Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jul 1993

Vol. 433 No. 6

Written Answers. - Irish Language Seminar.

Austin Deasy

Question:

15 Mr. Deasy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will initiate an Irish language seminar for British broadcasters, who frequently have considerable difficulty in pronouncing Irish place names and other aspects of the Irish language.

Donegal South-West): Eagraíonn Bord na Gaeilge, i bpáirt le RTE, cúrsaí Gaeilge do chraoltóirí nuachta RTE ó am go chéile. Bheinn sásta tacaíocht a thabhairt don saghas cúrsa atá luaite ag an Teachta sa Cheist dá gceapfainn go raibh éileamh air.

Ní miste a mheabhrú freisin go bhfuil córais seanbhunaithe ann idir údaráis chraolacháin chun eolas a mhalartú faoi fhoghraíocht ar logainmneacha agus ar théarmai deacra i dteangacha eile. Tuigim go gcuireann RTE a leithéid de chomhairle faoi fhoghraíocht na Gaeilge ar fáil d'Údaráis chraolacháin na Breataine go rialta.

Top
Share