Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Jul 1992

Vol. 422 No. 4

Written Answers. - Bóthar Áise i nDún na nGall.

97. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais don bhóthair áise go céidh Mhálainn Mhór i nGleann Cholm Cille; cén uair a fuarthas an t-iarratas; an bhfuil meastachán ar fáil don obair; méid an mheastacháin; agus an gcuirfidh sé deontas ar fáil láithreach leis an obair a dhéanamh.

Tar éis achainí a fháil ó Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille maidir le staid an bhóthair seo fuair mo Roinnse meastachán ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall go gcosnódh sé £5,000 chun an bóthar a dheisiú.

Os rud é gur creimeadh cósta is cúis leis an damáiste don bhóthar ba léir nach fiú airgead a chaitheamh chun cuid de a dheisiú dá mba rud é go ndéanfadh creimeadh cósta dámaiste do chuid eile agus go leanfadh an fhadhb.

Ar an ábhar sin lorgaíodh meastachán eile ón gcomhairle chontae ar an gcostas a bhainfeadh le deisiú an bhóthair agus fadhb an chreimeadh cósta a stopadh fosta. Tuigtear dom gur £20,000 atá i gceist don obair seo agus tá ceist deontais á mheas i láthair na huaire.

Top
Share