Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jul 1993

Vol. 433 No. 6

Written Answers. - Foghlaim na Gaeilge sa Bhaile.

Michael McDowell

Question:

18 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na céimeanna atá á dtógáil aige chun déileáil go héifeachtach leis an laghdú ar an méid leanaí ón nGaeltacht atá ag foghlaim na Gaeilge sa bhaile.

Donegal South-West): Ní léir dom go bhfuil cruthúnas ann go bhfuil laghdú ar an méid leanaí sa Ghaeltacht atá ag foghlaim Gaeilge sa bhaile. Ceann de na scéimeanna atá ag mo Roinnse atá dírithe ar aosóg na Gaeltachta agus a bhfuil labhairt na Gaeilge mar phríomh aidhm aici ná Scéim Deontas Labhairt na Gaeilge. Cé go bhfuil laghdú beag le feiceáil ar líon iomlán na ndaltaí a fuair cúnamh faoin scéim sa scoilbhliain 1991-92, tá ardú beag le feiceáil ar líon na ndaltaí bunscoile a fuair cúnamh sa scoilbhliain sin.

Chun cur le héifeacht na scéime áirithe sin tá athbhreithniú déanta ag mo Roinnse ar an scéim ina iomláine agus tá sé i gceist agam scéim nua a thabhairt isteach go luath. Beidh an scéim nua dírithe ar theaghlaigh seachas ar dhaltaí aonaracha, faoi mar a bhí go dtí seo. Fógrófar an scéim nua nuair a bheidh na sonraí socraithe.

Top
Share