Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 12 Feb 1993

Vol. 425 No. 9

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1993: An Dara agus na Céimeanna eile.

: Tairgim:

"Go léifear an Bille an Dara Uair".

Is mór an onóir domsa an deis seo a bheith agam an Bille seo a chur faoi bhráid na Dála. Is mó mo riméad é gur Bille é a bhaineann leis an nGaeltacht agus gur i nGaelige atá mo chéad óráid sa Teach seo mar Aire. Tá ráite agam go poiblí gur cuid lárnach de shaol agus de chultúr na tíre seo í an Ghaeilge agus tá súil agam go nglacfar go fonnmhar leis an deis seo chun an Bille a chíoradh trí mheán na teanga sin. Beidh fáilte agam roimh díospóireachtraí eile i nGaelilge amach anseo mar creidim ní amháin go bhfuil an Ghaeilge lárnach do shaol na hÉireann ach gur cheart í a bheith le cloisteáil chomh minic agus is féidir sa Teach seo agus sa Seanad.

Tá dhá aidhm leis an mBille gairid seo. Is í an chéad aidhm foráil a dhéanamh le gur féidir caipiteal a chur ar fáil feasta d'Údarás na Gaeltachta, le haghaidh scaireanna a ghlacadh i gcuideachtaí agus le haghaidh caiteachais a thabhú ar mhonarchana nó eile, mar dheontas-i-gcabhair trí Vóta mo Roinne seachas mar airleacain ón bPríomh-Chiste. Roimhe seo bhíodh caipiteal ón Stát á chur ar fáil don Údarás agus do Ghaeltarra Éireann ar dhá bhealach: ó Vóta na Roinne mar dheontais-i-gcabhair chun deontais a íoc; agus mar airleacain inaisíoctha ón bPríomh-Chiste chun a chumasú don Údarás scaireanna a ghlacadh i gcuid-eachtaí agus caiteachas a thabhú ar mhonarchana nó eile. Nuair a rithfear an Bille seo, is trí Vóta mo Roinne amháin a chuirfear an soláthar caipitil in iomlán ón Stát ar fáil don Údarás agus beidh an tÚdarás ar an mbonn céanna leis an Údarás Forbartha Tionscail maidir le cúnamh Stát d'fhorbairt tionscail.

Ó bunaíodh an tÚdarás ar I Eanáir 1980, tá suim £77.182 mhilliún airleactha dó ón bPríomh-Chiste suas go dtí deireadh na bliana seo caite. Chomh maith leis sin, bhí suim £41.791 mhilliún airleactha do Ghaeltarra Éireann ó Aibreán 1965 go dtí 31 Nollaig 1979. Faoi alt 23 (2) (c) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, níl an tsuim iomlán sin, i.e., £118.973 mhilliún inaisíoctha ná níl ús iníoctha ar an gcéanna go dtí dáta a chinn-fidh an tAire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh le Aire na Gaeltachta (An tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta anois). Tá sé soiléir le fada nach mbeadh ar chumas an Údaráis na hairleacain sin a aisíoc in iomlán riamh. Is í an dara aidhm leis an mBille seo, mar sin, foráil a dhéanamh nach mbeidh an tsuim sin inaisíoctha ná nach mbeidh ús iníoctha air.

Luaigh mé roimhe seo go raibh sé soiléir nach mbeadh ar chumas an Údaráis na hairleacain a aisíoc in iomlán agus míneoidh mé cén fáth anois. Léiríonn Cuntais fhoilsithe an Údaráis don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 1991 gurbh é glan-luach monarchana, foirgneamh agus áiseanna eile, agus sócmhainní dochta eile an heagraíochta ar 31 Nollaig 1991 ná £59.013 mhilliún. Léiríonn na Cuntais chéanna gurb é glan-luach (tar éis soláthar i gcomhair athluacháil a dhéanamh) infheistíochtaí an Údaráis i gcuideachtaí ag 31 Nollaig 1991 ná £9.047 milliún. Chomh maith leis sin, bhí féichiúnaithe iarchurtha de £1.68 mhilliún ag an Údarás. Tagann na suimeanna sin ar fad go dtí £69.745 mhilliún. Go dtí 31 Nollaig 1991, tugadh airleacain dar luach £113,473 mhilliún don Údarás. Mar sin tá easnamh de £43.728 milliún sa chuntas. Déantar suas an £43.728 milliún sin mar seo a leanas:

£milliúm

Dímheas ar shócmhainní dochta

12.183

Infheistíochtaí díscríofa móide dochar/sochar ar shócmhainní a dhíol

24.590

Caillteanais na seanrannóga trádála a bhí ag feidhmiú faoi Ghaeltarra Éireann

7.570

Fuílleach ar chúltaca aoisliúntais ag 31 Nollaig 1979.

(0.615)

£43.728

Níl figiúirí iniúchtha do 31 Nollaig 1992 ar fáill go fóill ach meastar gur easnamh de £44.326 mhilliún a bheidh ann ar an dáta sin.

Ag féachaint do na figiúrí atá tugtha agam d'airleacain ón Stát don Údaras i gcomparáid le glan-luach na maoine agus na n-infheistíochtaí anois, is leir go raibh agus go bhfuil forbairt tionscail sa Ghaeltacht costasach. Ar an taobh eile den scéal, áfach, ní mór a chur san áireamh go bhfuil breis agus 5,600 post lánaimseartha agus beagnach 2,000 post séasúr-ach i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis. Chomh maith leis sin, tá oiliúint thionsclaíoch tugtha do líon mór oibrithe agus, ainneoin iargúltacht agus laigeachtaí bhunstruchtúir na limistéar sin tá bonn maith tionsclaíoch bunaithe sa Ghaeltacht anois. Trí is tríd, táim sásta gurbh fhiú an caiteachas ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus caomhnú na Gaeilge.

Maidir le Cuntais an Údaráis, beidh athruithe le déanamh ar an leagan amach nuair a bheidh feidhm leis an reacht-aíocht is ábhar don Bhille seo. Is ceist í sin a bheidh le socrú tar éis plé idir an Údarás, mé féin mar Aire, an Aire Airgeadais agus an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Bliain deacair a bhí ann anuraidh maidir le fostaíocht a chruthú agus a chaomhnú sa Ghaeltacht. Cruthaíodh 975 phost nua lánaimseartha ar an bhfód i 1992 i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás agus, tar éis caillteanais de 920 post a chur san áireamh, bhí méadú glan de 55 phost sa bhliain sin. Ba í 1992 an t-aonú bliain déag i ndiaidh a chéile ina raibh glanmhéadú san fhostaíocht i dtionscail faoi scáth an Údaráis. Ag deireadh 1992, bhí 5,652 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis i gcomparáid le 5,597 nduine ag deireadh 1991.

Chomh maith leis sin, tá acmhainn de 1,440 post nua i dtograí ar cheadaigh an tÚdarás cúnamh ina leith anuraidh. Meastar go bhfuil móriomlán infheist-íochta de £48 milliún i gceist sna tograí sin agus beidh a shochar sin le haithint ar an bhfód sa Ghaeltacht i rith na mblianta atá romhainn.

