(Donegal South-West): Tógfaidh mé Ceist 7 agus Ceist Scríofa 118 le chéile.
Fuair mé iarratas dá leithéid le déanaí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tuigtear dom nach bhfuil an droichead atá ann oiriúnach do thrácht an lae inniu agus, mar a luadh mar fhreagra ar Cheist ón Teachta ar an 29 Aibreán, measadh i 1983 go gcosnódh sé £600,000 chun droichead nua a thógáil ag an áit. Le himeacht ama, níl aon amhras ach go mbeadh an costas anois i bhfad níos airde.
Ceapadh scéim mo Roinne-se chun freastal go príomha ar bhóithre áise agus bóithre portaigh. Soláthar £200,000 atá ar fáil i mbliana chun freastal ar na ceantair Ghaeltachta uile. Is léir mar sin nach féidir le mo Roinnse freastal ar thogra ollmhór faoi mar atá i gceist sa chás seo.
Aithním, ar ndóigh, go bhfuil fadhb le réiteach sa chás áirithe seo agus beidh mé i dteagmháil leis an Aire Comhshaoil féachaint an féidir teacht ar fhoinse airgid chun a chumasú don chomhairle chontae cibé obair atá fíor-riachtanach a chur i gcrích.