Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 6, 7, 10, 22, 30, 37, 51, 99, 104 agus 110 le chéile.
Tá an Rialtas tar éis cead a thabhairt dom treoir a thabhairt do RTÉ tús a chur láithreach leis an obair thógála ar ghréasán tarchuradóirí, i gcaoi is go mbeidh an glacadh is foreleithne is féidir ag tús craolta na seirbhíse, agus ar nascghréasán microthonn agus áiseanna láithriúcháin agus clár-léiriúcháin a ghabhann leo, ag ceanncheathrú Theilifís na Gaeilge, a bheidh lonnaithe i gceantar Bhaile na hAbhann/An Tulach, i nGaeltacht na Gaillimhe, agus freisin i nDomhnach Broc, i mBaile Atha Cliath.
Tá an Rialtas tar éis údarás a thabhairt dom freisin treoir a thabhairt do RTÉ gurb iad a bheidh freagrach as earcú fóirne agus as coimisiúnú cláracha don tseirbhís nua, fad is atáthar ag ullmhú struchtúr reachtúil neamhspleách do Theilifís na Gaeilge. Táthar ag iarraidh ar RTÉ Comhairle naonúir a cheapadh faoi alt 21 den Acht Craolacháin, 1960, chun comhairle a chur ar Údarás RTÉ maidir le fostú fóirne ar chonradh agus maidir le coimisiúnú cláracha roimh thús craolta na seirbhíse nua. Bhí cruinniú agam cheana féin le Cathaoirleach Udarás RTÉ agus leis an bPríomh-Stiúrthóir chun iad a chur ar an eolas maidir le cinneadh an Rialtais.
Déanfar maoiniú ar an gcostas capitil a ghabhann le bunú na seirbhíse as an mbarrachas airgid, £17.9 milliúin a bhí carntha de bhreis ar an srian a bhí i bhfeidhm ar ioncam fógraíochta RTÉ. Chuir RTÉ £13.4 mhilliún den iomlán sin ar fáil don Státchiste faoi réir an Achta Airgeadais, 1993. De réir na meastachán atá curtha ar fáil dom, beidh costas iomlán caipitil £17.35 mhilliún ag dul leis an togra seo. Caithfear tuairim £6 mhilliún den méid sin sa bhliain 1994. Tá an t-airgead seo i dtaisce i gcuntas ar leith ag RTÉ agus ní bheidh aon airgead Státchiste ag teastáil chuige seo sa bhliain 1994. Beidh costas reatha £3 mhilliún i gceist, áfach, sa bhliain 1994 agus caithfear an t-airgead sin ar earcú fóirne, ar chúrsaí oiliúna agus ar ullmhú cláracha. Cuirfear an costas reatha sin ar fáil i bhfoirm deontais-i-gcabhair do RTÉ trí Vóta mo Roinne-se.
Mar a mhínigh mé i bhfreagra don Teach ar 4 Samhain, meastar go gcosnódh trí uair a chloig de chláracha in aghaidh an lae tuairim £16 mhilliún sa bhliain. Anuas ar sin bheadh costas £5 mhilliún breise in aghaidh na bliana i gceist i ndáil le costais reatha eile na seirbhíse. Tá sé i gceist, áfach, go gcuirfeadh REÉ, mar chuid dá sheirbhís phoiblí, uair a chloig de chláracha ar fáil in aghaidh an lae, gan chostas do Theilifís na Gaeilge. Chiallódh sin go mbeadh glanchostas reatha £16 mhilliún sa bhliain ag baint le Teilifís na Gaeilge i luachanna an lae inniu.
Idir seo agus an túsdáta craolta, tá fúm fiosrú a dhéanamh foai na bealaí ina bhféadfaí na meastacháin sin a laghdú. Beidh mé, i gcomhairle leis an aire Airgeadais, ag fiosrú modhanna ina bhféadfaí an caiteachas sin a mhaoiniú. Faoi mar atá luaite sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta, tiocfaidh an chuid is mó den airgead ón Státchiste. Nílim ag smaoineamh ar aon ardú a chur ar an táille do cheadúnais teilifíse chun maoiniú a dhéanamh ar Theilifís na Gaeilge. Tá tús curtha le comhráitíle feidhmeannaigh de chuid Aontais na hEorpa féachaint an féidir cistíocht a fháil ón bhfoinse sin agus leanfar leis na fiosruithe sin.
Meastar go gcuirfear tús le craolta na seirbhíse nua i bhFómhar na bliana 1995. Ag glacadh leis go mbeidh maoiniú sásúil caipitil ar fáil don togra i 1995, bheinn ag súil go mbeadh suas le 90 faoin gcéad de dhaonra na tíre in ann an tseirbhís a ghlacadh ó thús craolta.
Tá dóchas agam go mbeidh an tseirbhís nua, ach í faoi lánseol, in ann fostaíocht a bhunú agus a bhuanú do bhreis agus dhá chéad duine san earnáil closamhairc, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Measter go mbeith suas le tríocha duine ar fad ar fhoireann bhuan an stáisiúin nua.
Faoi mar is eol do na Teachtaí, bhunaigh mé dhá choiste comhairleach, An Coiste Bunaithe agus An Coiste Teicniúil, mar chabhair do dhréachtadh na mion-mholtaí maidir le Teilifís na Gaeilge. Chuir mé san áireamh na moltaí a rinne an dá choiste sin agus mé ag ullmhú mo chuid moltáí féin, atá anois glactha leo ag an Rialtas.
Scrúdaigh an Rialtas an rogha faoina bhféadfaí an tseirbhís nua a chur ar cheann de na cainéil atá ag RTÉ cheann féin ach diúltaíodh don rogha sin ar mhórán cúiseanna.
Dearbhaíonn an méid atá sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta gur mar chainéil ar leith a bhunófaí Teilifís na Gaeilge agus tá an Rialtas ag seasamh leis an dearbhú sin. Cuireann RTÉ sceideal comhlántach cláracha ar fáil ar an dá chainéal teilifíse atá faoina stiúir. Dá mbeifí chun Teilifís na Gaeilge a chur ar cheann den dá chainéal sin, chaithfí sciar substaintiúil de sceideal an ardtráthnóna ar cheann de na cainéil a thabhairt don tseirbhís nua. Chuirfeadh a leithéid de shocrú srian iomarcach ar fhorbairt Theilifís na Gaeilge agus chuirfeadh sé isteach go mór freisin ar sceidil RTÉ. Bheadh deireadh leis an sceideal comhlántach atá RTÉ in ann a sholáthar faoi láthair agus bheadh deireadh freisin leis an solúbthacht sceidil a chuireann ar chumas RTÉ oll-chlúdach nach féidir a shárú a dhéanamh ar mhór-ócáidí.