Tá fostaíocht shéasúrach an-tábhachtach don Ghaeltacht agus tháinig méadú de 320 ar líon na bpost sin sa Ghaeltacht le linn 1922 ó 2,260 duine i 1991 go dtí 2,580 duine i 1992. Chomh maith leis an bhfostaíocht shéasúrach/ pháirtaimseartha sin, bhí 77 Scéim Fhost-aíochta Shóisialta a raibh luach £1.4 mhilliún ag gabháil leo agus 635 dhuine fostaithe orthu á riaradh ag an Údarás i 1992 i gcomhar le FÁS agus coistí Gaeltachta.

Maidir leis an 920 post a cailleadh i rith na bliana seo caite, tuigtear ón Údarás gur athchruthaíodh timpeall 300 díobh trí thograí nua a bunaíodh ar shócmhainní na gcomhlachtaí ar theip orthu. Bhain formhór na gcaillteanas eile le laghduithe ar a bhfoirne oibre a b'éigean do chomh-lachtaí a chur i bhfeidhm de bharr deacrachtaí trádála i margaí éagsúla. Is fadhb mhór í líon na bpost a chailltear sa Ghaeltacht gach bliain, a chealaíonn beagnach iomlán na bpost a chruthaítear go bliantúil. Tá sé ráite go soiléir sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta go mbeidh an tÚdarás ag cur lena n-iarrach-taí, ní amháin chun fostaíocht bhreise a chruthú ach freisin chun an fhostaíocht atá ann a chaomhnú. Is cinnte go gcaithfear scrúdú a dhéanamh ar na critéir a úsáideann an tÚdarás i dtaca le cúnamh a cheadú do thograí agus iarracht a dhéanamh chun na laigeachtaí a thagann chun cinn i gcomhlachtaí beaga maidir le bainistíocht, margaíocht agus teicneolaíocht a mhaolú.

Tá dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ag an Údarás maidir leis an meánchostas deontais in aghaidh an phoist a laghdú. Anuraidh ba é an meánchostas ná £9,130 i gcomparáid le £9,800 i 1991 agus £11,470 i 1990. Tá an laghdú seo ag teacht le cinneadh polasaí a glacadh cúpla bliain siar maidir le meánrátaí deontais a laghdú agus sciar níos airde den infheistíocht a lorg ó na hinfheisteoirí féin.

Ní féidir liom figiúrí cinnte a lua inniu maidir leis an soláthar airgid a bheidh ar fáil ag an Údarás ón Stát i mbliana — foilseofar iad sin i Leabhar na Meastachán go hanluath — ach tig liom a rá go mbeidh méadú suntasach i gceist i gcomparáid le soláthar na bliana seo caite.

Tá béim leagtha agam inniu ar aidhmeanna an Bhille seo agus tá léargas gairid tugtha agam ar an dul chun cinn a rinne an tÚdarás le linn 1992. Beidh deis agam ráiteas níos iomláine faoin nGaeilge a thabhairt don Teach nuair a bheidh Meastachán mo Roinne á phlé anseo níos déanaí.

Molaim don Dáil glacadh leis an mBille seo.

Ba mhaith liom comh-ghairdeas a dhéanamh ar dtús le mo chomhleacaí anseo le roinnt blianta, an tAire úr Cultúir, Ealaíon agus Gaeltachta. Is minic a labhraíomar anseo i rith na mblianta ar chúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí an Údaráis agus tá lúcháir orm go bhfuil an cúram agus an fhreagracht sin air anois. Tá sé cosúil le póitséalaí a cuireadh ar an dtaobh eile chun aire a thabhairt do na hainmhithe. Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis in a ról úr. Failtím roimh an mBille seo. Sílim gur moltaí ciallmhara atá ann agus is suntasach gurb é seo an chéad Bhille a thug an tAire isteach sa Teach. Is doigh liom gurbh iad aidhm agus cuspóir an Bhille ná an tÚdarás ar chur ar aon bhonn le heag-raíochtaí forbartha tionscail eile sa tír, mar an IDA agus SFADCo, agus a chinntiú, as seo amach go mbeidh airgeadú an Údaráis ag teacht as an Státchiste agus go mbeadh aitheantas ag dul dó sin.

Sílim go n-aontaítear go bhfuil jab níos deacra ag an Udarás i sólathar fostaíocht tionsclaíochta sa Ghaeltacht ná mar atá ag na heagraíochtaí eile a luaigh mé. Tá an tÚdarás ag feidhmiú i gceantar atá scaite agus iargúlta i gcomparáid leis na ceantair a ndéanann SFADCo agus an IDA freastal orthu. Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna cumarsáide agus infrastrúctuir ar leith ag baint leis an nGaeltacht agus go mbíonn sé níos deacra mar sin mórthionscail a mhealladh go dtí an Ghaeltacht ná chuig páirteanna eile den tír.

Dá bhrí sin, tá sé thar am go mbeadh acmhainn ag an Údarás deontais agus breis tacaíochta a thabhairt do dhaoine a bhfuil fonn orthu fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Tá laincis ar an Údarás faoi láthair faoi choinne sin, i gcomparáid leis na heagraíochtaí eile. Tá súil agam agus Aire nua i mbun dualgais anois go n-amharcfaidh sé ar an ngné sin de dheacr-achtaí an Údaráis agus go gcuirfidh sé a gcumas ráta níos airde deontais a thairisc-int do thionsclaíthe ná mar is féidir leis na heagraíochtaí eile a mbíonn an tÚdaras ag iomaíocht leo. Tá tábhacht ag baint le costaisí ama tionsclaíochta agus soláthar infrastruchtúir agus bíonn costaisí méadaithe ag gabháil le tionscail atá lonaithe in áiteanna iargúlta.

As seo amach is í Éire an t-aon chuid den Chomhphobal Eorpach nach mbeidh ceanglaithe leis an chuid eile. An bhliain seo chugainn, tar éis oscailt an Tolláin idir an Bhreatain agus an Fhrainc, beidh Éire ar an t-aon cheantar gearrtha amach ó na margaí, agus os rud é go bhfuil an Ghaeltacht suite níos faide ón Eoraip ná aon chuid eile den tír tá an cuidiú beag seo de dhíth uirthi go géar.

Tá mé buartha mar gheall ar na boird fhiontar contae atá á mbunú i láthair na huaire. Chomh fada agus is eol dom tá bord fiontar contae bunaithe cheanna féin i ndáilcheantar an Aire i nGaillimh. Ní dóigh liom gur bunaíodh ceann eile faoin dtír go fóill ach de réir tuairiscí ní fada go mbunófaí. Cad é an tionchar a bheas ag na boird seo ar ról an Údaráis sna Gaeltachtaí? An mbeidh a leithéid chéanna de chumhachtaí agus freagracht ag an Údarás sna Gaeltachtaí agus a mbeidh ag na boird seo sa chuid eile den tír? An mbeidh Údarás na Gaeltachta ag brath ar airgeadú nó an mbeidh an tÚdarás fós ag fáil a chuid airgeadú agus acmhainniú ón Státchiste, ó Roinn na Gaeltachta?

