Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Dec 1993

Vol. 437 No. 3

Written Answers. - Fostaíocht i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

101 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na tionscnaimh nua a bunaíodh agus na poist bhreise a cruthaíodh i gceantar Ghleann Cholm Cille le bliain anuas le cabhair ó Údarás na Gaeltachta nó óna Roinn féin.

Dinny McGinley

Question:

102 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na tionscnaimh nua a bunaíodh i agus an uimhir post nua a cruthaíodh i gceantar Gaeltachta Chloch Cheann Fhaola i rith 1993 le cabhair ó Údarás na Gaeltachta nó óna Roinn féin.

Tógfaidh mé Ceist a 101 agus Ceist a 102 le chéile.

I gcás mo Roinne agus na comhlachtaí Stáit agus eile faoina scáth, is é Údarás na Gaeltachta go príomha a chruthaíonn fostaíocht sa Ghaeltacht. Déanann an tÚdarás suirbhé bliantúil faoin bhfostaíocht i dtionscail Ghaeltachta a fuair cúnamh uathu. Níl torthaí an tsuirbhé do 1993 ar fáil go fóill.

Dinny McGinley

Question:

103 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfadh sé an méid iomlán post a cailleadh i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall i rith 1993 de dheasca iomarcaíochta agus na tionscail inar cailleadh iad.

, Donegal South West): Níl an t-eolas sonrach atá á lorg ag Údarás na Gaeltachta. Bailíonn an tÚdarás eolas faoin bhfostaíocht — méadú nó laghdú — i dtionscail a fuair cúnamh uaidh trí shuirbhé bliantúil. Náil na sonraí do 1993 ar fáil go fóill.

Top
Share