Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Jun 1993

Vol. 432 No. 6

Adjournment Debate. - Compal ag Uaran Mór (Contae na Gaillimhe).

Tá an Teachta Molloy tar éis fógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn aige an t-ábhar seo a leanas a ardú: An líon mór timpistí a tharlaíonn ag an mbealach deisceartach amach ó bhaile Uaran Mór chuig an príomhbhóthar náisiúnta Gaillimh-Luimneach agus an gá atá ann géilleadh d'iarratas ón bpobal áitiúil compal a chur ann gan mhoill.

Is ceist an-tábhachtach í seo. Tá beatha na ndaoine sa cheantar seo i mbaol de bharr an staid in a bhfuil an bóthar seo faoi láthair. Tá gá le cinneadh práinneach ón Aire chun an cheist chasta seo a shocrú.

Tá mé buíoch den Aire toisc gur ghlac sé le toscaireacht ón dáilcheantar an tseachtain seo caite nuair a bhí seans ag muintir an bhaile seo an cheist ar fad a phlé leis agus a mhíniú dó cé chomh tábhachtach agus atá sé agus cé chomh himníoch is atá siad mar gheall ar an mbaol atá ann faoi láthair.

Tógadh an bóthar nua seo atá ag dul ón baile beag, Uaran Mór, go dtí an bóthar ó Luimneach go Gaillimh gan é a phleanáil i gceart. Glacann go leor daoine gur droch-phlean é. Tógadh é sa bhliain 1986 agus tharla an oiread sin timpistí ar an mbealach amach seo go raibh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe teacht thar n-ais agus fógraí móra a chur suas ann ag cur ina luí ar thiománaithe agus ar dhaoine eile go raibh sé dáinséarach agus a bheith an-chúramach ar fad ag dul isteach ann agus ag teacht amach. Sé an moladh atá anois ag príomh-innealtóir Chontae na Gaillimhe ná an bealach a dhúnadh síos ar fad. Má dhéantar sin scriosfar Uaran Mór mar go mbeidh an trácht ar fad ag teacht isteach ann agus beidh orthu iompó istigh ann chun dul amach arís.

Tá dhá scoil an-mhór istigh in Uaran Mór — meánscoil agus bunscoil. Tá suas le 600 dalta ag freastal ar na scoileanna sin. Tá club gailf nua tógtha anois ag Rinn an Mhaoil ar an mbealach isteach agus baintear an-úsáid as an mbealach seo chun dul go dtí an club ionas nach mbeadh ar dhaoine dul tríd an mbaile chun dul ann.

Tá na busanna scoile, ar ndóigh, ag teacht isteach agus ag dul amach maidin agus tráthnóna leis na daltaí chomh maith le gluaisteáin na dtuismitheoirí. Tá an bealach á úsáid freisin ag daoine ag dul go dtí an séipéal ansin. Leis an bhfírinne a rá déanfar an-praiseach ar fad den bhaile seo má théann an chomhairle chontae ar aghaidh leis an bplean atá ag an bpríomh-innealtóir.

Is príomhbhóthar é. Is é an tAire a chuireann céad faoin gcéad den chostas ar fáil agus is faoin Roinn Chomhshaoil atá cúram na mbóithre seo. Cheana féin tá an tAire tar éis £50,000 a chur ar fáil le obair feabhsúcháin de chineál éigin a dhéanamh ar an mbealach isteach seo. Níl sé leagtha síos cad díreach a bhí i gceist ag an Roinn nuair a chuir siad an t-airgead ar fáil. Ar ndóigh, níl dóthain airgid ansin chun an compal seo a thógáil agus sin é an t-aon leigheas ar an scéal: go nglacfaí leis go gcaithfear compal a chur ann agus gurb é sin an bealach is fearr chun an bealach isteach a dhéanamh slán. Ar ndóigh beidh tuilleadh airgid ag teastáil chuige sin agus caithfear plean a leagadh síos le haghaidh an chompail nua. Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann a chur in iúl dúinn go bhfuil sé ceadaithe ag an Roinn go rachfar ar agh-aidh leis an obair sin ionas go bhfaighfear amach cé mhéid go díreach a chosnódh sé an obair seo a dhéanamh.

Deirtear go háitiúil go bhfuil an talamh ar fáil agus nach mbeadh an costas chomh mór is a cheapfadh an Roinn, b'fhéidir. Go dtí go ndéanfar taighde ar an gceist seo ní bheidh an Roinn nó an chomhairle chontae nó gnáth mhuintir na háite in ann a fháil amach cé mhéid go díreach a chosnódh sé. Tá a fhios agam go bhfuil a lán iarratas ag an Aire agus ag an Roinn chun bóithre a thógáil ach os rud é go bhfuil sé seo chomh dáinséarach sin, agus go ndéanfaidh sé an méid sin damáiste mura ndéanfar rud faoi go práinneach, tá mé ag iarraidh ar an Aire anocht a chur in iúl dúinn go nglacann sé leis anois, taréis staidéar a dhéanamh ar an gcás agus tar éis an scéal a chloisteáil ó mhuintir na háite, go gcaithfear an compal a thógáil.

