Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 18 May 1993

Vol. 430 No. 8

Written Answers. - Botúin sa Phaipéar Scrúdaithe.

Dinny McGinley

Question:

255 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an eol di an imní atá ar thuismitheoirí agus lucht oideachais, gan trácht ar dhaltaí, faoin chaighdeán Gaeilge agus na botúin ghramadaí a bhí sa leagan Gaeilge den pháipéar scrúdaithe san adhmadóireacht (teoiric) ardleibhéil a tugadh do na mic léinn sa Teastas Sóisearach 1992; agus an bhfuil sí sásta cúiteamh ó thaobh marcanna de, a dheánamh leis na mic léinn a thóg an leagan Gaeilge den scrúdú.

Is oth liom go raibh roinnt botún sa leagan Gaeilge den pháipéar san adhmadóireacht (teoiric) sa Teastas Sóisearach, 1992. Tuigfear go raibh brú anmhór ar oifigigh na Roinne sa bhliain áirithe seo agus déanfar gach dícheall ionas nach dtarlóidh a leithéid arís.

Nuair a tugadh na deacrachtaí a bhí ag na hiarrthoirí adhmadóireachta i gceist d'aire mo Roinn-se rinne Cigire Sinsireach géariniúchadh ar chleachtaí saothraithe na niarrthoirí áirithe sin d'fhonn a chinntiú gur tugadh lánchreidiúint do gach iarrthóir díobh san obair uile a bhí déanta aige/aici.

Top
Share