Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Oct 1993

Vol. 434 No. 2

Written Answers. - School Transport.

Bernard J. Durkan

Question:

419 Mr. Durkan asked the Minister for Education if she will restore free transport facilities to a person (details supplied) in County Kildare who was attending a special school until recently; her views on the need for special provision in these circumstances; if she will have arrangements made to have the case fully investigated in an effort to meet the needs of this person; and if she will make a statement on the matter.

The student in question resides 8.1 miles from the special school and had been in receipt of special school transport since 1981.

However, in recent times both the school authorities and Bus Éireann have indicated that transport on the special service is no longer possible because of difficulties in lifting the boy on and off the bus.
In the circumstances, my Department has offered an annual transport grant of £520 to his parents to assist towards the cost of private transport arrangements to the school.

Eamon Gilmore

Question:

423 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Oideachais má tá cothú agus forbairt na Gaeilge mar chúram ar an Aire, an bhfuil aon tionscnaimh ar súil aici chun a chinntiú go bhfuil foirgneamh scoile ar fáil do thuismitheoirí atá ag iarraidh oideachas trí Ghaeilge a sholáthar i gcomhair a gclann.

: Bíonn mo Roinn sásta aitheantas a thabhairt do scoil nua lánGhaeilge nuair a theastaíonn ó thuismitheoirí go bhfaigheadh a gcuid páistí oideachas trí Ghaeilge, nuair a chuirtear tairiscint réasúnta faoi bhráid le scoil nua a bhunú, nuair nach mbíonn scoil lánGhaeilge cheana féin san aichearracht agus nuair is dóigh go bhfreastalódh dóthain páistí ar an scoil.

Aitheantas coinníollach amháin a thugtar do scoil nua lánGhaeilge i dtús báire go dtí go mbítear sásta go n-éireóidh léi. Le linn na tréimhse sin, a mhaireann roinnt bhlianta, is cúram é d'údaráis na scoile cóiríocht shealadach a chur ar fáil. Bíonn mo Roinn sásta deontas a íoc i leith costais cíosa, áfach.

Féachtar le cóiríocht bhuan a chur ar fáil do scoil lánGhaeilge a luaithe is a thugtar aitheantas seasmhach di. Anois go bhfuil líon na bpáistí sna bunscoileanna ag titim agus seomraí agu fiú scoileanna follamh, féachtar, mar chéad rogha, le cóiríocht fhollamh a fháil agus a chur in oiriúint don scoil lánGhaeilge. Mura n-éiríonn leis sin, cuirtear scoil nua ar fáil. Toisc go bhfuil teorainn leis an gcaipiteal atá ar fáil do na scoileanna, caithfear tionscnaimh tógála a bhaineann le scoileanna lánGhaeilge a mheas agus a chur in ord tosaíochta i dteannta tionscnaimh tógála sna bunscoileanna go léir.

Proinsias De Rossa

Question:

424 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Oideachais an bhfuil aon scrúdú déanta ag an Roinn Oideachais ar an siollabas Gaeilge a mhúintear do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta, ó thaobh sásúlachta agus oiriúnachta, do pháistí le Gaeilge mar theanga dhúchais acu.

: I gcás scoileanna náisiúnta, do mhol an chomhairle aithbhreithnithe don Churaclam Bunscoile ina tuarascáil sa bhliain 1990 go mbeadh struchtúr an tsiollabais nua a bhí á mholadh acu don ábhar Gaeilge sách so-lúbtha le go bhféadfaí freastal ar riachtanais na ndaltaí i scoileanna na Gaeltachta.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag gabháil de shiollabais nua i nGaeilge a ullmhú do scoileanna náisiúnta. Sa chlár oibre a d'fhoilsigh an Chomhairle i Mí na Márta seo caite, cuireadh in iúl go raibh coistí siollabais na Comhairle ag díriú ar cheithre chinéal scoile, orthu san scoileanna Gaeltachta go sonrach.

I gcás scoileanna iarbhunoideachais, níl na siollabais san Teastas Sóisearach i bhfeidhm ach le tamall beag agus tógfaidh sé roinnt ama chun iad a mheas i gceart. Tá aithbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta ag an gComhairle Curaclaim is Measúnachta.

Top
Share