De réir mar a thuigim, beidh freagracht turasóireachta agus forbairt seirbhisí eile ar na boird úra fiontair. An mbeidh a mhacasamhail de chumhachtaí agus de fhreagracht ag an Údarás sna ceantair Ghaeltachta? Más mar sin a bheidh, ní mór athscrúdú a dhéanadh ar Acht Údarás na Gaeltachta mar beidh gále breis cumhachtaí a thabhairt don Údarás. Is beag cúram atá ag an Údarás i láthair na huaire maidir le forbairt thurasóireachta. Má bhíonn an cúram sin ag na boird fhiontar contae, cé ag a mbeidh sé sna Gaeltachtaí? Tá soiléiriú ag teastáil sa cheist sin.

Creidim, leis, go mbeidh sé de chumhacht ag na boird úra fiontair forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí, cumhacht nach bhfuil ag an Údarás faoi láthair. Tá seirbhísí go leor in easnamh fós sa Ghaeltacht agus b'fhiú amharc ar an ngné seo, feáchaint an bhféadfaí cumhacht a thabhairt don Údarás ann.

Mar a dúirt an tAire, agus tá sé ráite i dTuairisc Shealadach Roinn na Gaeltachta, bunaíodh 975 phost sna Gaeltachtaí le linn 1992. Uimhir mhaith postanna í sin agus is suntasach go bhfuil costaísí in aghaidh an phoist ag teacht anuas anois le roinnt blianta. Cúis imní dúinn, áfach, gur cailleadh 920 post Gaeltachta sa tréimhse chéanna; fágann sé sin gur cruthaíodh 55 post nua Gaeltachta anuraidh. Tá gá le tacaíocht cúnamh ón Roinn le go ndéanfar sáriarracht postanna atá ann cheana féin a chosaint. Go minic, tá sé níos fusa agus níos saoire postanna a choimeád beo ná postanna nua a chruthú.

I rith na seachtaine seo, pléadh sa Dáil an ghéarchéim airgeadais. Luadh láimhseáiliú an phuint agus sterling. Chuir ísliú an phuint i gcomparáid le sterling isteach go mór ar thionscail sa Ghaeltacht. Díoltar an-chuid táirgí Gaeltachta leis an mBreatain, agus le sé mhí anuas le linn na géarchéime, tá buillí tubaisteacha á mbualadh ar thionscail Ghaeltachta. Tá mioneolas agam ar thionscail i mo dháilcheantar féin atá ag dul ó lá go lá agus postanna i mbaol. Tá cruinnithe prainneacha socraithe don tseachtain seo agus don tseachtain seo chugainn, de réir tuairiscí a chualamar maidin inniu, do thionscail atá faoi bhrú millteanach de bharr costaisí breise agus deacrachtaí margaidh ag éirí as an ngearchéim airgeadais.

B'fhiú don Aire dul i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta agus iníuchadh a dhéanamh ar thionscail Ghaeltachta atá sáite i ndeacrachtaí airgeadais faoi láthair d'fhonn iad a choimeád ag táirgeadh go dtí taréis na géarchéime. Dhéarfainn go bhfuil a leithéid sin de dheacrachtaí ag tionscail i ndáilcheantar an Aire, chomh maith le ceantair Ghaeltachta eile. Bhí trácht ar an ngéarchéim ar na meáin chumarsáide uilig agus chuir sé isteach ar mhuintir na Gaeltachta a oiread céanna nó níos mó ná ar pháirteanna eile den tír. Tá iasachtaí le n-íoc ag muintir na Gaeltachta dála daoine eile faoin dtír.

Ba mhaith liom go dtabharfadh an tÚdarás aire speisialta do na ceantair bheaga Gaeltachta. Tá ceantair mhóra Gaeltachta i nDún na Gall, i nGaillimh agus i gCúige Mumhan ach is minic go mbíonn ceantair bheaga i mbaol a ligean i ndearmad. Tá an Ghaeilge, an cultúr agus an dúchas láidir sna ceantair bheaga seo cé nach bhfuil daonra mór iontu. I mo chontae féin, smaoiním ar Chill Chárthaigh, Gleann Cholmcille, an Charraig, an Ghaeltacht Lár agus Cloch Cheann Fhaolaidh. Is beag fostaíochta a bunaíodh ansin le roinnt bhlianta; is amhlaidh gur cailleadh an-chuid postanna ann. Ba mhaith liom go dtabharfadh an tÚdarás aire ar leith d'áiteanna mar sin. Tá mé cinnte gurb amhlaidh an cás i go leor pócaí Gaeltachta ó Charna go Ros a'Mhíl, agus i gCúige Mumhan i mBaile Bhúirne, i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i gCúil Aodha.

Ní mór cuimhneamh ar na hoileáin Ghaeltachta freisin, siar agus ó thuaidh. Cé go bhfuil daonra fiúntach ar na hoileáin sin — 600 nó 700 ar Árainn Mhór agus breis is céad ar Thoraí — is beag fostaíocht thionsclaíochta atá ar fáil faoi láthair ar na hoileáin sin. Ba chóir iarracht a dhéanamh chun tionscail bunaithe ar cheardaíocht nó ar thurasóireacht a chur ar siúl ar na hoileáin. Tá sé de dhulgas orainn fostáiocht, teacht isteach agus slí maireachtála a chur ar fáil do, mhuintir na n-oileán dála aon mhuintir ar an mórthír.

Molaim an tÚdarás as ucht scéim ina bhfuil siad páirteach ar oileán Thoraí. Don chéad uair riamh tá teacht ósta á thógáil ann a chuideoidh le tionscal na turasóireachta ann. Is breá go bhfuil rannpháirtíocht ag an Údarás sa tionscnamh seo agus tá mé cinnte go gcuirfear fostaíocht ar fáil le linn séasúr na turasóireachta nuair a bheidh an obair críochnaithe. Sampla é seo den rud a thig leis an Údarás a dhéanamh i gcúrsaí turasóireachta.

Is breá liom go bhfuil an tÚdarás ag glacadh suim bhríomhar i soláthar theilifís trí Ghaeilge. Is iad a bhí i mbun na tuairisce a cuireadh amach, trí nó ceithre bliana ó shin. B'fhéidir nár déanadh mórán dul chun cinn fós ach tá an t-ábhar os comhair an Rialtais anois. Sílim go n-aontaíonn gach páirtí sa Teach go gcaithfear seirbhís cheart Ghaeilge a chur ar fáil ní amháin do mhuintir na Gaeltachta ach do Ghaeilgeorí ar fud na tíre. Is maith liom go bhfuil an tAire ag glacadh suime san fhorbairt seo, ó ceapadh ina Aire é. Is minic a d'éist mé leis ar Thráth na gCeist ag plé cúrsaí Gaeltachta agus bhí sé féin agus an taobh seo Tí ar aon intinn lena chéile. Go minic athraíonn daoine a ndearcadh nuair a thrasnaíonn siad ó thaobh an Fhreasúra go dtí taobh an Rialtais. Tá an tAire ina phost le cúpla seachtain anois agus ní fheictear dom gur tháinig athrú mór farraige air ó thrasnaigh sé an t-urlár agus tá súil agam gur mar sin a leanfaidh.

