I scoilbhliain ar bith, socráitear an líon oidí ar fhoireann teagaisc bunscoile ar bhunús an uimhir daltaí ar rollaí ar an 30ú (triochadú) Meán Fómhair den bhliain roimis.
Sa ghnáthshlí, is gá go mbeadh 25 (fiche cúig) daltaí ar rollaí ar a laghad chun post an dara oide a choinneáil sa scoil. I gcás scoil oileáin, laghdáitear an uimhir sin go 20 (fiche) mar shocrú speisialta.
Bhí 19 (naonúr déag) ar rollaí Scoil Náisiúnta Inis Meáin ar an 30ú (trioch-adú) Meán Fómhair, 1992 (naoi déag nócha dó). Ar an mbonn sin, níl ach foireann príomhoide incheadaithe sa scoil don scoilbhliain seo chugainn. Tá ainm an dara oide sa scoil curtha ar an bPainéal d'fhonn post eile a fháil di ón chéad lá Meán Fómhair seo chugainn.
Tá achainní speisialta déanta ar son na scoile seo agus tá iarrtha ar Cigire na Roinne fiosrú a dhéanamh agus tuairisc a sholáthar. Nuair a bheidh an tuairisc sin ar fáil, beidh ar mo chumas a mheas an bhfuil bonn ann le breithniú ar leith a dhéanamh sa chás.