Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Apr 1993

Vol. 429 No. 8

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - RóI Údarás na Gaeltachta.

Pat Rabbitte

Question:

11 D'fhiafraigh Mr. Rabbitte den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige breathnú ar ról Údarás na Gaeltachta sna nóchaidí.

Michael McDowell

Question:

28 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige breis cumhachtaí a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta; an mbeidh turasóireacht ina measc agus an abróidh sé cén polasaí atá aige maidir leis an gceist seo.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 11 agus 28 le chéile.

Go ginearálta táim sásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta eagraithe go maith chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na nóchaidí maidir le forbairt na Gaeltachta agus cur chun cinn na Gaeilge. Ní hionann é sin is a rá, áfach, go bhfuil dearcadh cúng againn maidir le ról níos leithne a bheith ag an Údarás san obair sin.

Faoi alt a 9 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, is féidir—d'fhonn forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gné-ithiúlachta agus geilleagair — cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás le hordú ón Rialtas. Sula bhféad-faí a iarraidh ar an Rialtas aon ordú mar sin a dhéanamh, bheadh sé riachtanach don Údarás féin cás iomlán a leagan amach a léireodh go cinnte go bhféadfadh siad cúram áirithe atá ar eagras eile faoi láthair a láimhseáil níos éifeachtaí i gcás na Gaeltachta ná mar atá sé á láimhseáil ag an eagras i gceist.

Ach cás mar sin a fháil ón Údarás, beifear sásta é a scrúdú go báúil agus gach tacaíocht is féidir a thabhairt dó i láthair an Rialtais. Tugadh an méid sin le fios nuair a bhí díospóireacht againn anseo sa Dáil tamaillín ó shin maidir leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1993, agus threisigh an tAire féin an méid a dúirt sé ansin nuair a bhuail sé le comhaltaí an Údaráis le fíordhéanaí.

Maidir le forbairt thionscal na turasóireachta sa Ghaeltacht agus ról an Údaráis san fhorbairt sin, tá an cheist áirithe sin á bhreithniú go fóill ag mo Roinnse in gcomhairle leis an Roinn Turasóireachta agus Trádála.

Tuigim ón bhfreagra a thug an tAire go bhful breith-niú á dhéanamh ar ról an Údaráis sna nóchaidí. Mar sin, an bhfuil breithniú á dhéanamh ar cé comh héifeachtach is a bhí an tÚdarás le 13 bliain anuas maidir le forbairt ar an teanga, ar an Ghaeltacht agus ar an tionsclaíocht sa Ghaeltacht. Ó thaobh fhorbairt tionsclaíochta de, tá a fhios ag an Aire go bhfuil tuarascáil foilsithe ag DKM bliain ó shin, a deir go mb'fhéidir gur chóir féachaint ar na cúraimí atá ar an Údarás i dtaobh tionsclaíochta i gcás an IDA agus gur chóir don IDA ceisteanna faoi thionscláocht sa Ghaeltacht a chur faoi bhráid údaráis réigiúnaigh. Cá bhfuil an t-iniúchadh á dhéanamh air sin?

(Donegal South-West): Maidir le cúraimí, mar a dúirt mé, faoi alt a 9 den Acht 1979, má chuireann an tÚdarás cás romhainne beimid sásta an cheist a scrúdú go báúil. Ó thaobh na ceiste de, cé chomh héifeachtach is atá Údarás na Gaeltachta, tá an Roinn den bharúil go bhfuil siad ag obair go héifeachtach taobh istigh den soláthar airgeadais atá á chur ar fáil ag an Roinn gach uile bhliain. I gcomparáid le húdarás ar bith eile tá siad chomh héifeachtach, nó b'fhéidir níos éifeachtaí, más féidir é sin a rá. Is é mo bharúil féin, tar éis dom bheith thar sáile le m'fheidhmeannaigh le déanaí, go bhfuil an-obair á déanamh acu. Tá cúrsaí faoi láthair fíordheacair — an cúlú domhanda, cúrsaí airgeadais le míonna anuas, cuireann sé seo brú orthu. Agus cuimhnigh go bhfuil siad lonnaithe, ní amháin ar imeall na tíre seo ach ar imeall na hEorpa agus an domhain chomh maith, agus iad ag iarraidh fostaíocht a chur ar fáil. Tá sé an-deacair daoine a mhealladh go dtí a leithéid d'áit. Ach is é mo bharúil go bhfuil siad ag obair go héifeachtach. Is údaráis réigiún-acha atá ag freastal ar Ghaeltachtaí an iarthair, an deiscirt agus ar Chontae na Mí agus tá mé sásta leis an dul chun cinn atá déanta.