Tá ról ag an Údarás i soláthar theilifís Ghaeilge. Tá siad, faoi láthair, ag déanamh airgeadú ar chláracha Gaeilge a mbeadh suim ag daoine óga iontu agus sílim go bhfuil jab maith á dhéanamh acu. Tá súil agam go bhfaighe siad gach cuidiú chun leanúint leis an obair seo.

Tá baint ag an Údarás leis an gclár Leader a bhfuil airgeadú a dhéanamh air ag an gComhphobal ar son forbairt tuaithe áitiúil. Ar na príomhlimistéir gníomhaíochta tá forbairt thurasóireacht tuaithe agus forbairt mioncheardaíochta. Tá an tÚdarás i dtús áite ag aithint cad iad na foinsí airgid atá ar fáil ón Eoraip agus ag baint usáid astu chun ceantair Ghaeltachta a fhorbairt.

Tá obair mhaith á déanamh ag an Údarás ach tá go leor eile le déanamh. Tá lúcháir orm go ndúirt an tAire, cé nach bhfuil a fhios aige go baileach an mó airgid a gheobhas an tÚdarás i mbliana, go mbeidh sé ar chomhchéim nó thairis sin ar an méid a fuarthas anuraidh. I dTír Chonaill, tá mé cinnte gurb amhlaidh sna Gaeltachtaí eile. Ní féidir an Ghaeltacht, an teanga nó an cultúr Gaelach a shábháil gan pobal beo sna ceantair Ghaeltachta.

Tá ról mór ag an Údarás i soláthar slí bheatha do mhuintir na Gaeltachta agus is ar an Rialtas agus go mórmhór ar an Aire, a bhfuil Gaeltacht ina dháilcheantar féin aige, atá an tÚdarás ag brath. Ta an-eolas ag an Aire ar na deacrachtaí a ghabhann le eacnamaíocht na nGaeltachtaí — chuala mé é, uair eile, ag léamh faoin gcoimisiún a chuir Risteard Ó Maolchatha ar bun sna fichidí agus na moltaí a rinne an coimisiún sin. B'fhéidir go n-amharcfadh sé ar na moltaí sin arís feáchaint an bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm go fóill. Tá an t-eolas cuí ag an Aire; is socheolaí é agus beidh gach cúnamh le fáil aige ón dtaobh seo Tí fad a bheas mise ag déanamh ionadaíochta ar son ceantair Ghaeltachta. Ta súil agam go mbeidh tacaíocht aige ó pháirtí eile an Rialtais faoi choinne acmhainn agus cuidiú don Údarás lena ngnó a thabhairt i gcrích.

Táimid ag druidim le deireadh an chéid seo agus ag tús an chéid nua tá súil agam go mbeimid ábalta a rá go muiníneach go mairfidh an Ghaeltacht, an teanga, an dúchas.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le mo sheanchara as dáilcheantar Iarthar na Gaillimhe atá anois ina Aire Gaeltachta. B'fhéidir nár mhiste dom a rá gur thosaíomar beirt ár saol polaitiúil ar an dtaobh chéanna líne agus cosúil le clann madra, d'oscail ár súile ina dhiaidh sin agus táimid ar thaobhanna difriúla ó shin. Ní thógann sé sin ó mo mheas pearsanta air agus tá áthas orm go bhfuil an post tábhachtach seo bainte amach aige. Tá mé cinnte go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais nua.

Is fada ó shuigh Áire Gaeltachta ó dháilcheantar Ghaeltachta ag bord an Rialtais. Tá tuiscint chuimsitheach aige ar na fadhbanna atá le réiteach. Dála an Teachta McGinley, tig liom a rá go dtabharfaidh mé féin agus mo pháirtí tacaíocht d'aon bheart fiúntach a chuideoidh leis na Gaeltachtaí. Tá sé tábhachtach go nglacfadh Aire na Gaeltachta cúram na Roinne sin air féin. Fograíodh tuarascáil fadó ar a tugadh "Gníomh don Ghaeltacht" agus beidh mise, an Teachta McGinley agus Teachtaí eile ag faire anois ar ghníomh do na Gaeltachtaí ón Aire seo.

Tá tuiscint níos cruinne ag an Aire seo ar fhadhbanna na nGaeltachtaí ná mar a bhí ag aon Aire a ghabh roimhe nár toghadh as ceantar Gaeltachta é agus ní ag caitheamh anuas ar aon Aire nó Aire Stáit eile atáim. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh an tAire go bhfaighfidh sé tacaíocht uainne chun aon bheartas fiúntach a thabhairt i gcrích.

Is iad na Gaeltachtaí croí saibhris na hoidhreachta Gaelaí. Caithfear eisceachtaí a dhéanamh dóibh i gcónaí ó rialacha forbairt thionscalaíochta a chuirtear i bhfeidhm in Éirinn go ginearálta. Má chailltear an Ghaeilge, má théann caighdeán maireachtála mhuintir na nGaeltachta chun donachta, má mhéadaíonn ar an ndífostaíocht ann agus más iad Boston, Nuah Eabhrac agus an Astráil príomhdhóchas na n-áitritheoirí Ghaeltachta, is beag maitheas dúinn bheith ag trácht ar thábhacht na hoidhreachta.

Is orainne atá an dualgas rud fiúntach a dhéanamh anseo. Cuireann sé díomá orm nár déanadh níos mó go dtí seo, ó thaobh tuarascála a fhoilsiú agus ceist chasta na nGaeltachtaí a iniúchadh; bhí daoine ann a bhí dáirire faoin nGaeilge i gcónaí agus measaim gurb é an Teach seo a lig síos iad. Ní mór dúinn uilig milleán ar son an easpa dul chun cinn a ghlacadh orainn féin. Tá súil agam nach mbeidh aon díomá orm faoi obair an Aire seo nuair a thiocfaidh deireadh lena thréimhse oifige.

Nuair a chuala mé go raibh Bille faoi Údarás na Gaeltachta á thabhairt os comhair an Tí, cheap mé go bhfeicfinn ann cuid de na rudaí a bhí á mholadh ag an Aire agus agam féin le blianta beaga anuas. Mo thrua nach bhfuil ann ach cealú fiacha an Údaráis de bharr iasachtaí airgid ón Stát, agus bhí a fhios ag an saol nach gcuirfí iallach ar an Údarás an t-airgead sin a aisíoc. Bhí súil agam go mbainfí úsáid as an mBille seo chun breis cumhachtaí a bhronnadh ar an Údarás. Bhí baint agam leis na díospóireachtaí agus leis an cinneadh Rialtais as ar bunaíodh an tÚdarás. Is cuimhin liom go raibh cuid mhaith daoine i gcoinne cumhachtaí fairsinge a thabhairt don Údarás, nó i gcoinne a bhunadh, fiú, ach bhí slí ann chun cumhachtaí an Údaráis a leathnú, de réir an chéad Bhille, dá dtiocfadh an t-iarratas cuí ar aghaidh.

