Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Feb 1993

Vol. 425 No. 7

Written Answers. - Road Grant Guidelines.

Proinsias De Rossa

Question:

429 Proinsias De Rossa asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if in view of the apparently different guidelines issued by the Department of the Environment and his Department in relation to eligibility for grant aid towards accommodation road improvements (LIS and Gaeltacht grants), if he will make a statement on the criteria for Gaeltacht grants.

, Donegal South West): Is chun freastal go príomha ar bhóithre áise agus portaigh nach bhfuil na h-údaráis áitiúla freagrach as a gcothabháil/deisiú/feabhsú a ceapadh Scéim na mBóithre Aise de chuid mo Roinne. De ghnáth, mura bhfuil bóthar ag freastal ar dhá theach cónaithe ar a laghad, nó ag freastal ar dheich líon tí i gcás bóthar portaigh nó talún, níl sé cáilithe chun críche deontais faoin scéim sin. Bíonn ar iarratasóirí foirm iarratais a chomhlíonadh.

Ina theannta sin, ó am go chéile, ceadaítear airgead mar bheart eisceachtúil chun freastal ar bhóithre contae a bhfuil na h-údaráis áitiúla freagrach astu. I gcásanna dá leithéid, ceadaítear an cúnamh ar choinníoll go seasfaidh an t-údarás áitiúil cuí cuid de na costais — 50 faoin gcéad de ghnáth.

Top
Share