Tá a fhios agam faoin imní atá faoin ngabhal seo, agus faoin gcontúirt atá ann do dhaoine a bhaineann úsáid as an mbóthar ag an áit a thagann an bóthar deisceartach as Uaran Mór agus an príomhbhóthar idir Gaillimh agus Luimneach le chéile. Bhí deis agam mé féin éisteacht le tuairimí an phobail áit-iúil nuair a bhuail mé le toscaireacht ó Chumann Fhorbartha Phobal Uaran Mhóir an tseachtain seo caite.

Tuigim go bhfuil comhartha `STOP' ag an ngabhal bóthair seo agus gur tharla méid áirithe timpistí ann ó d'oscail an cuar-bhóthar timpeall Uaran Mór cúpla bliain ó shin. Is é an rud a tharla ag na timpistí seo, is cosúil, ná go ndeachaigh tiománaithe a bhí ag teacht ó dheas ó Uaran Mór trasna an stoplíne. Tharla deacrachtaí ar an bpríomhbhóthar agus ag buaileadh le trácht a bhí ag seachadadh tráchta eile in ainneoin go bhfuil líne bán leanúnach ag an áit seo.

De réir staitisticí a cuireadh le chéile ó Thuairiscí Timpistí Bóithre an Gharda Síochána tharla dhá thimpiste anseo i 1987 agus arís i 1988. Tharla cúig cinn in aghaidh na bliana sa dá bhliain ina dhiaidh sin. Maraíodh duine amháin i gceann de na timpistí agus gortaíodh duine i gceann eile. Bhí cúig thimpiste ann agus gortaíodh duine i gceann eile. Bhí cúig thimpiste ann nuair a rinneadh damáiste ábhartha agus ba thimpistí beaga iad na seacht gcinn eile.

Mar gheall ar an imní atá ann faoin sábhailteacht ag an ngabhal seo d'iarr Comhairle Chontae na Gailllimhe ar an Aonad Taighde Comhshaoil, an ERU, tuairisc a chur le chéile faoi i 1990. Dar leis an dtuairisc seo bhí dearadh bunúsach an ghabhail ceart go leor ach go bhféadfaí feabhas a chur ar an leagan amach ar na comharthaí bóthar agus ar na marcanna a bhí ar an mbóthar. Rinneadh moltaí cuimsitheacha le dul i ngleic leis na fadhbanna seo ach gan cur isteach ar an straitéis agus ar an sábhailteacht fad-téarmach don N18 ag Uaran Mór. Luaigh an tuairisc dhá rogha fhad-téarmach, is é sin feabhas a chur ar an ngabhal mar atá sé faoi láthair, nó an bóthar a dhúnadh ar fad ag an áit seo nuair a bheadh an obair ar fad ar an N18 ag Uaran Mór críochnaithe. Dá nglacfaí leis an dara rogha anseo bheadh cead isteach sa tsráidbhaile ar fáil ón taobh ó thuaidh agus ón taobh thoir.

I rith 1991 chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe na moltaí go léir a rinne an ERU i bhfeidhm, seachas na cinn fhad-téarmacha. Tá an chomhairle ag déan-amh staidéir ar an ngabhal fós, ar iarratas ó mo Roinn féin, le féachaint ar éifeacht na bhfeabhsuithe agus ar an ngá a bheadh ann le tuilleadh obair a dhéanamh nó le réiteach eile a chur i bhfeidhm. Dar leis na tuairiscí deireannacha a cuireadh ar fáil dom ó Staitisticí Timpistí Bóthair an Gharda Síochána tá laghdú suntasach tagtha ar an méid timpistí a tharla ag an áit seo. Tuigim, áfach, nach bhfuil an chomhairle sásta ar fad leis na socruithe mar atá siad faoi láthair. Ach go háirithe tá an chomhairle imníoch faoi iompar neamhrialta na dtiománaithe ag an ngabhal seo.

Nuair a chas mé leis an toscaireacht ó Uaran Mór an tseachtain seo caite chuir siad in iúl dom go raibh an-chontúirt ag baint leis an ngabhal bóthair seo go fóill agus go raibh siad ag iarraidh go dtógfaí compal ann mar réiteach fad-téarmach ar an bhfadhb.

Tá mo Roinn taréis staidéar a dhéan-mah ar thuairiscí timpistí a fuair siad ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe an mhí seo caite agus d'iarr mé ar an gcomhairle na roghanna go léir a chur os mo comhair, ach iad a bheith inghlactha maidir le stiúradh tráchta, sábhailteacht bóthair agus cumas an bhóthair idir Gaillimh agus Luimneach déileáil le trácht. Tabharfaidh mé aird ar an scéal seo chomh luath agus a fhaighim an tuairisc ón gcomhairle leis na moltaí faoi na roghanna ar fad atá ann. Cuirfidh mé san áireamh freisin ceist an airgid, ag tabhairt san áireamh an méid airgid a bheidh ar fáil agam agus na héilimh go léir atá orm go ginearálta faoi chlár fhorbartha na mbóithre. Is fiú a thabhairt san áireamh gur chuir mé £50,000 ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe cheana féin i mbliana agus mé ag súil le riachtanais an ghabhail seo.

Caithfidh mé a chur in iúl don Teachta go bhfuil mé ag feitheamh go dtí go dtioc-faidh an chomhairle agus mo Roinn féin thar n-ais chughamsa le réiteach eile a fháil ar an gceist seo.

Top
Share