Ag breathnú ar na blianta ó Eanáir 1980 nuair a thóg an tÚdarás cúramaí Ghaeltarra air féin agus gur baisteadh ina Údarás é, is beag cumhacht bhreise a bronnadh air. Cúram maidir le forbairt thionsclaíochta is mó atá ar an Údarás ó shin i leith. Beidh tacaíocht le fáil ag an Aire uaimse má thionscnaíonn sé Bille eile chun cumhachtaí breise a bhronnadh ar Údarás na Gaeltachta agus chuige sin bheadh athruithe ag teastáil i gcóras an Údaráis. Ní mór seans a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta breis tionchar a bheith acu ar fhorbairt a gceantair féin.

Nuair a théann comhairleoir ó cheantar Ghaeltachta chuig cruinniú míosúil dá chomhairle contae, buaileann sé le huimhir mhór comhairleoirí ó cheantair eile a bhfuil easnaimh eagsúla ar a gceantair. Is beag aird a thugtar ar fhadhbanna an cheantair Ghaeltachta mar tá tromlach na vótaí ag na comhairleoirí arbh lasmuigh den Ghaeltacht dóibh.

Más é polasaí an Rialtais i gcónaí, an Ghaeilge a chur chun cinn, na Gaeltachtaí a chothú agus a neartú agus eisceachtaí áirithe a dhéanamh díobh caithfear gníomh speisialta a dhéanamh ar a son. Creidim gurb é seo — cumhachtraí údarás áitiúil a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta — an bealach is fearr lena dhéanamh; b'féidir, áfach, go bhfuil bealach níos fearr ann. Ar aon chuma, ní mór athrú bunúsach a dhéanamh ar na córais chabhrach atá ann faoi láthair do mhuintir na Gaeltachta.

Is dócha gur cúinsí stairiúla a chinntigh gurb sna Gaeltachtaí mar is eol duínn iad, a mhairfeadh an Ghaeilge. Áiteanna iargúlta atá i geist, a thit lasmuigh d'achar suime sean-riaraitheoirí na tíre seo, agus inar cloídh leis an teanga agus an cultúr Gaelach. Is orainne atá an tairbhe dá bharr. Ó bunaíodh an Stát, áfach, tá na ceantair Ghaeltachta ag dul i laige agus líon na gcainteoirí Gaeilge iontu ag dul i laghad. Tá an mhuintir iontu faoi bhrú ó chultúr an Bhéarla agus is constaic mhór í an teilifís dóibh siúd atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Bíonn an teilifís ar siúl sa choirnéal an t-am ar fad agus Béarla amháin ag teacht amach as. Faigheann an Béarla stádas níos airde ná an Ghaeilge fiú i dteaghlaigh ina labhartar Gaeilge. Thacaigh mo pháirtí ó thús le moladh go mbunófaí teilifís Ghaeilge chun an deacracht sin a shárú. Cosnóidh a leithéid de sheirbhís cuid mhaith airgid ach caithfear an t-airgead a chur ar fáil ar mhaithe le slanú na teanga.

Ní cóir dom a bheidh ag súil le héacht mhór sa Bhille seo óir gurb í seo céad seachtain na Dála nua agus céad ocáid an tAire a bheith anseo. Beidh mé ag éisteacht go haireach le freagra an Aire inniu féachaint cad iad na smaointí atá aige féin mar Aire Gaeltachta. Is airsean a bheidh an dualgas na fadhbanna seo a réiteach. Tá dóchas agam go dtarlóidh rud fiúntach amach anseo.

Fáiltím roimh an Aire nua Gaeltachta. Creidim go dtabharfaidh sé an cuidiú cuí don Ghaeltacht.

Tá gá le diospóireacht bhunúsach sa Teach seo i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ní raibh a leithéid againn ó tháinig mé isteach sa Teach deich mbliana ó shin. Ní mór fealsúnacht an Tí i leith caomhnú na Gaeilge a athbhreithniú, féachaint an bhfuiltear dáiríre faoi. Má tá sé fúinn na Gaeltachtaí a chaomhnú ní féidir a rá go bhfuil ag éirí linn.

Ní chloistear mórán na laethanta seo faoi aidhm an dátheangachais. Léigh mé ráiteas leis an Ollamh Pádraig Ó Riagáin, le déanaí, a dúirt nach ionann aidhm an dátheangachais agus aidhm chaomhnú na nGaeltachtaí, agus go raibh cosúlacht ann nárbh fhéidir an dá aidhm a bhaint amach le chéile. Deir gach Teachta beagnach, go dtacaíonn siad le caomhnú na Gaeilge. Ní mór dúinn, ar a shon sin, a bheith cinnte go bhfuilimid ag cuidiú leo siúd atá ag obair chuige.

Tá an Ghaeltacht anois in ísle brí. Is cinnte go bhfuil daonra na Gaeltachta imithe i laghad, ó bunaíodh an tÚdarás, fiú. Threisigh ar an imirce sna hochtóidí agus tá sé anois níos coitianta sna Gaeltachtaí ná mar a bhí ó bunaíodh an tÚdarás, trí bhliain déag ó shin. Dóibh siúd atá fágtha sa Ghaeltacht, tá ceist na fostaíochta ag dul in olcas. Chonacamar ar chláracha teilifíse na Nollag pictiúrí dár muintir dífhostaithe ag dul thar sáile. Cé go maíonn an tÚdarás gur tháinig méadú ar líon na bpostanna sa Ghaeltacht anuraidh, níl staististiú ar líon na ndaoine a d'fhág an Ghaeltacht ar fáil.

Is fiú breathnú anois ar ról an Údaráis féachaint an bhfuil an tÚdarás ag freastal ar phobal na Gaeltachta mar ba chóir. Tá córas bhóthar na Gaeltachta ar an gcóras bóthair is measa sa tír agus is náireach go n-iarrfaí ar an mhuintir ann díol as obair ar bhóithre portaigh. Leagtar cáin agus árachas cairr sách trom cheana féin gan pionós airgid breise a chur orthu, go h-áirithe nuair atá a bhformhór ar an dól. Tar éis comhairlí contae, údarás agus Roinn Ghaeltachta a bhunadh, ní féidir le dream áirithe daoine móin a bhaint gan bóthar a dheisiú chuige, iad féin. Cuireann drochstaid na mbóithre Gaeltachta faitíos ar úinéirí comhlachtaí ann nach fada eile a mhairfidh a ngnó. Ní fheicim cén fáth nach féidir trí nó ceithre chéad duine a fhostú láithreach ar obair dheisithe bóthar. Tá an saol ag athrú. An gá ról an Údaráis a athrú leis? An fiú cumhachtaí breise a thabhairt dó?

