Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 Apr 1992

Vol. 418 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Job Creation in County Cork.

Michael Creed

Question:

8 Mr. Creed asked the Minister for the Gaeltacht the amount of money spent by Roinn na Gaeltachta in Cork during 1991; if he will outline the projects which were undertaken; and the number of jobs created in each project.

Chaith mo Roinnse suim £345,423 i gCathair agus i gContae Chorcaí sa bhliain 1991. Cuirfear timpeall i bhfoirm tábla sa Tuairisc Oifigiúil sonraí faoi thograí ar leith ar ceadaíodh cúnamh dóibh agus caiteachas ar scéimeanna eile.

Ar ndóigh tugann mo Roinnse cúnamh airgid do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge agus téann cuid den chúnamh sin chun tairbhe na Gaeilge i gContae Chorcaí chomh maith.

Níor ceadaíodh na deontais i gceist d'aonghnó chun poist a chruthú ach is cinnte gur chabhraigh cuid de na deontais chun fostaíochta a chur ar fáil, bíodh gur fostaíocht gearr-thréimhse cuid de.

An bhféadfadh an tAire a rá, maidir leis an tsuim sin a luaigh sé, £345,000, an íocaíocht a roinn an Roinn ar na coláistí Gaeilge, mar shampla, an bhfuil Coláiste na Mumhan i gceist sa tsuim sin?

Tá an liosta anseo agus beidh mé á scaipeadh ar na Teachtaí. Tá Coláiste na Mumhan ann.

Tograí Feabhsúcháin/Cultúrtha ar chaith Roinn na Gaeltachta airgead orthu i 1991 i gContae Chorcaí

Íocaí

Togra

Caiteachas

£

Comhaltas Cosanta Ghaeltacht Chúil Aodha

Seomraí feistis/leithris

850

Comhaltas Cosanta Ghaeltacht Chúil Aodha

Seomraí riaracháin

1,000

Comhaltas Cosanta Ghaeltacht Chúil Aodha

Gléas cóipeála

1,000

Comharchumann Chléire

Deontas reachtála

21,000

Comharchumann Chléire

Stáisiún artola

2,760

Comharchumann Chléire

Seachtain chultúrtha

110

Comharchumann Chill na Martra

Ionad Pobail

6,000

Coiste na Páirce, Béal Átha an Ghaorthaidh

Páirc Imeartha

5,000

Coláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh

Oibreacha feabhsúcháin ar an gColáiste

8,500

Comhairle Chontae Chorcaí

Deisiú bóithre

5,400

Roinn an Mara

Muiroibreacha ar Chléire

1,467

Gaedhealachas Teo Gleann Maighir

“AGUS”— tréimhseachán Gaeilge

6,175

Gaedhealachas Teo Gleann Maighir

Deontas speisialta capitíocta do Scoil na nÓg

13,447

Gaedhealachas Teo Gleann Maighir

Oibreacha feabhsúcháin ar an scoil

8,500

FEASTA

“FEASTA”— tréimhseachán Gaeilge

7,500

Coiste an Naomh Ciaráin Oileán Chléire

Fóirdheontas don tseirbhís farantóireachta

36,678

Dámhscoil Mhuscraí

Costais reachtála

50

Áras Teo, Corcaigh

Oibreacha feabhsúcháin ar an bhfoirgneamh

9,500

An tIomlán

134,637

Scéimeanna ar chaith Roinn na Gaeltachta airgead orthu in 1991 i gContae Chorcaí

£

(a) Deontais íoctha le Mná Tí Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

166,354

(b) Deontais Tithíochta

42,452

(c) Deontas Labhairt na Gaeilge

1,980

An tIomlán

210,786

Top
Share