Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 11 Mar 1993

Vol. 427 No. 8

Written Answers. - Téacsleabhar Gaeilge.

Dinny McGinley

Question:

63 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil aon phlean-anna aici chun cur le réimse na dtéacsleabhar Gaeilge atá ar fáil do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna Gaeltachta nó lán-Ghaelacha.

I gcás an Teastais Shóisearaigh, tá siollabais in ábhair áirithe curtha ar fáil cheana féin ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe agus tá téacsleabhair i nGaeilge ina leith foilsithe ag Brainse Foilseachán na Roinne. Tá siollabais nua i bhfuíollach na nábhar á n-ullmhú ag an gComhairle de réir a chéile agus déanfar téacsleabhair nua a fhoilsiú de réir mar atáid siúd curtha ar fáil.

Tá na hábhair i gcuraclam na bunscoile agus freisin an structúr curaclaim agus na hábhair ag an leibhéal sinsearach san iarbhunscoil á n-aithbhreithniú chomh maith ag an gComhairle. De réir mar a chríochnófar an t-aithbhreithniú sin go mbeidh siollabais leasaithe ar fáil sna hábhair ar leith, tosófar ar théacsleabhair nua in oiriúint do na siollabais nua a fhoilsiú trí Bhrainse Foilseachán na Roinne.
Top
Share