Fáiltím roimh an cinneadh a déanadh i dtaobh theilifís Ghaeltachta agus tá áthas orm gur sa Ghaeltacht a mbunófar í. Cuirfidh an tseirbhís breis postanna ar fáil ach tá súil agam nach daoine atá fostaithe cheana féin a gheobhas iad. Ní mór foireann dhúthrachtach a fhostú agus na postanna a fhógairt, agus ní cóir go mbeadh ballraíocht i bpáirtí polaitiúil riachtanach dó. Tá fianaise ann gur déanadh dochar do chomhlachtaí agus d'eagrais a d'fhostaigh daoine a bhí ina mbaill de pháirtí polaitiúil ach nach raibh oiriúnach don phost. Guím gach rath ar an stáisiún nua seo.

Ta gnáth fhadhbanna na Gaeltachta le sonrú ar na hoileáin Ghaeltachta freisin agus uaireanta bíonn an cás níos measa orthu. Tá gá le céanna agus bóithre nua a thógáil ar na h-oileáin agus feabhas a chur ar an infrastructúr atá ann anois. Braitheann an-chuid oileáin ar thurasóireacht mar theacht isteach airgid ach níl córas ceart uisce ná sláintíochta orthu go léir. Níl leithreas poiblí le fáil ar chuid mhaith oileán. Measaim nach bhfuil an tÚdarás, an Roinn ná comhairlí contae ag déanamh freastail ceart orthu.

Is deacair do na Gaeltachtaí beaga suíocháin a bhaint amach ar Bhord an Údaráis, agus ba chóir a réiteach dóibh sa ghné seo. B'fhéidir go smaoineodh an tAire ar an bpointe sin agus é ag ainmniú baill do Bhord an Údaráis. Ba chóir iachall a chuir ar bhaill an Bhoird dearbhú páirte a dhéanamh nuair atá tairiscintí tionsclaíochta á meas.

I would like to say a few words about a number of matters regarding the attitude of this House to Irish. It is traditional for those of us who have a few words—and I admit to having very few compared to some people in this House — to contribute to debates in Irish on the Gaeltacht, the Irish language and Údarás na Gaeltachta. We rarely, if ever, hear any contributions in Irish on matters other than those relating to the Gaeltacht or the Irish language. I do not believe that is because there is any misapprehension or unwillingness on the part of Deputies to speak Irish. The majority us have some Irish. Very few of us have a blas or a líofacht, which we would like to have and which some native speakers have. English is my mother tongue. Having been born and reared in Dublin, I understand that Irish was never the language of Dublin; nevertheless a considerable number of people in the Dublin area——

More credit to the Deputy.

——speak and try to use the language as much as possible. The difficulties which I and other Deputies have in using the language in this House is time. I simply do not have the time to sit down and translate my mother tongue, English, into Irish. I do not have the facility to write a speech in Irish which I could deliver and which would be coherent and incisive. I made this point before that there is a need for a translation service in this House which Deputies could use if they want to contribute in Irish on a particular debate where they could give speeches or notes to the translation service and receive them in Irish which they would then be capable of delivering.

The other point of some importance is that the lifeblood of Deputies or Senators is publicity and being mentioned in the national or local newspapers. My experience is that, no matter what I say in Irish in the House it is virtually never reported unless I provide a translation in English. I have had the curious experience of having spoken for the best part of 20 minutes in Irish on Articles 2 and 3 and having provided a translation to the national newspapers, who duly carried it, but I discovered that the only weekly Irish language newspaper, Anois, totally ignored both the English and the Irish versions. That struck me as rather odd; but then, given the political inclinations of that paper, I was not a bit surprised.

I have mentioned the question of Anois before and I will be returning to it with the Minister at some stage. I feel we have to provide a service for Deputies and Senators which makes it possible for us to make contributions in Irish when we choose to do so. I do not believe it would be extraordinarily expensive to provide that service. We already have the facilities here for instantaneous translation from Irish to English and we already have a service attached to the House which provides the Irish version of Bills and so on, so it should not be a huge problem to provide the kind of service that I suggest.

There are a few further points I wanted to make in relation to Údarás na Gaeltachta which I did not have the opportunity or the time to translate into Irish. These points have been brought to my attention by people who live in the Gaeltacht and who are concerned about the way in which Údarás na Gaeltachta tends to operate. I have already mentioned the need to ensure that there is a declaration of interest by members of Údarás so as to ensure that members who may have a personal interest in a project should withdraw from debate or decision in relation to such a project.

There should also be a uniform form of vetting of applications for positions in Údarás grant aided places of employment. At the moment in some cases there are joint Údarás-employer interview panels and in other cases there is an employer only interview board. In approving grant aid for companies, Údarás should ensure that a proper code of industrial relations is guaranteed. Industry was grant-aided in Kilcar, County Donegal, two years ago, but the employer would not recognise the trade union, paid low wages and insisted on employees working excessive hours in breach of legislation. I believe Údarás should be given a more autonomous role, with no political strings attached, to promote the tourist industry in the regions, with special emphasis on language and culture. The Údaras should hire expertise in order to undertake the setting up of projects on their own or by joint venture capital. I assume that the Bill the Minister is promoting in this House today would facilitate that kind of approach to developments by Údarás.

The role of Údarás has, I believe, never been properly defined in relation to the development of the Gaeltacht. As I mentioned earlier, there is a need for a fairly fundamental debate about our approach to the language, our objectives and the role of Údaras and of the Department itself. I recall trying to find out in this House which Minister was responsible for the revival of Irish and I discovered that Roinn na Gaeltachta is not responsible for the revival of Irish, it is the Department of Education. Again, it seems an odd situation to be in. The Department of Education is a fine organisation, but I do not believe the weight of the revival of Irish should be placed on its shoulders. In any event, I think this displays a very narrow view of what a language is about.

The final point I would like to make is that there is a need for some rationalisation of the bodies concerned with the Gaeltacht. There is a need to look afresh at the boundaries of the Gaeltacht, which were established many years ago and which to a large extent are now irrelevant to the actual areas within which people speak Irish. I am not suggesting that, for a variety of reasons, the boundary should necessarily be pulled in; but there is a need to look at different ways of dealing with the Gaeltacht and what is known as the breac-Gaeltacht, because I do not think one can have a single approach to both. Indeed, where an area has become totally English speaking there needs to be a different approach to that again. Perhaps there should be grades of Gaeltachtaí, breac-Gaeltachtaí and so on.

That is the nub of what I wanted to say here today. I believe there is a need for a fundamental debate about what we are about and I have every hope that the Minister will help to initiate that debate I wish him well in his new position.

Cuirim fáilte roimh an Bille seo. Bhí áthas an domhain orm nuair a ceapadh an Teachta Higgins mar Aire. Beidh an-tuiscint aige de bharr go bhfuil sé lonnaithe i gceantar a bhfuil cuid de sa Ghaeltacht.

