I ndiaidh mo chea-padh mar Aire Fiontar agus Fostaíochta aistríodh freagaracht do na Boird Pháirtíochta Fiontraíochta Contae ó Roinn an Taoisigh do mo Roinn-se. Is é an chéad rud a rinne mé ná an scéal iomlán a scrúdú arís.
I ndiaidh an scrúdaithe seo, d'aontaigh an Rialtas le mo mholadh go gcuirfear Boird le daréag ball ar bun i ngach contae agus ionad rialtas áitiúl. D'aontaigh an Rialtas freisin go n-oibróidh Údarás na Gaeltachta go dlúth leis na Boird sna contaethe i gceist agus, mar is cuí, go ndéanfaidh an Údarás obair ar a son sna ceantracha Gaeltachta.
Le gairid d'iarr me ar Bainisteoirí Contae agus Cathair dul ar aghaidh le próiséis chun na Boird a chur ar bun ar a mbeidh baill tofa rialtas áitiúl, na páirtithe sóisíalta, na heagraíochtaí Stáit agus heagraíochtaí áitiúil idir deonach agus eile. Tá súil agam go mbeidh páirt le glacadh ag oifigigh de chuid Údarás na Gaeltachta i ndóigh éigin, b'fhéidir i gcás-anna ar na Boird féin nó ar fo-choistí dena Boird sna contaethe atá i gceist. Tá seo ag brath go mór ar na contaethe féin agus na daoine i gceist iontu.