Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jul 1993

Vol. 433 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas do Chainteoirí Gaeilge sa Ghalltacht.

6. D'fhiafráigh

den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist an deontas do thuismitheoirí nó caomhnóirí daltaí áirithe arb í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh a íoc le tuismitheoirí nó caomhnóirí a bhfuil cónaí orthu sa Ghalltacht ach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge i bhfianaise an mhéid daoine atá anois ag tógáil a gclann le Gaeilge agus an mhéid Gaelscoileanna atá lasmuigh den Ghaeltacht.

Donegal South-West): Is chun úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga pobail a chaomhnú agus a láidriú sa Ghaeltacht atá an scéim sin dírithe. Cé gur cuireadh in iúl don Teach ar 9 Márta 1993 go bhfuil an scéim á leasú, níl i gceist faoi láthair ar aon nós an deontas a íoc i leith teaghlaigh lasmuigh den Ghaeltacht.

Bhí mé ag súil leis an chineál sin freagra ach aithním ag an am céanna go bhfuil smaoineamh úr nua tugtha isteach sa Roinn ag an Rialtas seo agus molaim é sin. Iarraim ar an Aire, nó ar an hAirí, a aithint chomh maith go bhfuil, cuir i gcás, dhá scoil lánGhaeilge ina dháilcheantar féin agus scoileanna lán Ghaeilge ar fud na tíre agus a lán teaghlach ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Dá bharr sin, ba mhaith liom a fhiafraí, an leagfaidh sé amach téarmaí tagartha, fiú don scéim dheontaise chun an Ghaeilge ar fud na tíre a threisiú. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios aige gur Baile Atha Cliath an Ghaeltacht is mó sa tír, ó thaobh labhairt na Gaeilge de. Is ceist Ghaeilge í seo dála cheist na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta agus aithním na deacrachtaí ansin leis. Sin í an cheist agus, má tá téarmaí tagartha ann gur féidir linn dul sa treo sin, measaim gur dul chun cinn é.

(Donegal South-West): Aontáim leis an Teachta cé chomh tábhachtach is atá an chathair seo ó thaobh chaomhnú agus fhorbairt na Gaeilge de agus go bhfuilimid ag brath go mór ar an chathair má táimid chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn. Ó thaobh na nGaelscoileanna de, glacaim leis go bhfuil siad fíorthábhachtach, go bhfuil 73 bunscoileanna lán Ghaeilge agus 16 iar-bhunscoileanna lán Ghaeilge ag feidhmiú lasmuigh den Ghaeltacht agus go bhfuil breis agus 10,000 scoláire i gceist sna scoileanna seo. Tá deis ag daltaí taobh amuigh den Ghaeltacht nach bhfuil ag daltaí na Gaeltachta féin. Tá na coláistí samhraidh acu agus go leor ag freastal ar na coláistí sin agus molaim na tuismitheoirí go mór as a gcuid páistí a chur chun na gcoláistí sin. Leanfaidh an Roinn nua Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir ar aghaidh chun lántacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí atá á ndéanamh.

Más leor moladh b'fhéidir nach gá deontas, ach níl mé a rá sin. Aithním go bhfuil an moladh ann ach feicim chomh maith go raibh, de réir mar a thuigim, deontas ar fáil. An bhfuil sé sin fíor go raibh an deontas ar fáil do theaghlaigh taobh amuigh den Ghaeltacht roinnt blianta ó shin? Chuala mé go raibh a leithéid ar fáil agus ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil sé fíor. Idir an dá linn, an bhfuil an tAire Stáit a rá liom, mar sin, mura bhfuil aon athrú le teacht ar an scéal gur cheart do na teaghlaigh Ghaeilge sa Ghalltacht éirí as bheith ina gcónaí sa Ghalltacht agus bogadh chun na Gaeltachta chun a bheith páirteach sa scéim. Más mar sin atá an scéal, tá sé beagáinín cosúil le Cromail tráth a mhair sé.

(Donegal South-West): D'fhéadfaí é a rá bealach eile, gur cheart do mhuintir na Gaeltachta dul lasmuigh den Ghaeltacht agus go bhfaigheadh siadsan na deontais le haghaidh na gcoláistí samhraidh agus na mbunscoileanna. Ach, mar a dúirt mé sa fhreagra, táimid, i láthair na huaire, ag breathnú ar an scéim dheontais faoi labhairt na Gaeilge agus tá súil agam go mbeidh an scéim seo i bhfeidhm ag tús mhí Meán Fómhair.

Ar ndóigh, tá airgead teoranta ach ní féidir an Ghaeilge agus an cultúr a chaomhnú le hairgead amháin mura bhfuil an spiorad ann — agus glacaim leis go bhfuil an spiorad ann. Taobh istigh den soláthar airgid atá againn táimid ag déanamh ár ndíchill chun an cuidiú cuí a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus na Galltachta araon.

Top
Share