo a leanas i mo Roinn a líonadh: Rúnaí cúnta, oifigeach feidhmiúcháin, cúntóir cléireachais agus glantóir.

Bhí beirt oifigeach seirbhíseach ag fónamh i mo Roinn ar 1 Eanáir 1990 agus tá an líon céanna ag fónamh ann faoi láthair.

Top
Share