Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 22 Oct 1992

Vol. 424 No. 2

Written Answers. - Coláistí Oiliúna Múinteoirí.

Dinny McGinley

Question:

40 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais cad é céatadán daltaí na gColáistí Oiliúna Múinteoirí ón nGaeltacht gach bliain ó 1980 go dáta; agus an bhfuil a Roinn ag cloí leis an nós go mbíonn céatadán áirithe de na daltaí seo ón nGaeltacht.

Tá an t-eolas a d'iarr an Teachta tugtha ar Thábla a scaipfear leis an Tuarascáil Oifigiúil.

TÁBLA.

Bliain

Céatadán ón nGaeltacht

%

1980

4.8

1981

4.8

1982

7.1

1983

10.0

1984

10.1

1985

9.9

1986

9.9

1987

9.9

1988

11.3

1989

7.0

1990

10.5

1991

8.6

1992

3.0

Braitheann an líon iarrthóirí ón nGaeltacht a ghlactar isteach sna coláistí in aon bhliain ar leith ar chúinsí uile na bliana sin ó thaobh nithe mar an líonn iomlán áiteanna le líonadh, an caighdeán iontrála i gcoitinne, an líon iarrthóirí ón nGaeltacht a ghnóthaíonn go leor pointí chun áiteanna a ghnóthú ar an ngnáthshlí, mar aon leis an líon áiteanna a líontar sa chéad bhabhta tairiscintí.
Sa chéad bhabhta tairiscintí fuair iarrthóirí Gaeltachta agus Galltachta tairiscintí. Glacadh le i bhfad níos mó tairiscintí ná mar ba ghnáth, agus dá thoradh sin líonadh na háiteanna uile a bhí ar fáil sa chéad bhabhta.
Mar thoradh air sin, ní raibh áiteanna ar fáil le haghaidh babhta eile tairiscintí ina dtabharfaí tosaíocht de ghnáth d'iarrthóirí Gaeltachta.
Top
Share