Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 Mar 1993

Vol. 428 No. 6

Written Answers. - Cé Phort Uí Chorráin (Contae Dhún na nGall): Obair Dheisiúcháin.

Dinny McGinley

Question:

155 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon phleananna ag a Roinn le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar Ché Phort Uí Chorráin agus solas loingseoireachta a chur ar an láthair.

Ar an 23 Aibreán 1990 chuir mo Roinnse in iúl do Chomhairle Chontae Dhún na nGall go mbeifí sásta deontas lánchostais £363 a chur ar fáil chun a chumasú do Bhord Soláthair an Leictreachais dhá sholas a chrochadh ar na cuaillí ar an bhfánán ag Port Uí Chorráin ach deimhniú a fháil go nglacfadh an Chomhairle le cúram cothabhála na soilse — costas an leictreachais san áireamh.

Ar 25 Feabhra 1992 chuir an Comhairle Chontae in iúl do mo Roinnse nach raibh na cuaillí atá cheana féin oiriúnach agus ar 18 Bealtaine 1992 dúradar go raibh gá le suirbhé chun an suíomh is oiriúnaí do na soilse nua a aimsiú.

Ar 1 Iúil 1992 chuir mo Roinnse in iúl don Chomhairle Chontae go mbeifí sásta costais réasúnta i leith an tsuirbhé a chur san áireamh chun críche deontais agus iarradh orthu toradh an tsuirbhé, móide meastachán nua ar an gcostas iomlán ón mBord Soláthair Leictreachais, a chur ar fáil. In ainneoin roinnt meabhruchán ó mo Roinnse san idirlinn ní bhfuarthas freagra fós ón gComhairle Chontae.

I mBealtaine 1990 cuireadh in iúl do mo Roinnse go raibh roinnt oibreacha cothabhála de dhíth ag an áit seo agus ós rud é gur ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall atá cúram cothabhála na saoráidí iarradh orthu ar 20 Meitheamh 1990 na hoibreacha sin a dhéanamh.

Más léir go bhfuil oibreacha feabhsúcháin, seachas oibreacha cothabhála de dhíth ag an áit seo beidh mé sásta iad a mheas chun críche deontais ach sonraí a fháil ina leith.

Top
Share