Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Feb 1992

Vol. 416 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Mayo Factory Statistics.

Enda Kenny

Question:

5 Mr. Kenny asked the Minister for the Gaeltacht if he will outline, (a) the size and location of each factory in County Mayo controlled by Údarás na Gaeltachta and (b) the numbers employed in each such factory; and if he will make a statement on the matter.

Tá an t-eolas staitisticiúil a fuarthas ó Údarás na Gaeltachta i bhfoirm tábla agus cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Ag deireadh na bliana 1990 bhí 575 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail i nGaeltacht Mhaigh Eo a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta agus meastar gur méadaíodh an figiúr sin go dtí breis is 580 duine ag deireadh 1991. Tá roinnt foirgneamh de chuid an Údaráis folamh i gContae Mhaigh Eo faoi láthair agus leanfar go dícheallach leis na hiarrachtaí a bhíonn ar siúl ag an Údarás chun tionscail oiriúnacha a aimsiú do na foirgnimh sin.

Seo a leanas an tábla:

Áit

Achar an fhoirgnimh Méadar Cearnach

Líon daoine fostaithe go lánaimeartha (páirtaimseartha / séasúrach) ar 31/12/91

Ait UíChonáin, Béal an Mhuirthead

750

22 (1)

Ait Uí Chonáin, Béal an Mhuirthead

1,551

folamh

Baile Glas, Iorrais

560

folamh

Béal an Mhuirthead

186

4 (2)

Béal an Mhuirthead

3,020

146 (1)

Béal an Mhuirthead

1,475

{ 35

Béal an Mhuirthead

3,000

Béal an Mhuirthead

750

Cúrsa de chuid FÁS ar siúl go sealadach ann

Bun an Choire, Acaill

345

folamh

Bun an Choire, Acaill

970

5 (2)

Bun an Choire, Acaill

750

folamh

Bun an Choire, Acaill

750

Leachtaitheoir ceaptha

Bun an Choire, Acaill

112

Ligthe le heagras deonach

An Cheathrú Thaidhg, Béal an Mhuirthead

375

12

An Cheathrú Thaidhg, Béal an Mhuirthead

750

folamh

Cill an tSiáin, Tuar Mhic Éadaigh

675

40 (20)

Cuan Éilí, Béal an Mhuirthead

538

folamh

Dumha Éige, Acaill

191

1 (2)

Gaoth Sáile, Béal an Mhuirthead

745

folamh

Na Muingí, Iorrais

350

24

Poll an Tómais, Béal an Mhuirthead

433

folamh

Tuar Mhic Éadaigh

3,600

83

An tIomlán

21,876

372 (28)

Baineann na figiúirí fostaíochta atá tugtha thuas amháin le tograí atá lonnaithe i bhfoirgnimh de chuid an Údaráis. Tá daoine eile i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás lonnaithe i bhfoirgnimh nach leis an Údarás iad.

Ar dtús, cuirim fáilte roimh Aire nua na Gaeltachta agus guím rath ar do chuid oibre.

An bhfuil an tAire sásta leis an méid daoine atá fostaithe go lánaimseartha i nGaeltacht Mhaigh Eo, agus an dtabharfaidh sé cuairt go luath ar an Ghaeltacht ansin ionas go mbeidh sé in ann a fheiceáil cad é mar atá cúrsaí ansin, idir imirce is eile?

Thachtfadh an Teachta mé dá mba rud é gur dhúirt mé go raibh mé sásta leis an méid daoine atá fostaithe ag an Údarás i gContae Mhaigh Eo. Ní fhéadfadh éinne i láthair na huaire a bheith sásta le cúrsaí fostaíochta in aon chearn den tír, ach tabharfaidh mé cuairt ar Mhaigh Eo go luath.

Cuairt an mheán oíche.

Ní cuairt an mheán oíche. Cuairt ar Thuar Mhic Éidigh, Bhéal an Mhuirthead agus mar sin.

Top
Share