Anois, agus an Rialtas, de réir cosúlachta, ag dul ar aghaidh le bunú na mbord fiontair contae, an bhféadfadh an tAire Stáit a léiriú cad é go díreach an gaol nó an comhcheangal a bheidh idir an tÚdarás agus na boird sin. An mbeidh an tÚdarás ag coinneáil a gcuid freagrachtaí féin nó an mbeidh na boird fhiontair contae ag glacadh cuid de na freagrachtaí atá ag an Údarás i leith na gceantar Ghaeltachta.

(Donegal South-West): Tá áthas orm an deis seo a fháil lena rá nach mbeidh Údarás na Gaeltachta ag cailliúint freagrachtaí ar bith os rud é go bhfuil na boird fhiontair contae á mbunú go luath.

An féidir leis an Aire a mhíniú cén ról a fheiceann sé don Údarás ó thaobh fhorbairt an tionscail turasóireachta. Ní dóigh liom gur fhreagair sé ceist 28 ina hiomlán. Sin ceann de na ceisteanna atá thíos againne.

(Donegal South-West): De réir Acht Údarás na Gaeltachta 1979, alt a 9, tá an dualgas ar an Údarás teacht chugainne, iarratas a lorg chun cumhachtaí breise a fháil. Caithfidh siad a gcás féin a leagan amach agus a chruthú go mbeidh siadsan ábalta an jab a dhéanamh níos éifeachtaí ná an t-eagras Stáit atá á láimhseáil i láthair na huaire. Ó thaobh chúrsaí turasóireachta de, bhíomar i dteagmháil leo faoi seo. Creidim féin, agus dúirt mé seo go poiblí roimhe seo, gur ceart cumhachtaí a thabhairt don Údarás maidir le tionscal na turasóireachta os rud é go bhfuil an Ghaeltacht ag brath go mór ar na hac-mhainní nádúrtha, agus sin ceann de na hacmhainní nádúrtha is tábhachtaí dá bhfuil againn. Tá mé féin go mór i bhfá-bhar na cúraimí a thabhairt agus beidh cinneadh á ghlacadh i gcomhar leis an Aire agus an Roinn Turasóireachta agus Trádála chomh luath agus is féidir.

I must ask the Minister this question in English, because perhaps my original question in Irish was not clear enough. Is the Department reviewing the operation of Údarás na Gaeltachta in the light of the experience of Údarás na Gaeltachta since it was founded to decide what its role should be and how effective it should be in the nineties? I completely understand the great difficulties of Údarás in establishing industry in the Gaeltacht areas. Indeed the DKM report admitted that it is a virtually impossible task. I am getting confusing messages from the Minister. The Minister says that if Údarás makes a case under section 9 of the Act, the Department will consider it. I want to know whether the Department is actively, on its own initiative, reviewing the operation of Údarás na Gaeltachta, and if not would the Minister not agree that it should review the operation, to pursue the objectives it has, not only in relation to industrialisation of the Gaeltacht but in relation to the development of the use of the language in the Gaeltacht areas which is clearly in decline.

(Donegal South-West): Os rud é go bhfuil ar Údarás na Gaeltachta teacht chugainne, má tá cúraimí breise de dhíth orthu, ní hionann sin agus a rá nach féidir linne dul chuig an Údarás agus cumhachtaí breise a thabhairt dóibh. Bíonn muidne ag coinneáil súil ghéar ar an Údarás agus ar an jab a bhíonn á dhéanamh acu, rud a dhéantar go rialta, is é sin ar na cúraimí agus na freagrachtaí atá orthu agus tá an-ghaol idir muid féin agus an tÚdarás cé go bhfuil siadsan ar bhonn reachtúil. Bíonn muid i gcomhar lena chéile go rialta agus sin mar atá an scéal i láthair na huaire.

An féidir liom a fhiafraí den Aire, an bhfuil iarratas aige ón Údarás faoi alt 9 maidir le tuilleadh cumhachtaí a thabhairt dóibh, faoin turasóireacht nó aon ní eile. Agus má tá, cén dáta ar cuireadh na tuairiscí sin faoi bhráid na Roinne.

(Donegal South-West): Níl iarratas foirmeálta faighte againn maidir le cumhachtaí breise ach táimid féin den bharúil gur féidir linn cumhachtaí a thabhairt maidir le tionscal na turasóireachta, taobh amuigh de sin. Ach má tá sé sin de dhíth pléifear an cás sin faoi alt a 9.

That disposes of Questions for today.

Top
Share