Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Jul 1992

Vol. 422 No. 4

Written Answers. - Fostaíocht i nDún na nGall.

96. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na hiarrachtaí atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta le fostaíocht a bhunú i gceantar Chill Charthaigh i nDún na nGall.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go n-aithnítear go maith an tábhacht atá leis an bhfostaíocht i dtionscail faoina scáth i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall — ceantar Chill Charthaigh san áireamh — a chaomhnú agus a mhéadú oiread agus is féidir. Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an Údarás i gcónaí d'fhonn tionsclóirí a mhealladh chun gnóanna fhiúntacha a lonnú a chuirfidh deiseanna fostaíochta bhreise ar fáil do mhuintir an cheantair seo. Chuige sin bunaíodh grúpa oibre speisialta anuraidh agus chomh maith leis sin tá oifigeach ar leith de chuid an Údaráis ag plé go sonrach leis an gceantar. Ag éirí as sin tuigim ón Údarás go bhfuil gnó nua próiseála éisc chun dul i mbun oibre i gCill Charthaigh, chomh luath is a bheidh an obair athchóirithe curtha i gcrích ar an monarcha, le sprioc fostaíochta measta de 40 dhuine lánaimseartha agus 40 dhuine séasúracha agus an tionscal faoi lánseol. Tá plé ar siúl freisin ag an Údarás i láthair na huaire faoi roinnt tograí bheaga don cheantar cé go bhfuil sé ró-luath a rá ag an bpointe seo an mbeidh toradh sásúil ar na cainteanna sin. Is léir mar sin, d'ainneoin na deacrachtaí ar leith a bhain le cuideachtaí áirithe sa cheantar le tamall anuas, go bhfuil tréaniarrachtaí ar siúl ag an Údarás chun an scéal a fheabhsú go mór. Tuigim uathu go bhfuil céimeanna á nglacadh acu, i gcomhar le Comhairle Pharóiste Chill Charthaigh, chun spás oifige a chur ar fáil don oifigeach dá chuid atá ag plé d'aonghnó leis an gceantar áirithe seo chun chur ar a chumas seirbhís cheart a thabhairt do thionsclóirí agus do dhaoine éagsula gur mian leo tograí a phlé don áit.

Top
Share