Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Jun 1993

Vol. 432 No. 6

Written Answers. - Áras Uí Ghramhnaigh, Contae na Mí.

Colm M. Hilliard

Question:

182 Mr. Hilliard asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he has received a proposal regarding a new language laboratory/Celtic studies institute for Áras Uí Ghramhnaigh, Gaeltacht Ráth Cairn, Contae na Mí which will cater for residential third level students; if so, if he will support the projects; and if he will make a statement on the matter.

Donegal South West): Cuireadh iarratas chuig mo Roinnse le déanaí ag lorg cúnaimh chun foirgnimh nua a thógáil i Ráth Cairn i ndáil le cúrsaí breise i nGaeilge a chur ar fáil.

Tar éis an t-iarratas a mheas, feictear do mo Roinnse go mbeadh sé níos fearr an margadh a thástáil trí na cúrsaí i gceist a reachtáil ag úsáid na bhfoirgneamh atá ar fáil ann cheana féin — foirgnimh a cuireadh ar fáil, ar ndóigh, le cúnamh nach beag ó mo Roinnse.

Más léir i gceann cúpla bliain nach leor na foirgnimh atá ann chun freastal ar na cúrsaí, beifear sásta cúnamh caipitil a mheas tuilleadh. San idirlinn beidh mé sásta iarratas a mheas go báúil ar chú-namh éigin i ndáil leis na costais theagaisc.

Top
Share