Ó thaobh an Údárais de is cinnte go bhfuil ról an-tábhachtach ag an Udarás i saol na tíre i gcoitinne agus sa Ghaeltacht ach go háirithe. Ag an am chéanna is gá a bheith an-chúramach mar gheall ar an airgead a chaitear. Tá sé cineál deacair go minic a dhéanamh amach ó mo thaobhse de cad iad na monarcana a bheidh ag cur fostaíocht chun cinn sa Ghaeltacht nó cad iad na monarcana ar an imeall a bheidh ag sú airgead na Gaeltachta agus i ndáiríre b'fhéidir nach bhfuil chomh tugtha don Ghaelige agus gur mhaith liom a fheiceáil. Tá ceisteanna agam faoi chúpla áit faoi leith. Tá fhios agam faoi áit amháin ina bhfuil monarcha iascaireachta le bunú ann. I ndáirire tá sé taobh amuigh de imeall na Gaeltachta ach de bharr go bhfuil píopa ag dul trasna teorann na Gaeltachta tá an argóint ann gur monarcha don Ghaeltacht í an mhonarcha seo nó an gnó seo agus gur gá go mbeadh deontais an Údaráis agus mar sin de tugtha dí. Cuirfidh sé leis an siniciúlacht má cheadaítear dá leithéid dul ar aghaidh. Ba cheart a bheith an-soiléir go bhfuil an tÚdarás i bhfábhar gnó trí Ghaeilge sa Ghaeltacht a chuirfeadh fostaíocht buan ar fáil, go mór mhór fostaíocht a bheadh ag teacht ó na daoine atá lonnaithe ann. Tá mé ag smaoineamh ar cheardlanna agus mar sin de atá in áiteanna éagsúla sa Ghaeltacht. Ba bhreá liom dá mbeadh an tacaíocht is mó á tabhairt do dhaoine atá ag smaoineamh as a stuaim féin fostaíocht a chur ar fáil san áit ina bhfuil siad féin ina gcónaí. Tá ról ann, ar ndóigh, do chomhlachtaí a thagann isteach go dtí an Ghaeltacht agus cuirim fáilte roimh na comhlachtaí sin fhaid is atá siad i ndáiríre. Muna bhfuil siad i ndáiríre, áfach, maidir le fostaíocht buan a chur ar fáil nó maidir leis an gcultúr, caithfear a bheith ag smaoineamh ar chonas a chaitear an t-airgead sin. Ba cheart a chur ina luí ar ghnó ag teacht isteach sa Ghaeltacht nach bhfuil siad ann ar son fostaíochta amháin cé go bhfuil sé sin tábhachtach. Tá mé cinnte go go dtuigfidh siad é sin má tá sé ráite go soiléir. Ní chóir a bheith ag cur dallamhullóg orainn féin. Má táimid ag cur fostaíocht ar fáil ní leor é sin chun an cultúr agus an Ghaeilge a choimeád beo. D'fhéadfadh an-chuid monarchan a bheith sa Ghaeltacht agus blas Meiriceánach ar an hoibrithe den chuid is mó. Ní bheadh an Ghaeilge ann sa chás sin mar caithfear an dá rud a thabhairt le chéile.

Is cinnte go gcabhróidh an tÚdarás má táimidne agus gach éinne eile i ndáiríre mar gheall ar an ngnó agus na haidhmeanna atá acu. Cuirim fáilte roimh an mBille agus geallaim go mbeidh tacaíocht ón gComhaontas Glas ag an Údarás sa ghnó a bheidh ar siúl acu agus ag an Aire san chúram an-tábhachtach atá aige.

: Ar an gcéad dul síos gabhainn fíor-bhuíochas leis na Teachtaí a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Chomh maith leis sin gabhaim buíochas leo as an fháilte a chuir siad romham féin mar Aire agus as na deá-ghuíthe uathu. Tosnóidh mé ar an ghné sin de mar, ag éisteacht leis an díospóireacht a bhí againn ar maidin, na pointí a léirigh na Teachtaí éagsúla, ní pointí ag teacht ó aigní cumhanga iad. Bhí chuile Theachta ag déanamh iarracht fhiúntach moltaí a chur ar aghaidh a bheadh ar leas mhuintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge. Bhí mé ag éisteacht go suimiúil leis na pointí a luaigh siad. Ní rabhadar ag glacadh páirt sa díospóireacht ar leibhéal pháirtithe polaitiúla ach toisc go bhfuil géar chéim na Gaeilge sna Gaeltachtaí.

Dúirt an Teachta McGinley go raibh deacrachtaí ar leith ag baint leis na Gaeltachtaí — ó thaobh tionscail a bhunú iontu agus mar sin de. Aontaím leis. Beidh sé mar cheann de na buntáistí tar éis an Bhille seo. Rinne an Teachta Molloy tagairt dó sin freisin. Nílim ach ag glanadh suas ar bhealach. Ni bheidh orm teacht ar ais go dtí an Dáil agus an leibhéal a ardú arís agus arís eile. Chomh maith leis sin beidh an tÚdarás ar chomhchéim leis na hÚdaráis eile atá ag déanamh iarrachta tionscail a mhealladh agus a bhunú. Beidh na coinníollacha féaráilte agus ar an leibhéal céanna. Tá mé féin báúil chun féachaint isteach sa scéal, an mbeidh mé in ann seansanna eile a thabhairt don Údarás amach anseo taréis an Bhille seo a rith.

Ní bheidh aon bhaint ag na boird chontae leis na Gaeltachtaí. Tá an socrú sin déanta. Tá mé féin ag féachaint isteach ar an gcaoí is féidir linn oibriú amach as seo. Rud eile atá tábhachtach: nuair a bheidh an Bille seo críochnaithe beidh seans agam tabhairt faoin gceist go ginearálta. Tá sin ag teastáil. Ó 1979 ar aghaidh nuair a cuireadh an chéad Bhille bunúsach os comhair an Oireachtais, ar bhealach ní raibh an díospóireacht leathan go leor sna blianta atá imithe. An bhfuil an t-am tagtha anois chun féachaint ar an mBille sin arís — na cuspóirí agus na cumhachtaí atá ann agus mar sin de? Ba mhaith liom go mbeadh seans agam ar an gcéad dul síos — mar nílim anseo ach mí amháin — dul chun cainte leis an Údarás féin, leis na hoifigigh agus leis na ranna éagsúla. An rud atá uaim ná sa ghearr-théarma, taobh istigh de bhliain nó dhó, go mbeadh na seirbhísí agus an obair go léir snoite le chéile ionas nach mbeadh aon iomaíocht ann. Ba mhaith liom dá mbeadh na cuspóirí atá ag an Údarás níos soiléire agus nach mbeadh bac orthu a bheith a plé le údaráis eile agus mar sin de.

Tá mé féin báúil don rud a dhéanamh simplí, níos soiléire agus níos scioptha i dtreo na haidhmeanna a bhaint amach. Chomh maith leis sin ní chóir go mbeadh aon amhras ar an Teachta McGinley ná go mbeidh mé ag déanamh cíorú ar na deacrachtaí, go háirithe atá ag comhlachtaí éagsúla de bharr na titime sa phunt sterling agus na ndeacrachtaí ó thaobh an currency de.

