Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Dec 1993

Vol. 437 No. 3

Written Answers. - Galway Job Losses.

Pádraic McCormack

Question:

39 Mr. McCormack asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the steps, if any, he is taking to replace the jobs lost as a result of the layoff of 87 workers at the Telemara factory in the Gaeltacht area of County Galway.

D'iarr mé ar Údarás na Gaeltachta gach iarracht a dhéanamh chun an oireadh post agus ab fhéidir a chaomhnú sa chomhlacht i gceist agus, mar thoradh ar sin, sábháladh 85 post. Ó shin i leith, tá 13 de na hoibrithe ar scaoileadh leo fostaithe ag an gcuideachta arís ar bhonn sealadach.

Tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an Údarás i gcónaí d'fhonn tograí fiúntacha a aimsiú don Ghaeltacht i gcoitinne. Tá dhá thogra á bplé ag an eagraíocht i láthair na huaire don cheantar na Ceathrún Rua ach tá sé ró-luath a rá go fóill cén toradh a bheidh ar na comhráite sin. Tig leis an Teachta glacadh leis, áfach, go leanfaidh an tÚdarás go díograiseach lena gcuid iarrachtaí ar mhaithe le fostaíocht bhreise a chruthú do mhuintir na háite.
Top
Share