Tá mé buíoch den bhuíochas — más ceadmhach dom é a chur mar sin — a nocht an Teachta Molloy. Is feasach dom an tábhacht a bhaineann le hobair an comhchoiste, mar bhí mé féin in mo bhall de tráth ach tuigeann an Teach na deacrachtaí a bhí ann dom. An t-oifigeach seo, tá sé faoi réir chúraimí an Tí seo. Chomh maith leis sin tá crúog oibre ar m'fhoireann laistigh den Roinn agus, ag an am céanna, tá orainn socruithe a dhéanamh leis an Roinn Airgeadais. Ach, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an cheist ar fad, cheap mé go raibh obair an Chomhchoiste chomh tábhachtach sin — agus tá sé mar pholasaí agam úsáid na Gaeilge a leathnú i dTithe an Oireachtais — gur shocraigh mé ar an chinneadh a dhéanamh.