Luaigh na Teachtaí go léir Teilifís na Gaeilge. Ní gá dom an argóint a dhéanamh arís. An pointe bunúsach atá ann ná má tá meán cumarsáide atá bunaithe ar an chluas in iomaíocht le ceann atá bunaithe ar an chumas féachana níl aon amhras orm féin ná go mbeidh an bua ag an teilifís i gcónaí. Dá bhrí sin, má tá tú ag iarraidh do chlann a thógaint le Gaeilge ní féidir leat glacadh leis na coinníollacha sin. Chomh maith le Teilifís na Gaeilge tá cumas eile ag an scéim. Glacaim féin leis na hargóintí toisc go bhfuil sé mar chuid den chumhacht chum-arsáide. Ba chóir go mbeadh sé in ann freastal ar chomhluadar na Gaeilge chomh maith. Caithfimid féachaint chuige go dtógfaimid le chéile i gcónaí comhluadar na nGaeltachtaí agus comhluadar na Gaeilge mar a luaigh Teachtaí éagsúla.

Tá súil agam go mbeidh dul ar aghaidh taobh istigh den téarma atá leaghtha síos déanta agam le Teilifís na Gaeilge, fiú amháin tosnú ar an obair bhunúsach an bhliain seo.

Rinne an Teachta Molloy tagairt don am a chaitheamar le chéile in áit eile atá an-ghearr domsa agus níos faide dósan. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis. Tuigim gur Teachta é atá an-dáiríre faoi chúrsaí na Gaeltachta agus cursaí na n-oileán a bhfuil suim speisialta aige iontu. Tá an pointe sin faoi tuilleadh cumhachta a thabhairt don Údarás freagraithe agam. Tuigim an pointe atá á dhéanamh aige. Is é sin má tá tú, mar shampla, chun tionscal a bhunúi nGaeltacht ar bith agus má tá ar an duine atá ag iarraidh comhlacht a bhunú deileáil leis an Údarás maidir le infheistíocht b'fhéidir in áit mar Ros a' Mhíl, in a dhiaidh sin tá comhairle chontae ag plé le cúrsaí bóthar. Is féidir an buntáiste atá ag baint le airgead a chailliúint toisc nach bhfuil na seirbhísí á fhorbairt ag an am céanna chun an pointe céanna a bhaint amach.

Tá deacracht ag an nGaeltacht mar is mionlach iad taobh istigh den chomhairle chontae. Tá mé báúil don phointe atá á dhéanamh ag an Teachta agus mar adúirt mé i dteangbháil leis na h-údaráis éagsúla, tá súil agam go mbeidh seans agam teacht go dtí an Teach seo le Bille níos leithne i leith na bpointí sin.

Aontaím leis an Teachta chomh maith faoi bhrú an Bhéarla. Tá sin fíor agus luaigh an Teachta De Rossa pointe suimiúil faoi dhátheangachas agus an teanga a athbheocan. Nílim féin cinnte go bhfuil freagra dearfach ar an cheist sin. Tá daoine báúil don Ghaeilge. Tá úsáid na Gaeilge ag méadú an t-am go léir sna cathracha agus ag an am chéanna tá an Ghaeilge faoi bhrú sna Gaeltachtaí. Tá cúiseanna áirithe leis sin, a luaigh Teachtaí éagsúla. Caithfimid féachaint chuige, agus sin an tábhacht a bhaineann le Teilifís na Gaeilge, go mbeadh dearcadh nuaaimsireach ar an nGaeilge, gur mhaith an rud é Gaeilge a úsáid agus go mbeadh seans ag daoine Gaeilge a úsáid. Ag tosnú dom ar Aireacht na Gaeltachta, nílim sásta go bhfuil a gcearta á dtabhairt do mhuintir na Gaeltachta i leith úsáid na Gaeilge, ag an Stát nó ag eagrais Stáit. Ní mór é sin a cheartú agus deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le dignit.

Thrácht an Teachta De Rossa ar úsáid na Gaeilge sa Teach seo. Aontaím lena ndúirt sé i dtaobh deacrachtaí iriseoir-eachta, a bhain leis an Teach i gcónaí, agus nílim sásta gur comhlíonadh moltaí uilig Chomhchoiste na Gaeilge sa cheist. Níl áis chuí ann chun cóip d'óráid i nGaeilge a fháil go scioptha. Tá an córas aistriúcháin faoi bhrú. Má táimid dáirire faoi úsáid na Gaeilge san Oireachtas ní mór don Aire Airgeadais ciste airgid a chur ar fáil le háiseanna riachtanacha a sholáthar a chuirfeadh ar chumas Teachtaí mar an Teachta De Rossa, níos mó Gaeilge a úsáid sa Teach. Déanfaidh mé mo dhícheall sa ghnó seo.

Luaigh an Teachta De Rossa cumhachtaí an Údaráis, teilifís na Gaeilge, agus na hoileáin Ghaeltachta. Ní móide ná go bhfuil deacrachtaí ar leith le sárú ag na hoileáin. Tá bád nua ar fáil anois chun freastal ar Oileán Árainn ach beidh céanna nua ag teastáil ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr chuige sin. Tá súil agam go réiteofar na deacrachtaí taistil agus iompair ann sar i bhfad agus beidh seans againn go luath tagairt a dhéanamh do sin go foirmeálta. Ní ligfidh an Teachta Molloy dom é a ligean i ndearmad.

Tá súil agam nach rachaidh an Rialtas seo siar ar an cinneadh a déanadh i leith Inis Meáin.

Tá an cinneadh déanta agus is dóigh leis an Rialtas gur chóir an t-airgead a chur ar fáil chuige. Ní ghlacfaidh mé leis an dushlán an uair seo ón dTeachta; tuigeann sé cad atá i gceist.

B'fhéidir, mar a luaigh an Teachta De Rossa, gur mithid dearbhú páirtí a lorg ó bhaill an Údaráis. Tá Bille ar an ábhar seo á thionscnú ag an Aire Airgeadais agus tá teangmháil á dhéanamh ag oifigigh mo Roinne leis féachaint an féidir na leasuithe oiriúnacha a thabhairt i gcrích le chéile.

Thagair an Teachta do theorainn caiteachais. Ceist theibí í seo ach i leith infheistíocht agus airleacain Ghaeltachta ní mór dúinn fiafraí i gcónaí an rachaidh gach caiteachas chun leas mhuintir na Gaeltachta? Más ar leas na Gaeltachta atá airgead á chaitheamh, ní cóir cloí le sean sainmhinithe go hiomarcach; ba mhaith liom coimriú a dhéanamh ar an gceist seo ach is ceist chasta í. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí a ghlac páirt sa díospóireacht fhiúntach ar an Dara Céim agus molaim sprid an chomhoibreachais agus spéis na dTeachtaí éagsúla i leith an Bhille. Aithním an cúnamh atá á thairiscint acu domsa agus dom' Roinn agus beidh mé sásta éisteacht le moltaí uathu.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Aontaíodh na Céimeanna eile a thógáil inniu.

Top
Share