Proinsias De Rossa
Question:19 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige iallach a chur ar bhaill Údarás na Gaeltachta dearbhú a dhéanamh i leith leasanna i gcomhlachtaí.
Vol. 433 No. 6
19 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige iallach a chur ar bhaill Údarás na Gaeltachta dearbhú a dhéanamh i leith leasanna i gcomhlachtaí.
Donegal South-West): Tá nósanna imeachta le haghaidh nochtadh leasa ag comhaltaí Bord Chomhlachtaí Stáit i bhfeidhm agus baineann an córas sin le Údarás na Gaeltachta chomh maith le Boird Stáit eile. Freisin ní foláir do Chathaoirleach an Údaráis, an tráth céanna is a chuirtear an tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Aire, a dhearbhú gur comhlíonadh an cód iompair le haghaidh comhaltaí atá ag an eagraíocht, a bhfuil na nósanna imeachta le haghaidh nochtadh leasa mar chuid de.